Fógraíonn an Roinn Sláinte athrú ar mhuirir Dochtúirí Teaghlaigh as comhairliúcháin COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá straitéis sláinte poiblí na hÉireann maidir le COVID-19 a bhainistiú ag bogadh anois ó fhreagairt bunaithe ar thástáil agus rianú ionfhabhtaithe chun tarchur a laghdú, go céim maolaithe atá dírithe ar thionchar COVID-19 orthu siúd is leochailí a laghdú.
Mar thoradh ar an gclár vacsaínithe rathúil COVID-19, fuair beagnach 97% den daonra a bpríomhchúrsa vacsaíní. Ciallaíonn an chosaint a thairgeann vacsaíní agus teanndáileoga gur galar éadrom é COVID-19, ar féidir é a bhainistiú go héasca sa bhaile, d'fhormhór mór na ndaoine.
Ón Aoine an 9 Nollaig, agus de réir bheartas an Rialtais, ní bheidh Dochtúirí Teaghlaigh in ann a thuilleadh, ná ní bheidh siad fóirdheonaithe ag FSS, othair a atreorú chuig ionad tástála pobail, agus beidh aon othar príobháideach a fhreastalaíonn ar a ndochtúir teaghlaigh faoi réir na ngnáththáillí comhairliúcháin de réir mar is infheidhme ina gcleachtas Dochtúirí Teaghlaigh.
Tiocfaidh deireadh anois leis na bearta éigeandála a tugadh isteach i mí an Mhárta 2020, áit ar cuireadh cianchomhairliúcháin, atreoruithe chuig ionaid tástála pobail agus comhairliúcháin maidir le clinicí riospráide COVID-19 ar fáil saor in aisce.
Ní bheidh aon tionchar ag an athrú seo ar othair a bhfuil Cártaí Cuairte Dochtúra agus Cártaí Leighis acu.
Ní atreoróidh Dochtúirí Teaghlaigh othair a thuilleadh chuig ceann de na 29 ionad tástála pobail ach tá tairseach féin-atreoraithe FSS fós oscailte le haghaidh tástálacha ag na hionaid sin.
Ina theannta sin, íocfaidh FSS táille nua le Dochtúirí Teaghlaigh chun comhairliúcháin a chlúdach le hothair leochaileacha a n-éilíonn an Dochtúir Teaghlaigh toradh tástála COVID-19 ina leith chun cur le diagnóis agus le bainistíocht an othair sin, amhail iad siúd a bhainfeadh leas as oideas an chógais fhrithvíreasaigh COVID-19 Paxlovid.
Is féidir le Dochtúirí Teaghlaigh othair leochaileacha a thástáil le linn comhairliúcháin inar gá go cliniciúil COVID-19 a dhiagnóisiú agus a chóireáil seachas an t-othar a tharchur chuig ionad tástála COVID-19 FSS.
Íocfar an táille €55 seo maidir le hothair a aicmítear mar othair atá i mbaol a bheith tinn mar thoradh ar COVID-19, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm Dé hAoine an 9 Nollaig.
Cé nach moltar tástáil COVID-19 a thuilleadh don tromlach, tá sé ríthábhachtach go leanann gach duine de na Treoirlínte Sláinte Poiblí go léir mar a foilsíodh ar HSE.ie, agus gur cheart do dhuine ar bith a bhfuil siomptóim COVID-19 air leanúint ar aghaidh ag féin-aonrú go dtí 48 uair an chloig tar éis na siomptóim a bheith réitithe go substaintiúil nó go hiomlán.
Moltar cóireáil le haghaidh COVID-19 le cógas frithvíreasach Paxlovid faoi láthair do dhaoine atá i mbaol go n-éireodh siad go dona tinn mar thoradh ar COVID-19.
Aithníodh go bhfuil na grúpaí othar seo a leanas i mbaol ó COVID-19:
Féadfar othair a mheas freisin le haghaidh Paxlovid má tá siad: