Fógraíonn An tAire Hackett Infheistíocht €9 milliún san Earnáil Gairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair An tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett, go n-osclófar Scéim Cúnaimh Infheistíochta 2022 d’Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála.
Ag tabhairt sonraí faoin Scéim iomaíoch, atá oscailte do gach earnáil gairneoireachta, agus a sholáthróidh cúnamh deontais caipitil ag ráta suas le 40% do gach infheistíocht cheadaithe, dúirt an tAire,
‘’Tá an-áthas orm gur coinníodh an méadú 50% ar mhaoiniú a fuarthas i 2021 do 2022. Ní hamháin go gcabhraíonn an scéim seo le táirgeoirí atá ann cheana ach cabhraíonn sé le hiontrálaithe nua sa ghairneoireacht freisin. Le feirmeoirí óga cáilitheacha ag fáil cúnamh deontais suas le 50%, tá an scéim ann chun tacú leis an gcéad ghlúin eile d’fheirmeoirí freisin.”
Tá sé mar aidhm ag an scéim, a chuimsíonn gach réimse gairneoireachta lena n-áirítear glasraí allamuigh, beacáin, barra bia faoi chosaint, barra taitneamhachta, torthaí boga, agus úlla, agus beachaireacht, cleachtais atá neamhdhíobhálach don timpeallacht a éascú, éagsúlú gníomhaíochtaí ar an bhfeirm a chur chun cinn, cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú agus na coinníollacha oibre a fheabhsú.
Is é an 17ú Nollaig 2021 an dáta deiridh chun iarratais a fháil ar scéim 2021. Agus í ag aithint na tacaíochta suntasacha agus leanúnach d’earnáil na gairneoireachta, dúirt an tAire,
‘’Tá an scéim seo maoinithe 100% ag Rialtas na hÉireann agus léiríonn an €9 milliún i maoiniú leanúnach tiomantas an Rialtais don earnáil maidir leis na dúshláin atá le sárú aici ach ag tabhairt aitheantais freisin don iliomad deiseanna don earnáil sa todhchaí, lena n-áirítear mar shampla, deiseanna ag eascrú ó thorthaí agus glasraí a fhástar go háitiúil a chur in ionad allmhairí. Chonaic mé féin an chaoi ar ghlac táirgeoirí gairneoireachta na hÉireann le teicneolaíochtaí nua chun inbhuanaitheacht a fheabhsú agus cleachtais atá neamhdhíobhálach don timpeallacht a éascú agus cuidíonn an scéim seo leis na hiarrachtaí seo.”
Ghin earnáil na gairneoireachta aschur le luach geata feirme de bheagnach €469 milliún i 2020, agus meastar go raibh 6,600 fostaithe go lánaimseartha i ngníomhaíocht táirgeachta príomhúil agus 11,000 eile fostaithe i ngnóanna breis luacha agus iartheachtacha. Tá an tionscal an-dinimiciúil i gcónaí, áit a mbíonn saothróirí agus táirgeoirí ag feabhsú inbhuanaitheachta i gcónaí trí theicneolaíochtaí atá éifeachtach ó thaobh airgid agus córais atá tíosach ar fhuinneamh.
CRÍOCH