Fógraíonn an tAire Foley mionsonraí faoi shamhail Gráid Ríofa Ardteistiméireacht 2020 agus fógraíonn an tAire Harris 1,250 áit bhreise do chúrsaí ardéilimh áirithe in institiúidí ardoideachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, Dé Máirt 1 Meán Fómhair, d’fhógair An tAire Oideachais Norma Foley TD mionsonraí breise ar shamhail Grád Ríofa Ardteistiméireacht 2020 agus d’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, 1,250 áit breise ardoideachais atá le cur ar fáil do roinnt cúrsaí ardéilimh don bhliain acadúil 2020/21.
Tháinig an fógra tar éis chinnidh an Rialtais ar mholtaí a chuir an tAire Foley chun cinn chun an próiseas caighdeánaithe náisiúnta, atá mar chuid den tsamhail Gráid Ríofa, a leasú.
Faoin tsamhail Gráid Ríofa, déanfar marcanna measta ó scoileanna a choigeartú, mar a bhí beartaithe, lena dheimhniú go mbíonn caighdeán comhsheasmhach i bhfeidhm sna scoileanna uile ar fud na tíre, nuair a bhíonn feidhmíocht na scoláirí á mheas. Déanann an t-athrú atá tugtha isteach ag an Aire Foley an próiseas caighdeánaithe a mhínchóiriú, glantar amach úsáid sonraí stairiúla scoil-ar-scoil sa tsamhail chaighdeánaithe. Treisíonn sé seo an bhéim ar na marcanna measta atá curtha ar fáil ag scoileanna do dhaltaí aonair. Is í an tAire a rinne an t-athrú a bhrú chun cinn le cothromas agus cothroime a dheimhniú sa phróiseas.
Rinne an tAire Harris faomhadh Rialtais a éileamh chun 1,250 áit breise a sholáthar do chúrsaí ardéilimh áirithe in institiúidí ardoideachais don bhliain acadúil 2020/21.
Tá na háiteanna seo sa bhreis ar an 1,415 áit breise, a fógraíodh cheana féin i bpríomhréimsí scileanna faoi Cholún 2 den Tionscnamh Caipitil Dhaonna, agus atá le bheith ar fáil i mbliana.
Dúirt an tAire Foley:
“Cruthóidh cinntí an Rialtais inniu dearbhuithe breise do scoláirí Ardteistiméireachta 2020 gur tuigeadh dá gcás uathúil agus gur pléadh go cothrom leo.
“Caithfidh cothromas agus cothroime a bheith i gcroílár gach ní a dhéanaimid mar shochaí. Ó mo chéad lá mar Aire Oideachais táim tiomnaithe, sa bhliain thar a bheith eisceachtúil seo, do chóras ina ndéantar gnóthachtálacha scoláirí dá mblianta san oideachas iar-bhunscoile a mharcáil chomh cóir, cothrom agus is féidir.
“Cé go raibh cosaintí fuaite i gcónaí i samhail Gráid Ríofa na hÉireann inar léiríodh é a bheith níos cothroime ná samhlacha a bhí in úsáid i ndlínsí eile, shíl mise go bhféadfaimis tuilleadh fós a dhéanamh le cothroime ár gcóras a dheimhniú dár scoláirí.
“Bhreithnigh mé tionchair agus impleachtaí an tsamhail chaighdeánaithe atá á úsáid againn, an tábhacht a bhaineann lena dheimhniú nach bpléitear go héagórach le scoláirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, na heispéiris i ndlínsí eile agus, níos tábhachtaí fós, an gá le cothromas agus cothroime a dheimhniú do scoláirí.
“Tá tacaíocht an Rialtais agam do mo mholadh maidir leis an gcuspóir seo a chur i gcrích. Ní áireofar sa tsamhail chaighdeánaithe a úsáidtear sa chóras Gráid Ríofa sonraí stairiúla scoil-ar-scoil ar fheidhmíocht Ardteistiméireachta scoláirí eile.
“Deimhneoidh an próiseas caighdeánaithe náisiúnta atá i bhfeidhm againn comhsheasmhacht sa chur chuige ar fud na scoileanna, ionas nach mbeidh buntáiste ná míbhuntáiste éagórach ag aon scoláire.
“Nuair a bhaintear na sonraí stairiúla scoil-ar-scoil amach as an bpróiseas caighdeánaithe, baintear amach aon bhaol go bhféadfadh torthaí scoláire Ardteistiméireachta a bheith faoi thionchar feidhmíocht ranganna Ardteistiméireachta i scoil an scoláire sna blianta roimhe sin. Ní chinnfidh do scoil na torthaí a bheidh á fháil agatsa tríd an gcaighdeánú i mbliana.
“Cé go bhfuil an próiseas á reáchtáil go fóill, tugann na chéad sonraí le fios nach gá aon imní a bheith ann go mbeidh scoláirí faoi míbhuntáiste éagórach ag an bpróiseas seo. Is é seo an cur chuige is cothroime agus an cur chuige ceart.
“Táim sásta gur ghlacamar an t-am chun é seo a chur ina cheart, agus d’fhoghlaimíomar ó dhaoine eile, agus thugamar éisteacht d’imní na scoláirí. Táim faoi chomaoin freisin ag an Aire Harris as ár gcur chuige comhoibritheach chun rochtain níos fearr ar ardoideachas a sholáthar dár scoláirí".
Dúirt an tAire Harris:
“Tá ríméad orm tacaíocht mo chomhghleacaithe rialtais a bheith agam chun 1,250 áit breise a sholáthar inár n-ollscoileanna agus inár n-institiúidí teicneolaíochta, i raon éagsúil cúrsaí ardéilimh mar chuid de phacáiste beart chun tacú leo siúd a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar choláiste i 2020.
“Cruthaíonn áiteanna breise ar chúrsaí ardéilimh scóip dúinn buairt a mhaolú, éiginnteacht a laghdú agus cumas an chórais oideachais freagairt d’ábhair imní na scoláirí a léiriú.
“Tá na háiteanna breise dírithe ar chláir ardéilimh a mheallann scoláirí le raon leibhéil pointí CAO go traidisiúnta, agus beidh éifeacht anuas aige seo, ag cruthú spásanna breise ar chúrsaí ina mbeidh an t-éileamh níos ísle.
“Tá an-áthas orm go raibh freagairt chomh toilteanach agus chomh dearfach ón gcóras ardoideachais don ghá a bhí le háiteanna breise a sholáthar in 2020 agus gabhaim buíochas le comhghleacaithe ar fud na hearnála as a dtoilteanas freagairt do seo.
“Tuigim go mbeidh roinnt roghanna a bhíonn ar fáil de ghnáth do lucht fágála scoile, ar nós taisteal agus eispéiris éagsúla, níos teoranta ná mar a bhí cheana. Beidh níos mó roghanna agus deiseanna ná mar a bhí riamh cheana ag scoláirí Ardteistiméireachta ar fud an chórais ardoideachais agus breisoideachais.
“Tá treoir agus tacaíocht do pleanáil gairme den scoth ann chun cuidiú leat do chonair a shainiú. Ní tharlaíonn riamh gur é an bealach is léire an t-aon bhealach ná ní hé an bealach is fearr i gcónaí, agus tiocfaidh deiseanna nua ón staidéar ar ghné éigin i réimse a bhfuil spéis agat ann agus a thaitníonn leat. "
Dúirt an tAire Foley freisin:
“Is mian liom a dheimhniú freisin do scoláirí, nuair a fhaigheann siad a dtorthaí an 7 Meán Fómhair, go mbeidh fáil acu ar an ngnáth raon tacaíochtaí agus eolais a bhíonn ar fáil ar lá na dtorthaí. Tá iarrtha agam ar bhúr scoileanna socruithe a chur i bhfeidhm agus a chur in iúl go díreach maidir le tacaíocht treorach sa scoil, le rochtain ag am ar leith chun fadú sóisialta a chinntiú, nó treoir ar an bhfón.
“Tacaíonn an Roinn freisin leis an líne chabhrach a sholáthraíonn Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Iar-Bhunscoile agus Institiúid na gComhairleoirí Treorach agus cuirfear na sonraí sin ar fáil do scoláirí. "
CRÍOCH
Gráid Ríofa don Ardteistiméireacht 2020
_________
Nóta Eolais
Cinneadh na Scrúduithe Ardteistiméireachta a chur ar athló
Ar 8 Bealtaine 2020, chinn an Rialtas na Scrúduithe Ardteistiméireachta a chur ar athló. Tharla sé seo toisc nárbh fhéidir scrúduithe traidisiúnta a reáchtáil i mí Iúil agus Lúnasa toisc go rabhthas ag leanúint na comhairle sláinte phoiblí. Ina theannta sin, ní bheadh scrúduithe giorraithe ná srianta bailí ná iontaofa; ní bheadh ar chumas sciar suntasach iarrthóirí scrúduithe a dhéanamh mar thoradh ar bhreoiteacht phearsanta deimhnithe nó amhrasta, an gá le féin-aonrú agus méala teaghlaigh agus bhí ábhar imní faoi shláinte mheabhrach agus faoi fholláine scoláirí Ardteistiméireachta a bhí leochaileach cheana féin ag an am sin.
Samhail na nGrád Ríofa
Thug an Rialtas rogha freisin do scoláirí sraith Grád Ríofa a fháil bunaithe ar thuartha scoileanna maidir leis an marc is dócha a bheadh faighte ag scoláirí san Ardteistiméireacht. Bhainfeadh gráid ríofa Úsáid as meastacháin na scoileanna ar mharcanna na scoláirí agus a rangú ina ranganna agus Úsáid as próiseas caighdeánaithe chun cothromas a dheimhniú go bpléitear go cóir le scoláirí ar fud scoileanna agus caighdeáin a choinneáil ar aon dul le torthaí Ardteistiméireachta le blianta beaga anuas agus sna blianta atá le teacht mar aon le torthaí 2020 don Ardteistiméireacht a cuireadh ar athló.
Cinneadh gur mar seo a leanas a bheadh na sonraí a bheadh in úsáid sa phróiseas caighdeánaithe do gach ábhar agus ag gach leibhéal (Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal):
• Marcanna agus ranguithe measta na scoláirí a chuir scoileanna ar fáil tar éis don phríomhoide iad a ailíniú agus a mhaoirsiú - na príomhshonraí loma do na gráid ríofa
• Tuar ar an fheidhmíocht dhóchúil don rang Ardteistiméireachta 2020 i ngach scoil bunaithe ar fheidhmíocht na scoláirí sin nuair a rinne siad scrúduithe na Sraithe Sóisearaí (sonraí cúlchéimnithe) - chun cuidiú le raon feidhmíochta dóchúil an ghrúpa scoláirí sin a chruthú don bhliain seo
• Pátrún stairiúil na dtorthaí Ardteistiméireachta (an “dáileadh stairiúil scoile”) i ngach ábhar agus ag gach leibhéal ar bhonn gach scoile ar leith (bunaithe ar na trí bliana deiridh de na torthaí Ardteistiméireachta)
• Pátrún stairiúil na dtorthaí Ardteistiméireachta go náisiúnta (an “caighdeán nó dáileadh náisiúnta stairiúil”) chun cuidiú le caighdeáin fadtéarma a chothabháil
Tá gá le caighdeánú lena dheimhniú go bpléitear go cothrom le scoláirí
• Ghlac scoileanna éagsúla cuir chuige difriúla maidir le meastachán marcanna agus ord rangaithe, inar raibh éagsúlachtaí idir scoileanna agus idir ábhair laistigh de scoileanna. Bhí múinteoirí áirithe a raibh cur chuige thar a bheith fial acu agus múinteoirí eile a rinne torthaí scoláirí a mheas faoina gcumas Mura ndéanfaí na marcanna a chaighdeánú, tharlódh éagothroime dá réir do scoláirí agus do scoileanna ar fud na scoileanna agus na n-ábhar
• Is féidir leis an gcaighdeánú roinnt comparáidí a dheimhniú d’iarrthóirí Ardteistiméireachta 2019, 2020 agus 2021. Beidh scoláirí a fhaigheann gráid ríofa san iomaíocht d’áiteanna san Ardoideachas agus sa Bhreisoideachas le hiarrthóirí a rinne an Ardteistiméireacht i 2019 agus a dhéanfaidh na scrúduithe in 2020 agus 2021. Caithfear cothromú a fháil idir cothroime do scoláirí a bhí faoi thionchar cúinsí eisceachtúla na bliana seo agus muinín an phobail sa Samhail Gráid Ríofa
• Cuireann caighdeánú cosc le boilsciú iomarcach agus neamhrialaithe na ngrád. Tá boilsciú i mbliana ar mharcanna measta múinteoirí/scoileanna agus bhíothas ag ceapadh go dtarlódh a leithéid. Mar shampla, tá an céatadán Grád 1 ag an Ardleibhéal ó mheastacháin na múinteoirí, comhiomlánaithe do na hábhair go léir, níos mó ná dúbailte ina lán ábhar, trí oiread i roinnt ábhar, i gcomparáid le blianta roimhe seo. Níl aon fhianaise go bhfuil na harduithe gan mhíniú sna gráid inchosanta. Níl an fás neamhrialaithe sin sna scóir inchreidte in aon scoilbhliain amháin
• Chiallódh boilsciú neamhrialaithe na ngrád freisin go n-ardódh pointí an CAO go suntasach. Bheadh scoláirí ó scoileanna nach ndearna na marcanna a bhoilsciú faoi mhíbhuntáiste mór i gcomparáid le scoláirí ó scoileanna eile.
Samhail shainithe caighdeánaithe a chuimsíonn cosaintí tábhachtacha
Tá gnéithe sainiúla de shamhail chaighdeánaithe na hÉireann a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo
• Tá tosaíocht tugtha againn do mharcanna measta na múinteoirí. Is é túsphointe na samhla caighdeánaithe ná marcanna measta na múinteoirí seachas na patrúin gnóthachtála stairiúla i ngach scoil a bhí in úsáid mar thúsphointe sa Bhreatain
• Bhailíomar eolas sách beacht faoi ghnóthachtáil scoláirí. Bhailíomar marcanna céatadáin measta do gach ábhar do gach dalta ó scoileanna, seachas gráid measta. Tugann sé seo deis dúinn athchóiriú i bhfad níos cúramaí a dhéanamh ar an tslí ina ndéanaimid foinsí eolais éagsúla atá againn faoi ghnóthachtáil scoláirí a chomhcheangal.
• Tá córais fuaite isteach againn atá ábalta foghlaim scoláire eisceachtúil a aithint agus a chreidiúnú go cothrom, beag beann ar an scoil ar fhreastail sé nó sí uirthi. Ní féidir le feidhmíocht stairiúil na scoile feidhmíocht scoláire a shrianadh má léiríonn sonraí an mhúinteora go bhféadfadh an scoláire a bheith eisceachtúil.
• Tá an tsamhail forbartha againn thar thréimhse ama; tá gach leagan curtha i bhfeidhm againn ar na sonraí
– Ag deimhniú go n-oibreoidh gach leagan den phróiseas caighdeánaithe go cóir do gach ábhar agus ag gach leibhéal (Ardleibhéal, Gnáthleibhéal, Bonnleibhéal)
– Ag seiceáil lena dheimhniú, ag gach leagan den mhúnla, nach raibh iarmhairtí neamhbheartaithe
– Ag coigeartú an tsamhail gach uair lena dheimhniú go raibh na torthaí ag comhlíonadh na dtiomantas maidir le bheith cóir agus cothrom
– Ag déanamh monatóireachta go grinn ar a mhéid a rinneadh scóir na scoláirí a mhodhnú suas agus síos
– Ag foghlaim ó fhianaise atá ag teacht chun cinn i ndlínsí eile, lena n-áirítear foghlaim faoi mhuinín an phobail agus na scoláirí sa chóras
• Tá iniúchadh déanta againn ar an tslí ina n-oibreodh an córas dá mbainfí amach sonraí stairiúla scoil-ar-scoil as na ríomhanna. Rinneamar cinneadh na sonraí seo a bhaint amach.
• Tá an tábhacht a leagtar ar na caighdeáin náisiúnta stairiúla laghdaithe againn freisin.
Tá cur chuige glactha againn:
• Ina bhfuil marcanna measta an mhúinteora go lárnach
• Ina gcaomhnaítear ord na scoile do na scoláirí maidir lena chéile (rangú)
• Nach gcuirtear srian ar fheidhmíocht an scoláire chuig meán-fheidhmíocht na scoile; deimhníonn a leithéid gur féidir muinín a bheith ag scoláirí nach bhfuil aon bhaol go ndéanfar “próifíliú éagórach” nó “crannchur postchóid”
• Ina ndéantar scoláirí a bhfuil an fheidhmíocht níos treise acu, ach atá i scoileanna ina mbíonn an fheidhmíocht níos ísle go traidisiúnta, a aithint agus go dtugtar aitheantas cóir dóibh
• Ina dtugtar aitheantas do na cúinsí eisceachtúla a bhí mar thaithí ag scoláirí 2020
• Ina bhfuil an chothroime do scoláirí 2020 chun tosaigh ar bhoilsciú grád a dhíbirt. Ceadaíonn an tsamhail roinnt boilsciú ar ghráid agus féachtar le torthaí a bheith ar aon dul den chuid is mó trasna na scoileanna
• Nach léiríonn aon tionchair dhiúltacha i gcoinne scoileanna atá faoi mhíbhuntáiste
Sonraí
• Ag baint úsáide as an rogha samhail chaighdeánaithe, is é an meán laghdú ar mharcanna scoláirí tar éis an chaighdeánaithe ná 0.8% i scoileanna DEIS agus 1.3% i scoileanna neamh-DEIS.
• Maidir le gráid thar gach leibhéal (Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal), fanann 79.3% de ghráid na scoláirí gan athrú mar thoradh ar chaighdeánú. Sna scoileanna DEIS, tá 81.2% de na gráid gan athrú agus is é 79.4% an figiúr i scoileanna neamh-DEIS.
• Tá méadú 3.9% de na gráid mar thoradh ar chaighdeánú, agus is é an méadú i scoileanna DEIS ná 5% i gcomparáid le 3.7% i scoileanna neamh-DEIS.
• Tá laghdú aon ghrád amháin ar 16.8% de na gráid uile mar thoradh ar chaighdeánú, le 13.6% de na gráid laghdaithe aon ghrád amháin i scoileanna DEIS i gcomparáid le 16.8% i scoileanna neamh-DEIS.
• Tá laghdú dhá ghrád nó níos mó ar 0.1% de na gráid uile, 0.1% i scoileanna DEIS agus 0.1% i scoileanna neamh-DEIS.
Go hachomair, ciallaíonn sé seo–
• Go bhfuil an laghdú ar an meán ar mharcanna scoileanna mar thoradh ar chaighdeánú níos lú i scoileanna DEIS i gcomparáid le scoileanna neamh-DEIS
• Nár tháinig aon athrú ar sciar an-mhór de ghráid mheasta scoileanna mar thoradh ar an gcaighdeánú
• Gur méadaíodh sciar beag de ghráid mheasta na scoileanna mar thoradh ar an gcaighdeánú. Tá méaduithe níos airde i scoileanna DEIS le hais scoileanna neamh-DEIS
• Go bhfuil, freisin, cion na ngrád a méadaíodh agus cion na ngrád nár athraíodh i scoileanna DEIS níos mó ná comhréir na scoileanna neamh-DEIS (nuair a chuirtear le chéile iad, 86.2% atá i gceist do scoileanna DEIS i gcomparáid le 83.1% do scoileanna neamh-DEIS)
• Gur laghdaíodh sciar níos lú de na gráid i scoileanna DEIS i gcomparáid le scoileanna neamh-DEIS.
Amchlár
• 1 Meán Fómhair: Críoch an phróisis caighdeánaithe faoi réir fhaomhadh an rialtais
• 1 Meán Fómhair: Críoch le pleananna do mhéadú ar líon na n-áiteanna san Ardoideachas agus sa Bhreisoideachas ag leibhéal an rialtais
• 7 Meán Fómhair: Eisiúint na dtorthaí go scoláirí agus scoileanna – ar fáil ar thairseach na scoláirí
• 7 Meán Fómhair: Tairiscintí UCAS faighte ag scoláirí
• 11 Meán Fómhair: Tairiscintí CAO faighte ag scoláirí
• 14 Meán Fómhair: Osclaítear an próiseas achomhairc
• 14 Meán Fómhair: Féadfaidh gach scoláire marcanna measta na scoile a rochtain mar aon leis na marcanna ríofa ó Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa