Feachtas feasachta maidir le tinte ealaíne 'Ná Déan Cúrsaí Níos Measa' seolta ag an Aire McEntee
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
________________________________________
22 Meán Fómhair, 2020
Tá sé iarrtha ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Helen McEntee TD, ar dhuine ar bith a bhfuil cathú orthu tinte ealaíne a úsáid ar Oíche Shamhna i mbliana na hoibrithe atá ar an líne thosaigh atá ag déileáil le Covid-19, chomh maith le daoine leochaileacha sa phobal a choinneáil i gcuimhne.
Bhí feachtas feasachta maidir le tinte ealaíne na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais á sheoladh ag Helen McEntee Uasal, feachtas a bhfuil sé mar aidhm leis béim a leagan ar na gortuithe a d'fhéadfadh tarlú agus ar an damáiste atá tinte ealaíne in ann a dhéanamh.
Thug an tAire ar aird chomh maith na pianbhreitheanna diana a d'fhéadfaí a ghearradh ar dhaoine dá gciontófaí iad as tinte ealaíne a cheannach, a dhíol nó a úsáid go mídhleathach. Dúirt an tAire McEntee:
"Tá pionóis atá chomh dian le fíneálacha €10,000 agus 5 bliana sa phríosún i gceist. Tá na pionóis seo dian mar go bhfuil na contúirtí atá i gceist thar a bheith tromchúiseach."
Déanfaidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais fógraí meán sóisialta dírithe ar dhaoine níos óige, a bhféadfadh rún a bheith acu tinte ealaíne a úsáid, a chur i bhfeidhm sna seachtainí amach romhainn.
Ach dúirt an tAire, a thug an t-ardú soiléir atá tagtha ar eachtraí a bhaineann le tinte ealaíne le cúpla seachtain anuas ar aird, go raibh sé tábhachtach ach go háirithe nach gcuirfí na seirbhísí éigeandála faoina thuilleadh brú i mbliana.
"Tá sé níos tábhachtaí i mbliana, thar aon bhliain eile, go gcuimhneoimis ar na hoibrithe atá ar an líne thosaigh agus ar na hoibrithe a bhfuil a ndualgas agus i bhfad níos mó déanta acu ó thús na paindéime. D'iarramar orthu iad féin a chur i mbaol sa troid in aghaidh Covid-19.
"Tá sos ó sheomraí éigeandála atá lán go béal le daoine atá gortuithe go dona de bharr tinte ealaíne mídhleathacha, gortuithe a d'fhéadfaí a sheachaint, tuillte acu ar Oíche Shamhna i mbliana. Chuirfeadh seo brú nach bhfuil aon ghá leis orthu.
"Ar an gcaoi chéanna tá an Garda Síochána, seirbhísí dóiteáin agus seirbhísí otharchairr na tíre ag cuidiú le pobail aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim agus ba cheart go dtabharfaí cead dóibh díriú ar an obair ríthábhachtach sin.
"Ná cuirimis leis na fadhbanna a bhfuil siad ag tabhairt aghaidh orthu cheana."
D'iarr an tAire ar dhaoine arís cuimhneamh ar dhaoine eile ina bpobail ar Oíche Shamhna na bliana seo.
"Tá a fhios againn gur féidir le húsáid mhídhleathach tinte ealaíne cur as go mór do go leor daoine. Iarraimid ar dhaoine nóiméad a ghlacadh agus cuimhneamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag tinte ealaíne ar na daoine atá ina gcónaí ina gceantar féin, agus cuimhneamh go háirithe ar an eagla a chuireann siad ar dhaoine níos sine nó ar dhaoine leochaileacha, gan trácht ar chomh mór is a chuireann siad as do pheataí.
"Tá go leor iarrtha againn cheana féin ar shaoránaigh níos sine na tíre le linn na paindéime seo. Chlutharaíodar agus chuireadar srian lena ngluaiseacht - agus ní theastaíonn uatha tuilleadh imní a bheith orthu de bharr tinte ealaíne a bheith ag pléascadh in aice baile."
Dheimhnigh an tAire go mbeadh a Roinn ag leanúint de thacaíocht a thabhairt d'obair an Gharda Síochána maidir leis seo.
“Ní hamháin go bhfuil tinte ealaíne contúirteach i lámha daoine nach bhfuil oiliúint orthu iad a úsáid ná ceadúnas acu iad a úsáid - tá siad in aghaidh an dlí. Pléascáin iad tinte ealaíne, pléascáin atá in ann éalang a fhágáil ar dhuine nó iad a mharú fiú.
"Labhair mé le Coimisinéir an Gharda Síochána agus leanfaimidne de gach is féidir linn a dhéanamh a dhéanamh d'fhonn díol agus úsáid mhídhleathach tinte ealaíne a chosc. Dhearbhaigh an Coimisinéir dom go bhfuil bearta á nglacadh cheana féin ag an nGarda Síochána chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhaineann le tinte ealaíne a úsáid chomh maith leis na deacrachtaí a bhaineann le mí-ord poiblí agus iompar frithshóisialta.
"Tugann an Garda Síochána faoi 'Oibríocht 'Tombola' gach bliain chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe ar fad a bhaineann le póilíneacht le linn thréimhse Oíche Shamhna. Cuireadh tús le hoibríocht 2020 breis is coicís ó shin i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath mar fhreagra ar an ardú atá tagtha ar úsáid tinte ealaíne gan cheadúnas.
"Tá ról againn ar fad i dtaca lenár bpobail a choinneáil slán ar Oíche Shamhna na bliana seo. Ná ceannaígí agus ná scaoiligí tinte ealaíne mídhleathacha. Ná cuirigí brú ar sheirbhísí túslíne na tíre. Ná cuirigí imní gan údar ar chomharsana aosta.
"Má oibreoimid le chéile agus má sheachnaímid tuilleadh fadhbanna a chruthú beimid ar fad ábalta sult a bhaint as Oíche Shamhna."
CRÍOCH