Fógra poiblí do dhaoine a bheidh ina gcónaí sna contaetha teorann nó ag tabhairt cuairt orthu Dé Domhnaigh an 23 Aibreán
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Idir 3 pm agus 4 pm Dé Domhnaigh an 23 Aibreán, beidh Rialtas na Ríochta Aontaithe ag tástáil seirbhís Foláireamh Éigeandála nua ar fud na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear Tuaisceart Éireann.
Tá seans ann go bhfaighidh daoine a bheidh ina gcónaí sna contaetha teorann nó ag tabhairt cuairt orthu teachtaireacht ar a bhfón nó a ngléas móibíleach, roimh fholáireamh fuaime agus creathadh a mhairfidh suas le deich soicind. Beidh an foláireamh éigeandála sin difriúil le cineálacha eile teachtaireachtaí amhail 'teachtaireachtaí téacs' SMS ó thaobh cuma agus fuaime de.
Fiú i gcás go bhfuil an gléas móibíleach socraithe go mód ‘tostach’ nó go mód ‘ná dúisigh mé’, gheofar an foláireamh fós. Ní gá do na gléasanna a bheith nasctha le WiFi ná le sonraí móibíleacha chun an foláireamh a fháil.
Ní gá do dhaoine a bheith imníoch ná aon ghníomh a dhéanamh.
In amanna, iompraíonn daoine soghonta, lena n-áirítear íospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus an fhoréigin baile, fóin fholaithe ar chúiseanna sábháilteachta pearsanta. Ba cheart d’aon duine atá i gcás den sórt sin agus arbh fhearr leo nach dtiocfadh fuaim as a bhfón a bhfón a chasadh as nó é a aistriú chuig 'mód eitleáin.'
De rogha air sin, féadfaidh úsáideoirí fóin a roghnú gan glacadh le foláirimh éigeandála (ar a ngléas), ach moltar, ar chúiseanna sábháilteachta daoine, gan é sin a dhéanamh. Moltar do dhaoine gan foláirimh éigeandála a dhíchumasú ach amháin nuair atá géarghá leis sin. Scríobh an Roinn Dlí agus Cirt chuig geallsealbhóirí, lena n-áirítear seirbhísí foréigin baile agus carthanais foréigin baile, chun a chinntiú go ndéanfaí aon úsáideoirí soghonta fóin a bhfuil siad eolach orthu i réigiún na teorann a chur ar an eolas faoin bhfoláireamh.
Sheol an Ríocht Aontaithe seirbhís Foláireamh Éigeandála nua ar fud na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann Dé Domhnaigh an 19 Márta 2023. Leis an tseirbhís sin, cuirtear ar chumas Rialtas na Ríochta Aontaithe teachtaireacht a sheoladh chuig gach gléas móibíleach chun rabhadh a thabhairt faoi éigeandáil atá bagrach don bheatha in aice láimhe, mar shampla adhaimsir, diantuile nó dóiteán. Tá sé mar aidhm leis an tseirbhís faisnéis shoiléir a thabhairt chun cabhrú le daoine a choinneáil sábháilte.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.gov.ie/alerts.
CRÍOCH
Thug Rialtas na Ríochta Aontaithe samplaí den chuma a bheidh ar an bhfoláireamh éigeandála agus den fhuaim a bheidh ag gabháil leis. Tabhair cuairt ar www.gov.uk/alerts/announcements agus YouTube.
Leis an gCód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Treoir ón Aontas Eorpach), ceanglaítear ar na Ballstáit córas foláireamh téacs éigeandála náisiúnta atá bunaithe ar an bhfón póca a bheith i bhfeidhm acu. Tugann an tAontas Eorpach Córas Rabhadh Poiblí air sin. Tá an córas deartha chun go mbeidh sé in ann rabhadh a thabhairt do shaoránaigh faoi gharbhaol don bheatha mar gheall ar aimsir an-dian nó ar thubaiste nádúrtha, i gcás gur gá dul i mbun gnímh lom láithreach.
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag obair i ndlúthchomhar leis an Oifig Pleanála Éigeandála sa Roinn Cosanta chun dul chun cinn a dhéanamh ar Chóras Rabhadh Poiblí d’Éirinn.