Faigheann an tAire Stáit an tuarascáil ón nGrúpa Oibre um Oideachas Cibearshlándála
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhreastail Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, inniu chun cóip a fháil den tuarascáil eatramhach dar teideal 'Gearrchúrsa Sraithe Sóisearaí i gCibearshlándáil a Fhorbairt'.
Sa tuarascáil sin, déantar measúnú ar Ghearrchúrsa i gCibearshlándáil a fhorbairt agus soláthraítear roinnt treorach ar na chéad chéimeanna eile chun an tionscnamh a chothú. Moladh sa Straitéis Cibearshlándála Náisiúnta 2019-2024 go bhforbrófaí an gearrchúrsa, agus é mar aidhm leis oideachas cibearshlándála a thabhairt isteach i meánscoileanna. Triaileadh an cúrsa i 20 iar-bhunscoil ar fud na tíre sa bhliain 2021/2022. Glactar ann cur chuige ildisciplíneach agus cuimsítear ann gnéithe de shíceolaíocht, de dhlí, d’eitic, de chumarsáid, de bhainistíocht géarchéime agus d’eolaíochtaí ríomhaireachta.
Bhuail an tAire Smyth leis an Ollamh Joe Carthy, Cathaoirleach an Ghrúpa Oibre, agus leis an Dr Rachel Farrell, Ceann na Foirne um Chur Chun Feidhme an Tionscadail, chun cluinstin faoi chur chun feidhme trialach an chúrsa. Chuimsigh an grúpa oibre ionadaithe ó Chumann Ríomh-Oideachais na hÉireann, ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ó Cyber Ireland agus ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála.
Ba í an fhoireann tacaíochta um chur chun feidhme an tionscadail ó Scoil an Oideachais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a d’fhorbair an tsonraíocht don chúrsa. Chomh maith leis sin, d’eagraigh sí seimineáir Ghréasáin agus d’fhorbair sí aonaid foghlama chun tacú le múinteoirí, thriail sí an gearrchúrsa, d’fhorbair sí an acmhainn ghréasánbhunaithe www.cyberwise.ie , agus, i mí na Bealtaine 2022, d’eagraigh sí lá foghlama comhroinnte do scoileanna, do mhúinteoirí agus do dhaltaí.
Tá an triail á fadú go ceann dhá bhliain eile anois chun ábhair an chúrsa a bheachtú, chun aiseolas cuimsitheach a fháil ó líon méadaithe scoileanna rannpháirteacha agus chun a iniúchadh conas is féidir an tionscnamh a chothú tar éis dheireadh thréimhse feidhme na Straitéise reatha Cibearshlándála Náisiúnta sa bhliain 2024.
Ag labhairt dó nuair a fuair sé an tuarascáil, dúirt an tAire Smyth:
"Tugtar leis an ngearrchúrsa seo deis iontach do dhaoine óga foghlaim faoi chibearshlándáil, go háirithe faoi conas is fearr is féidir leo a sonraí agus a ngléasanna a chosaint agus iad féin a chosaint ar deireadh ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha. Éascaítear leis an ngearrchúrsa freisin luathchonairí i dtreo roghanna gairme atá bunaithe ar STEM, rud a chabhróidh linn dul i ngleic leis an mbearna i scileanna cibearshlándála de réir mar a bhogaimid i dtreo geilleagar digiteach agus sochaí dhigiteach. Táim ag tnúth le cluinstin tuilleadh faoi chur chun feidhme na trialach seo."
CRÍOCH
Tosaíodh an cúrsa seo i mí Mheán Fómhair 2021, agus na scoileanna seo a leanas páirteach ann:
Tugtar ar an suíomh gréasáin saincheaptha www.cyberwise.ie acmhainní saor in aisce atá dírithe ar dhaltaí. Is mol digiteach do mhúinteoirí agus fóram idirghníomhach ar líne é freisin.
Tugtar na nithe seo a leanas sa tuarascáil eatramhach dar teideal ‘Gearrchúrsa Sraithe Sóisearaí i gCibearshlándáil a Fhorbairt’: faisnéis chúlra faoi fhorbairt an ghrúpa oibre agus na foirne um chur chun feidhme; faisnéis faoi na hacmhainní a soláthraíodh go dtí seo; mionsonraí faoi fhorbairt an ghearrchúrsa agus faoi ghníomhaíochtaí gaolmhara; faisnéis faoi na scoileanna rannpháirteacha; faisnéis faoi na hábhair acmhainní gréasánbhunaithe a forbraíodh; agus na príomh-mholtaí.
Foilsíodh an Straitéis reatha Cibearshlándála Náisiúnta i mí na Nollag 2019 agus tá sí ar fáil ar ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála.
I mBeart 12, luaitear go 'leanfaidh an rialtas lena chinntiú go bhforbrófar oiliúint dara leibhéal agus tríú leibhéal in eolaíocht ríomhaireachta agus i gcibearshlándáil agus go n-imscarfar an oiliúint sin' agus gealltar go dtacófar le gearrchúrsa Sraithe Sóisearaí i gcibearshlándáil a fhorbairt.