Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh Lá Náisiúnta Gan Tobac
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD gurb é inniu, Céadaoin an Luaithrigh, Lá Náisiúnta Gan Tobac na hÉireann (Dé Céadaoin an 17 Feabhra 2021).
Go traidisiúnta roghnaíodh go leor caiteoirí tobac in Éirinn Céadaoin an Luaithrigh chun éirí as tobac.
Dúirt an tAire:
"Is druga é an nicitín a chothaíonn andúil an-láidir. Glacann sé misneach agus tiomantas éirí as an tobac agus tréaslaím le gach caiteoir tobac a ghlacann an chéad chéim sin i dtreo saol níos folláine dóibh féin agus dóibh siúd timpeall orthu. Ní gá do chaiteoirí tobac é a dhéanamh leo féin. Tá seirbhís Éirigh As FSS ann chun comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil.
"Anois an t-am chun gníomhú mar léiríonn an fhianaise go bhfuil riosca níos airde ag daoine a chaitheann tobac maidir le hionfhabhtú COVID-19 agus tá seans níos mó ann go mbeidh drochthoradh acu ón ngalar i gcomparáid le daoine nach gcaitheann tobac.
"Is é an aidhm atá againn go mbeadh Éire saor ó thobac agus go rachaidh an galar, an míchumas agus an bás a bhaineann le húsáid tobac in éag.
"I mí na Bealtaine i mbliana, glacfaidh an Taoiseach agus mé féin, i dteannta le ceannairí stáit, ceannairí sláinte domhanda, an pobal eolaíochta agus ionadaithe na sochaí sibhialta páirt i gCruinniú Mullaigh Ceannairí Domhanda um Rialú Tobac. Is cúis bhróid d'Éirinn ár gcuid oibre maidir le rialú tobac agus táim ag tnúth le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe domhanda chun tuilleadh a dhéanamh i dtreo domhan atá saor ó thobac."
CRÍOCH