Fógraíonn an hAirí Foley, Madigan agus Byrne mionsonraí maidir le breis agus €10.5 billiún de mhaoiniú oideachais i mBuiséad 2024.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD, in éineacht leis an Aire Stáit don Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Josepha Madigan TD agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas Thomas Byrne TD, mionsonraí maidir le hinfheistíocht gan fasach de €10.5 billiún san Oideachas agus i Scoileanna i mBuiséad 2024.
I mBuiséad 2024, cuirtear méadú de €421 milliún i mbunmhaoiniú reatha ar fáil, chomh maith le breis agus €80 milliún i mbunmhaoiniú caipitil. Chomh maith leis sin, tá €170 milliún sa bhreis á chur ar fáil mar chuid de na tacaíochtaí don chostas maireachtála agus Covid-19. Tógann na cistí breise seo ar na méaduithe suntasacha sna buiséid le blianta beaga anuas agus cuireann siad leis an infheistíocht i gcóras bunscolaíochta agus iar-bhunscolaíochta na hÉireann. Ciallaíonn an infheistíocht shuntasach, bhreise seo gurb é seo an buiséad Oideachais is mó riamh i stair an Stáit agus léiríonn sé go bhfuil an rialtais tiomanta do chóras scoile cuimsitheach ar ardchaighdeán agus do thorthaí foghlama níos fearr do gach scoláire.
I measc na bpríomhghnéithe tá:
• Maoiniú de thuairim is €67 milliún do leabhair scoile saor in aisce agus d'acmhainní seomra ranga do scoláirí na Sraithe Sóisearaí. Ciallaíonn sé sin go mbeidh infheistíocht iomlán de thart ar €115 milliún á déanamh i leabhair scoile saor in aisce ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
• Níos mó ná €20 milliún de mhaoiniú caipitíochta sa bhreis chun cabhrú le scoileanna anois agus amach anseo costais reatha ó lá go lá atá méadaithe a sheasamh. Tacóidh sé sin le maoiniú do na bunscoileanna agus do na hiar-bhunscoileanna a athbhunú go buan, agus déanfar an bunráta caipitíochta a ardú go dtí €200 in aghaidh an scoláire i mbunscoileanna agus go dtí €345 in aghaidh an scoláire in iar-bhunscoileanna.
• Ina theannta sin, chun tacaíocht ar leith a thabhairt do scoileanna i mbliana mar thoradh ar bhrú ón mboilsciú, tá €60 milliún sa bhreis de thacaíochtaí don chostas maireachtála faighte ag an Aire Foley agus íocfar é sin leis na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna go léir sa scéim saoroideachais.
• €92 milliún mar mhaoiniú breise don Scéim Iompair Scoile chun áiteanna breise a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, costais bhreise a bhaineann le conraitheoirí busanna agus laghdú leanúnach ar tháillí iompair scoile.
• €82 milliún do 1,216 Cúntóir Riachtanas Speisialta sa bhreis agus do 744 Múinteoir Riachtanas Speisialta Oideachas sa bhreis i seomraí ranga agus mar thoradh air sin beidh 2,700 áit nua ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
• €11 milliún sa bhreis á sholáthar do scoileanna speisialta a fhreastalaíonn ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun an tairseach do cheapadh Leas-Phríomhoide Riaracháin a bhaint agus soláthar a dhéanamh do 100 post múinteoireachta sa bhreis.
• €20 milliún i maoiniú don Chlár Samhraidh Feabhsaithe a mbeidh €40 milliún san iomlán mar mhaoiniú aige do shamhradh na bliana 2024.
• Leithdháileadh breise d’athchóiriú curaclaim, lena n-áirítear maoiniú chun dlús a chur le feidhmiú céimneach an chláir um Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí agus tionscnaimh bhreise maidir le gníomhaíocht choirp a sholáthar i scoileanna.
• Leithdháileadh breise maidir le bearta um ionchuimsiú sóisialta, lena n-áirítear cur le hacmhainn Sheirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla agus poist bhreise d’oifigigh leasa oideachais.
• Soláthar déanta chun leanúint le seirbhísí comhairleoireachta ar bhonn píolótach ar feadh bliain eile.
• Gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le soláthar múinteoirí trí scéim dreasachta chun táillí a bhaineann leis an Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO) a aisíoc go páirteach agus cláir uasoiliúna do mhúinteoirí d’ábhair a bhfuil ardéileamh orthu.
• Poist freagracha sa bhreis á leithdháileadh chun cabhrú le ceannaireacht agus bainistíocht i scoileanna.
• Leithdháileadh caipitil de €940 milliún do 2024 chun chur le hacmhainn fhíor-riachtanach i scoileanna trí scoileanna nua a thógáil agus cóiríocht bhreise a sholáthar i scoileanna atá ann cheana féin.
• Faoi Thionscadal Éireann 2040, gheobhaidh earnáil na scoileanna infheistíocht chaipitil de thuairim is €4.4 billiún san iomlán sa tréimhse 2021-2025.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Is mór an chúis áthais dom €10.5 milliún de mhaoiniú iomlán a bheith faighte agam don Oideachas i mBuiséad 2024. Cinntíonn an t-ardú suntasach sin ar mhaoiniú go bhfuil an buiséad iomlán is airde riamh againn dár mbunscoileanna agus dár n-iar-bhunscoileanna. Cinnteoidh an maoiniú go dtiocfaidh laghdú leanúnach ar chostais do theaghlaigh; go leanfar de bheith ag dul i ngleic le míbhuntáiste agus go gcuirfear tacaíochtaí breise ar fáil chun oideachas ionchuimsitheach a chosaint do na pobail scoile go léir.
“Níor cheart go mbeadh ardú ar an gcostas maireachtála mar bhac riamh ar eispéireas daltaí agus scoláirí agus iad ag freastal ar an scoil. I mbliana, den chéad uair riamh, bhain teaghlaigh leanaí bunscoile buntáiste as an scéim chinniúnach maidir le leabhair scoile saor in aisce agus achmhainní seomra ranga. Inniu, táim thar a bheith sásta a fhógairt go bhfuil Scéim na Leabhar Scoile Saor in Aiste agus na nAcmhainní Seomra Ranga á leathnú chuig na scoláirí go léir a bhfuil rochtain á fáil acu ar chlár na Sraithe Sóisearaí. Tá infheistíocht de €67 milliún á déanamh sa tionscnamh buan seo agus bainfidh tuairim is 212,000 scoláire agus a dteaghlaigh leas as agus cuireann sé leis an 558,000 leanbh i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta a bhain leas as an tionscnamh seo an bhliain seo caite.
“Cuirfidh Buiséad na bliana seo maoiniú spriocdhírithe ar fáil do phobail scoile agus méadú de bhreis agus €81 milliún tagtha ar chaipitíocht, €21 milliún i mbunmhaoiniú buan. Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil €60 milliún sa bhreis faighte mar mhaoiniú sealadach a chabhróidh le scoileanna a bhfuil costais reatha sa bhreis orthu amhail teas agus leictreachas.
“Ina theannta sin, cuirfear maoiniú spriocdhírithe sa bhreis ar fáil don ionchuimsiú sóisialta agus do thacaíochtaí oideachais a chabhraíonn le soláthar leanúnach de chórais scoile agus oideachais atá ar ardchaighdeán agus ionchuimsitheach a éascú agus chun torthaí foghlama níos fearr a chur chun cinn do dhaltaí agus do scoláirí.
“Mar iarracht bhreise chun rochtain ar an scoil agus ar an oideachais a fheabhsú do theaghlaigh scoláirí ar fud na tíre, tá áthas orm go bhfuil ar mo chumas maoiniú breise de €92 milliún a chur ar fáil don Scéim Iompair Scoile.
“Le trí bliana anuas, tá infheistíocht déanta againn sa Scéim Samhraidh Feabhsaithe, chun tacú le scoláirí atá i mbaol ó mhíbhuntáiste oideachais agus chun cabhrú le cailliúint oideachais de bharr na paindéime a mhaolú. Bhí an-rath ar an gclár go dtí seo agus mar sin cuireann sé an-áthas orm a fhógairt go gcuirfear €20 milliún sa bhreis ar fáil arís don scoilbhliain seo. Bhí an clár thar a bheith luachmhar do scoláirí agus dá dteaghlaigh agus tá fás leanúnach ag teacht air maidir le héileamh agus tionchar. “Tá maoiniú faighte freisin agam chun síneadh a chur leis na seirbhísí comhairleoireachta píolótacha do bhunscoileanna ar feadh bliain eile.
Ina theannta sin, tá maoiniú criticiúil breise á chur ar fáil sa bhuiséad in 2024 d'athchóiriú curaclaim agus measúnachta chun ár gcuid pleananna d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, cláir folláine agus Scoileanna Gníomhacha a chur chun cinn, ar cláir iad atá fréamhaithe i soláthar córais oideachais atá nua-aoiseach, ionchuimsitheach agus ina gcuirtear an scoláire i gcroílár an phróisis foghlama.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan:
“Sa Bhuiséad seo, tugtar an gealltanas is mó riamh, i bhfíorthéarmaí agus i dtéarmaí airgeadais agus céatadáin, do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dá dteaghlaigh. Ceapadh na bearta a fógraíodh inniu chun cabhrú le tacaíocht a thabhairt do gach dalta agus do gach scoláire a bheith rathúil ar scoil agus barr a gcumais a bhaint amach.
“Le breis agus €2.7 billiún de chaiteachas reatha á dhéanamh, tá an leibhéal infheistíochta seo san oideachas speisialta gan fasach agus is ionann é agus méadú 5% ar an mbuiséad don oideachas speisialta i mbliana.
“Táimid ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin maidir le ranganna, múinteoirí agus tacaíochtaí breise. Táim an-sásta go gcuirfear maoiniú breise de €82 milliún ar fáil chun soláthar a dhéanamh do 744 múinteoir sa bhreis agus 1,216 CRS sa bhreis a bheidh á n-earcú in 2024, chun suas le 2,700 áit nua a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
“Tá an-áthas orm go bhfuil maoiniú nua de €11 milliún faighte agam, ar maoiniú é a rachaidh chun tairbhe do scoileanna speisialta atá ag freastal ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, chun an tairseach maidir le Leas-Phríomhoide Riaracháin a cheapadh a bhaint agus soláthar a dhéanamh do 200 post teagaisc sa bhreis. Bainfidh beagnach 9,000 leanbh sna scoileanna sin tairbhe as seo ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn ar aghaidh.
“Fáiltím roimh an €20 milliún sa bhreis a chuirfear ar fáil don Scéim Samhraidh Feabhsaithe, ar scéim í atá thar a bheith tairbheach do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus 50% de na scoileanna speisialta ag soláthar an chláir an samhradh seo. Tá súil agam go spreagfaidh an fógra seo scoileanna chun gealltanas a thabhairt an clár a reáchtáil an samhradh seo chugainn.
“Rachaidh an infheistíocht seo chun tairbhe do dhaltaí agus do scoláirí ar fud na hÉireann a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dá dteaghlaigh, chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach.”
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Byrne:
“Mar Aire Spóirt agus Corpoideachais, tá an-áthas orm maoiniú breise a fhógairt chun an Clár don Bhratach Scoile Gníomhaí a leathnú. I mBuiséad 2024, tabharfar tacaíocht do bhreis scoileanna chun a bheith níos gníomhaí, níos minice.
“Mar thoradh ar an maoiniú breise don Chlár don Bhratach Scoile Gníomhaí, táim ag súil go mbeidh breis bratach á mbronnadh ar scoileanna ar fud na tíre agus go dtiocfaidh fás ar an gclár d’iar-bhunscoileanna ón gcéim phíolótach go dtí feidhmiú iomlán ar bhonn céimneach.
“Tacóidh an leithdháileadh breise i mBuiséad 2024 le tionscnaimh um ghníomhaíocht choirp a sholáthar i scoileanna in éineacht le soláthar leanúnach sna curaclaim Chorpoideachais.
Mar Rialtas, táimid ag obair go dian chun cur lenár ngealltanas sláinte phearsanta agus folláine ár ndaoine óga a chur chun cinn.
Chun teacht ar shonraí iomlána maidir leis na príomhghnéithe oideachais a bhaineann le Buiséad 2024, féach: https://www.gov.ie/en/publication/f36d3-main-features-of-budget-2024-education/
Fógraíonn an tAire Oideachais, Norma Foley TD, mionsonraí maidir leis na tionscnaimh Oideachais a fógraídh i mBuiséad 2024 anseo:
[youtube https://www.youtube.com/watch?v=r36vTOaouEY. ]