An tAire Donohoe chun fáilte a chur roimh rúnaí státchiste na Stát Aontaithe Janet L. Yellen le haghaidh sraith coinní
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirfidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe fáilte roimh Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe Janet L. Yellen go Baile Átha Cliath tráthnóna inniu (Dé Domhnaigh) roimh shraith coinní le ceannairí polaitiúla agus gnó.
Beidh cruinniú déthaobhach leis an Aire Donohoe, a bheidh páirteach in éineacht leis an Rúnaí i sraith imeachtaí a bheidh ar siúl Dé Luain, mar chuid den chlár. Is é seo an chéad chuairt a thug an Rúnaí Yellen ar Éirinn ó cheap Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, í chuig a Rialtas i mí Eanáir na bliana seo.
Ag labhairt roimh theacht an Rúnaí Yellen, dúirt an tAire Donohoe:
“Táim ag tnúth le fáilte a chur roimh Rúnaí an Státchiste, Janet Yellen, go hÉirinn tráthnóna inniu. Tá dlúthchaidreamh oibre forbartha agam leis an Rúnaí Yellen ónár chéad choinne ar Lá Fhéile Pádraig i mí an Mhárta seo caite. Bhuail mé leis an Rúnaí Yellen go pearsanta dhá uair i mbliana, i mí an Mheithimh ag cruinnithe G7 i Londain agus i mí Iúil nuair a bhuail sí le hAirí Airgeadais an Ghrúpa Euro sa Bhruiséil. Tá áthas orm go raibh an Rúnaí Yellen in ann glacadh le mo chuireadh cuairt a thabhairt ar Éirinn agus táim ag tnúth lenár gcoinní le linn a cuairte, rud a leagann béim ar thábhacht an chaidrimh idir Éireann agus na Stát Aontaithe agus na naisc eacnamaíocha thrasatlantacha idir Éireann agus na Stáit Aontaithe”.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Sceideal:
Ar an Luan 1 Samhain, beidh cruinniú déthaobhach ag an Rúnaí Yellen agus an Aire Donohoe i bhFoirgnimh an Rialtais. Tar éis na coinne sin, beidh preasócáid acu.
Níos déanaí sa lá, freastalóidh an Rúnaí Yellen agus an tAire Donohoe ar ócáid arna hóstáil ag Cumann Lucht Tráchtála Mheiriceá na hÉireann in Óstán Shelbourne. Buailfidh siad le ceannairí gnó na Stát Aontaithe agus na hÉireann chun plé a dhéanamh ar a ndearcthaí maidir leis an gCreat-Chomhaontú Cuimsitheach ECFE/G-20 um chánachas idirnáisiúnta. Beidh cuid den ócáid oscailte don phreas.
Tabharfaidh an Rúnaí Yellen agus an tAire Donohoe ráitis freisin ag Halla Naomh Pádraig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag ócáid a bheidh á hóstáil i gcomhpháirt ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha agus ag an Roinn Airgeadais. Beidh an ócáid oscailte don phreas agus déanfar í a bheoshruthú. Sonraí anseo: https://www.iiea.com/events/the-future-of-the-global-economy-us-and-irish-perspectives