Fógraíonn an tAire Foley go bhfuil Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann á chur leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shínigh an tAire Oideachais Norma Foley Ionstraim Reachtúil inniu faoina ndéanfar ballraíocht na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a uasdátú le Uachtarán Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ) a áireamh ann.
Arsa an tAire Foley:
"Tá ríméad orm go mbeidh ADIÉ páirteach i gComhairle na CNCM. Cuirfidh guth na ndaltaí go mór le hobair thábhachtach na CNCM ar fhorbairt curaclam.
"Tá feicthe againn le blianta beaga anuas feabhas mór ar an gcaoi a gcuirtear dearcadh na ndaltaí san áireamh agus beartais oideachais á gceapadh. Bhí ról thar a bheith tábhachtach ag ADIÉ le linn na paindéime, mar shampla, agus réitigh á bhforbairt ar na dúshláin a cuireadh roimh an gcóras oideachais.
"Creidim go láidir gur cheart na daltaí a bheith lárnach i bhforbairt beartas agus straitéisí oideachais agus is céim shuntasach ina threo sin atá i gceist leis seo."
Dúirt Emer Neville, Uachtarán Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann:
"Tá an-áthas orm gur shínigh an tAire an ionstraim reachtúil seo inniu chun ADIÉ a thabhairt isteach mar bhall iomlán de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Is gníomh ceannródaíocht é tábhacht ghuth na ndaltaí a aithint san obair seo agus cinntí móra á ndéanamh faoina gcuid oideachais. Deimhníonn sé seo ról na ndaltaí mar phríomh-pháirtithe leasmhara san oideachas.
"Fáiltíonn ADIÉ go mór roimhe seo agus tá muid ag súil go mór le cur le hobair na CNCM agus dearcthaí ár mballraíochta a chur in iúl sna blianta amach romhainn."
Dúirt Mary O’Sullivan, Cathaoirleach eatramhach na CNCM:
"Tá sé mar bhunphrionsabal de chuid Phlean Straitéiseach na CNCM go mbeifear gníomhach i gcur chun cinn cheart na bpáistí agus na ndaltaí a ndearcthaí féin a chur in iúl agus a beith san áireamh i múnlú na comhairle curaclaim agus measúnachta a bhíonn á forbairt againn. Fáiltím roimh chinneadh an Aire Ionstraim Reachtúil a chruthú chun ballraíocht daltaí a chur leis an gComhairle. Tá mé ag súil go mór le fáilte a chur roimh ionadaí de chuid ADIÉ agus tá a fhios agam go mbeidh baill na Comhairle agus mé féin mar Chathaoirleach an-sásta a rannpháirtíocht iomlán i ngnó na Comhairle a éascú le linn na tréimhse cinniúnaí seo ina bhfuil athruithe móra ag teacht ar chóras oideachais na hÉireann."
Tabharfar cuireadh d’Emer Neville, Uachtarán ADIÉ do 2021/22, chuig an gcéad chruinniú eile de chuid na CNCM ar an 12 agus 13 Bealtaine.
Cuireann an CNCM comhairle ar an Aire Oideachais i dtaobh cúrsaí curaclaim agus measúnachta ón luathóige anonn go dtí deireadh oideachais an dara leibhéal. Téann sé i bpáirt le foghlaimeoirí, múinteoirí, cleachtóirí, tuismitheoirí agus daoine eile chun tacú le nuáil sna scoileanna agus i suíomhanna eile oideachais. Déanann sé taighde agus úsáideann agus roinneann an taighde mar bhonn do chomhairle agus plé ar chúrsaí oideachais.
Tá 25 comhaltaí ar an gComhairle, lena n-áirítear 17 n-athcheapachán agus 7 comhaltaí nua. Leanfaidh an Cathaoirleach, an tOllamh Mary O’Sullivan uirthi i ról an Cathaoirleach eatramhach go dtí go gceaptar Cathaoirleach nua sna míonna romhainn.
Bunaíodh an CNCM faoin Acht Oideachais, 1998 agus is é cuspóir na Comhairle comhairle a chur ar an Aire i dtaobh nithe a bhaineann leis an méid seo:
(a) an curaclam don oideachas luathóige, bunscoile agus iar-bhunscoile; agus
(b) nósanna imeachta measúnachta a úsáidtear i scoileanna agus scrúduithe ar ábhair atá mar chuid den churaclam.
Tá dhá fho-choiste ag an gComhairle - Coiste Iniúchóireachta agus Riosca agus Coiste Rialachais. Mar chuid de struchtúir CNCM, tá trí Bhord ann a thuairiscíonn don Chomhairle ar an Oideachas Luathóige agus Bunscoile, an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach. Tá na trí Bhord seo faoi chathaoirleacht beirt Leas-Chathaoirleach agus comhalta eile den Chomhairle.
Tá an Chomhairle freagrach as gníomhaíochtaí an CNCM a stiúradh, treoir straitéiseach a sholáthar d’fhoireann an fheidhmeannais agus monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bainistíochta.
Sonraítear sna Treoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhoird Stáit go bhfuil eisceachtaí sonracha áirithe ann ó na socruithe atá leagtha síos sna treoirlínte a bhaineann le daoine a cheapadh chuig Boird Stáit, lena n-áirítear:
“Sa chás go bhfuil comhaontú nó socrú i bhfeidhm faoina lorgaíonn Airí ainmniúcháin le haghaidh ceapacháin chuig Boird Stáit ó eagraíochtaí bunriachtanacha geallsealbhóirí (amhail ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí, ionadaithe feirmeoireachta nó comhlachtaí deonacha)”.
Tá foireann lánaimseartha de 47 ag feidhmeannacht an CNCM, á stiúradh ag an bPríomhfheidhmeannach.
In 2022, tá deontas timpeall €6m don CNCM á mhaoiniú ag an Roinn.
Is féidir teacht ar shuíomh idirlín an CNCM ar www.ncca.ie.
Is é ADIÉ scáth-eagraíocht náisiúnta na gcomhairlí daltaí iar-bhunscoile in Éirinn. Déanann ADIÉ ionadaíocht ar dhaltaí iar-bhunscoile na hÉireann ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Is é an príomhsprioc faoinar bunaíodh ADIÉ ná cur le cur chun cinn an oideachais iar-bhunscoile do gach dalta iar-bhunscoile chun oideachas gach dalta a fheabhsú agus a shaibhriú, agus chun tacú le rannpháirtíocht daltaí i ngach cuid dá gcuid oideachais le go mbainfidh siad amach barr a n-acmhainne agus le go gcuirfidh siad, mar shaoránaigh, leis an tsochaí.
Gníomhaíonn an Coiste Gnó thar ceann ADIÉ ar bhonn laethúil agus is é sin an grúpa daoine óga a dhéanann ionadaíocht ar an eagraíocht go poiblí. Toghtar an Coiste Gnó gach bliain ag an gComhdháil Bhliantúil.
Is í Emer Neville Uachtarán ADIÉ don bhliain 2021/22. Tá Emer páirteach in ADIÉ le roinnt blianta anuas, agus chaith sí tréimhse mar Oifigeach Réigiúnach Thiobraid Árann agus mar Oifigeach Cumarsáide an Choiste Gnó do 2020/21.
Is mar seo a leanas atá ballraíocht na CNCM anois:
Bunús an cheapacháin | Ainm |
Ceaptha ag an Aire Oideachais | Mary O’Sullivan, Cathaoirleach eatramhach |
Ainmní de chuid Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) | *Joe McKeown, Leaschathaoirleach |
Ainmní de chuid Chomhchoiste na mBainisteoirí (JMB) | *Michael Redmond, Leaschathaoirleach |
Ceaptha ag an Aire Oideachas (próiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (SCP)) | *Teresa Hagan |
Ainmní de chuid an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (próiseas SCP) | *Sheila Garrity |
Ainmní de chuid Choimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) | *Elaine Sheridan |
Ainmní de chuid Bhoird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann (ETBI) | *Anne McHugh |
Ainmní de chuid Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) | *David Duffy |
Ainmní de chuid Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) | *Liz Farrell |
Ainmní de chuid Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) | Mairin Ni Chéileachair |
Ainmní de chuid Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) | *Carmel Browne |
Ainmní de chuid Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) | Deirdre McDonald |
Ainmní de chuid Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) | *Ed Byrne |
Ainmní de chuid Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU) | *Brian Tubbert |
Ainmní de chuid JMB | *Patricia Gordon |
Ainmní de chuid Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (Iar-bhunscoile) | Martina O’Shea |
Ainmní de chuid Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (Bunscoile) | Clare Downey |
Ainmní de chuid Chumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta san Oideachas Speisialta (NABMSE) | *Finn O’ Murchú |
Ainmní de chuid Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC) | Meadbh Costello – (Ceapaí eatramhach) |
Ainmní de chuid Chumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA) | Rory D’Arcy |
Ainmní de chuid Chónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile (IFUT) | Deirdre Ní Mhurchú |
Ainmní de chuid na Roinne Oideachais | *Orlaith O’Connor |
Ainmní de chuid Fhoras na Gaeilge | *Edel Ní Chorráin |
Ainmní de chuid Bhord Oideachais Eaglais na hÉireann (CIBE) | *Joyce Perdue |
Ainmní de chuid Chumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha (ACCS) | Denis Ring |
Uachtarán ADIÉ | Emer Neville |