Cuireann an tAire Donnelly a ainm le bearta chun srianta taistil sealadacha a chur i bhfeidhm
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shínigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., rialacháin oíche aréir a thabharfaidh córas coraintín éigeantaigh isteach i measc daoine a thagann isteach sa Stát. Tá feidhm ag na rialacháin seo ó mheán oíche aréir.
Bronntar éifeacht sna rialacháin ar an gcinneadh a rinne an Rialtas le déanaí córas coraintín éigeantaigh sa bhaile a chur i bhfeidhm.
Faoi na rialacháin seo, caithfidh paisinéirí a thagann isteach sa stát ó cheann scríbe ar bith coraintín a dhéanamh ar feadh 14 lá ag an seoladh a shonraítear ar a bhFoirm Aimsithe Paisinéara, agus gearrfar pionóis ar neamhchomhlíonadh. Fíneáil a mhéid le €2,500 nó 6 mhí i bpríosún, nó an dá rud, atá i gceist leis na pionóis seo.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D.:
“De réir chomhairle sláinte poiblí shoiléir an Rialtais, ba cheart do gach duine taisteal nach bhfuil bunriachtanach a sheachaint go hiomlán. Shínigh mé rialacháin bhreise oíche aréir a bhronnann bonn reachtúil ar choraintín éigeantach a dhéanamh sa bhaile. Caithfidh gach duine a thaistealaíonn isteach sa tír fanacht sa bhaile anois agus is é an Garda Síochána a dhéanfaidh é seo a chur i ngníomh.”
“De bhreis air sin, de réir ár gcomhairle sláinte poiblí, ba cheart do dhaoine ar gá dóibh coraintín éigeantach a dhéanamh féinaonrú a dhéanamh laistigh dá dtithe chun cabhrú leo siúd timpeall orthu a chosaint. Tá obair bhreise á déanamh ar reachtaíocht bhreise chun coraintín éigeantach a chur i bhfeidhm ag saoráid ainmnithe dóibh siúd a thagann ó thíortha ina bhfuil athraithigh atá ina gcúis bhuartha, cosúil leis an mBrasaíl agus an Afraic Theas, agus cuirfear i bhfeidhm é a luaithe agus is féidir.”
Tá díolúintí teoranta ann ó choraintín a dhéanamh ar chúiseanna bunriachtanacha, ach ní bheidh siad i gceist ach má bhíonn géarghá iomlán leo, agus ní díolúine ghinearálta é seo. Bíonn súil leis go mbeidh coraintín á dhéanamh acu siúd atá díolmhaithe ag gach tráth eile. I measc na ndíolúintí, tá oibrithe a dhéanann príomhbhonneagar a dheisiú agus a chothabháil.
De bhreis air sin, beidh an chumhacht ag an Aire Sláinte, a ghníomhaíonn i leith chomhairle an Phríomhoifigigh Leighis, chun tíortha a ainmniú a gcruthaíonn taisteal uathu go hÉireann baol sláinte poiblí mar gheall go bhfuil athraithigh iontu is údar buartha. Stáit chatagóir 2 iad seo agus cuirtear srian breise taistil ar dhaoine a thagann isteach sa tír ó na stáit seo. Níl aon díolúintí ann maidir le daoine a thagann isteach sa tír ó stáit chatagóir 2 gan coraintín a dhéanamh, seachas ar chúiseanna éigeandála, mar shampla, duine a thaistealaíonn chuig an Stát ar chúiseanna leighis nach féidir a sheachaint, atá ríthábhachtach agus atá íogair ó thaobh ama.
Stáit chatagóir 2 iad tíortha ina bhfuil leitheadúlacht ard athraitheach atá ina n-údar buartha. Déantar an Bhrasaíl agus an Afraic Theas a chatagóiriú mar stáit chatagóir 2 faoi láthair. Caithfidh daoine a thaistealaíonn ó na háiteanna seo cloí leis an tréimhse iomlán aonraithe.
Cuireann na rialacháin seo síneadh freisin leis an riachtanas éigeantach go mbíonn toradh diúltach tástála um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (PCR) faighte ag gach paisinéir a thagann isteach sa stát. Is cion é mura bhfuil fianaise agat maidir leis an tástáil seo agus is féidir fíneáil a mhéid le €2,500 nó pianbhreith príosúin 6 mhí, nó an dá rud, a ghearradh ort dá bharr. Tá díolúintí an-teoranta ann nach gá an fhianaise seo maidir le tástáil a bheith agat - más oibrí bunriachtanach iompair thú, más Garda thú agus más pearsanra d’Óglaigh na hÉireann thú agus tú i mbun dualgas.
Tá tástáil le déanamh ar dhuine ar bith a thagann isteach sa stát gan tástáil PCR Fíor-Ama a bheith acu, laistigh de 36 uair an chloig i ndiaidh dóibh an stát a iontráil. Is cion é mura dtugann tú faoin tástáil agus is féidir fíneáil a mhéid le €2,500 nó pianbhreith príosúin a fhaide le 6 mhí, nó an dá rud, a ghearradh ort dá bharr.
Beidh ar dhaoine a thaistealaíonn ó Stát eile, agus isteach sa Stát trí Thuaisceart Éireann, toradh tástála PCR ‘neamhbhraite’ a bheith bainte amach acu agus beidh orthu cloí leis an gcóras coraintín reachtúil.