Fógraíonn an tAire Hackett torthaí na Gairme ar Thionscnaimh nua Bithéagsúlachta Feirme agus Pobail atá á stiúradh go háitiúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu na torthaí a bhí ar Ghairm Oscailte ar Thionscnaimh Bhithéagsúlachta Feirme agus Pobail. Roghnaíodh 24 grúpa, as na 54 grúpa a d’fhreagair don Ghairm, chun a dtionscadail a chur i bhfeidhm go ceann 18 mí.
Dúirt an tAire, agus na tionscadail á liostú aici ar bronnadh cistiú orthu,
“Tá an-bhís orm na tionscadail iontacha a thabhairt faoi deara a dhéanfaidh an Ghairm seo a chistiú. Cúis mhór shásaimh é na smaointe a thabhairt faoi deara atá curtha le chéile ag an oiread sin grúpaí beaga feirme agus pobail chun tionchar dearfach a imirt ar a dtimpeallacht áitiúil féin. Tá gliondar croí orm leis an réimse tionscadal ar éirigh leo agus leis an mbealach atá scaipthe fud fad na tíre. Léiríonn an fhreagairt a mhúsclaíomar go bhfuiltear an-bhuartha go deo faoi agus go bhfuil an-spéis sa bhithéagsúlacht in Éirinn agus tá gliondar croí orm gur éirigh liom níos mó cistiú a chur ar fáil mar fhreagairt dó.”
Rinne an tAire Hackett cistiú €1.25 milliún a leithdháileadh i dtosach chun cur leis na tionscnaimh chomhpháirtíochta nuálaíochta atá á stiúradh go háitiúil trí leaganacha pobail díobh a chur ar fáil. Nuair a chuirtear an fhreagairt san áireamh don Ghairm Oscailte seo, áfach, agus i ndiaidh go bhfuarthas 54 aighneacht, mhéadaigh sí an buiséad a bhí ar fáil go dtí €3 milliún. Díreoidh na tionscadail roghnaíodh ar chur chun cinn na bithéagsúlachta trí chomhoibriú i measc grúpaí feirmeoireachta agus trí ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla agus pobail a dhéanann idirchaidreamh leis an daonra níos fairsinge.
Faoi Clár Náisiúnta um Fhorbairt Tuaithe na Roinne Talmhaíochta, tá an RTBM ag tacú cheana féin le 24 clár atá á stiúradh go háitiúil timpeall na tíre, trí úsáid a bhaint as samhail na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (CEN). Tá fíornuálaíocht á léiriú ag na scéimeanna seo agus tá siad ag díriú ar thorthaí intomhaiste i dtaobh aeráide, bithéagsúlachta agus uisce anuas ar bharr feabhais a chur ar inmharthanacht feirmeoirí atá bainteach. Chuir roinnt de na Tionscadail CEN seo isteach ar chistiú faoin nGairm seo chun nuálaíocht nua ghaolmhar a chur i bhfeidhm.
Ceadaíonn an cur chuige nua áitiúil seo do phobail baint níos mó a bheith acu i dtionscadail ar scála beag a phleanáil agus a chur i bhfeidhm agus forbairt dhearfach é seo i dtionscnamh seo an CEN a bhfuil ag éirí go geal leis cheana féin.
Ag trácht dó ar an rath, dúirt an tAire,
“Bhí mé meáite a thabhairt faoi deara go bhfuiltear ag tacú le tionscadail ar scála beag chun go bhféadfadh réimse níos fairsinge feirmeoirí agus grúpaí leas a bhaint as an dul chun cinn a rinneadh le roinnt blianta anuas. Aithnítear sinn ar fud an AE mar cheannaire sa bhealach a dhéanaimid ár CENanna móra a chur i bhfeidhm agus a chistiú. Tabharfaimid cinn níos lú faoi deara anois, a thabharfaidh faoi ghníomhartha áitiúla torthaíbhunaithe, agus a dhéanfaidh fíordhifear don timpeallacht.”
Tá an Ghairm Oscailte seo ar aon dul le Plean Gníomhaíochta na Roinne 2021.
Nóta d’Eagarthóirí:
Leagtar amach sonraí faoi na tograí rathúla a ceadaíodh faoi Ghairm 5 sa tábla thíos.
Ainm na Foirne | Ainm an Tionscadail/an Téama | Contae | Luach an Iarratais |
Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint | Tionscadal Monatóireachta Leamhan Feirmeoirí | Cill Dara | €59,553 |
Grúpa Caomhnaithe na mBumbóg Buí Mór | CEN na mBumbóg Buí Mór | Maigh Eo | €110,595 |
Grúpa Oibríochtúil Thionscadal Feirm Phéine Bhoirne | Tionscadal Feirm Phéine Bhoirne | An Clár | €71,760 |
Pléghrúpa Chaoirigh Shléibhe an Chomaraigh de chuid Teagasc | Pobail Ardtalún an Chomaraigh | Port Láirge | €118,720 |
IRD Duhallow | CEN Abhainn Airglinn | Corcaigh Thuaidh | €198,870 |
Comhaontas Feirme-Foraoise an Oileáin | CEN Chomhaontas Feirme-Foraoise an Oileáin | An Clár | €164,215 |
Caomhnú Árann | Gnáthóga Cósta a Athchóiriú trí Bhainistíocht Innilte | Oileáin Árann | €71,110 |
Iascaigh Intíre Éireann | Criosanna Bruachánacha a Fheabhsú – Dobharcheantar Loch Síleann | An Mhí agus an Cabhán | €184,698 |
Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR | Curaíocht an Phobail | Dún na nGall | €162,000 |
Mulcair Catchment Ltd | Tionscadal Caomhnaithe na gCrú-Ialtóg Beag | Luimneach agus Tiobraid Árann | €166,749 |
Forbairt Bhealach Eabhra CTR | Gnáthóga agus Bithéagsúlacht an Pharóiste | Luimneach | €95,000 |
Forbairt Bhealach Eabhra CTR | CEN Mhaoláin Spásúlachtdhírithe The Deel | Corcaigh agus Luimneach | €80,000 |
Talamh Beo Core | Tionscadail Litearthachta agus Feabhsúcháin Bithéagsúlacht Ithreach | Uile-Éireann | €215,775 |
Carbery Group | Tionscadal Crann Chorcaí Thiar | Corcaigh Thiar | €80,306 |
Comhpháirtíocht Forbartha Chiarraí Theas | Tionscadal Feirmeoireachta Éiceashóisialta Chiarraí | Ciarraí | €128,550 |
Crainn ar an Talamh | Tionscadal Taispeántais agus Taighde Praiticiúil Silvoarable d’Éirinn | Lár na Tíre, Deisceart agus Oirthear na hÉireann | €79,000 |
CEN Eidhní | Tionscadal Feabhsúcháin Bithéagsúlachta faoi stiúir Feirmeoirí i limistéar feirme, foraoiseachta agus portaigh ardaithe | Iarthar an Chláir | €181,450 |
Feirmeoireacht leis an Dúlra | Ardán Bainistíochta Bithéagsúlacht Feirme | Corcaigh Thoir | €111,000 |
Pléghrúpa Déiríocht Uí Mhóra | Feabhas a chur ar éagsúlacht agus flúirse feithidí a bhaineann le córais innilte tréadaí i dtírdhreach dlúth déiríochta | Laois | €85,000 |
Ceann Léime le Chéile | Hemp4Soil | An Clár | €76,000 |
Cumann Abhantrach agus Cósta Oiriall | Tionscadal Feabhsúcháin Charraig Roibín | Lú | €67,766 |
Iontaobhas Aibhneacha Inis Eoghain | Scéim Chrios Maolánach Bruachánach Chúil Dabhcha | Dún na nGall | €132,870 |
Grúpa Athchóirithe Phortach na Seanchoille | Athchóiriú agus Feabhsúchán Gnáthóg Phortach na Seanchoille | An Clár | €50,000 |
Grúpa Pobail Bhaile Muine | Bithéagsúlacht a Fheabhsú i ndobharcheantar shruth Bhaile Muine | Loch Garman | €51,847 |
Beart comhair faoi Airteagal 35(1) den rialachán é Tionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (CEN) faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2014-2020 (CFT). Cuireann na scéimeanna seo atá á stiúradh go háitiúil réitigh áitiúla chun cinn ar shaincheisteanna ar leith agus baineann Grúpaí Oibríochtúla a bhunú leo chun smaointe a fhorbairt, nó chun smaointe/taighde a fhiosrú agus iad a chur i gcleachtas trí dhul i ngleic le hoibriú i dtreo fadhb phraiticiúil a réiteach. Tá 24 tionscadal á n-oibriú cheana féin faoi thionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil.
Is féidir teacht ar eolas ar thionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuáil – an RTBM nó trí theagmháil a dhéanamh le eip@agriculture.gov.ie eip@agriculture.gov.ie
Is féidir féachaint ar Ráiteas Straitéise (2021-2024) agus Plean Gníomhaíochta 2021 na Roinne ar láithreán gréasáin na Roinne ag an seoladh seo a leanas: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/
CRÍOCH