Fógraíonn an tAire Hackett torthaí na Gairme Oscailte ar Thograí le déanaí do Thionscadail Tacaíochta Coillearnaí 2021/2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett torthaí na Gairme Oscailte óna Roinn inniu maidir le maoiniú do Thionscadail Tacaíochta Coillearnaí. Bhí an Ghairm dírithe ar na buntáistí ilfheidhmiúla a bhaineann lenár gcoillearnacha a chur chun cinn ó úsáidí áineasa, comhshaoil, pobail agus eacnamaíocha agus maoineoidh a Roinn í sa dá bhliain atá romhainn. Fuarthas níos mó ná 61 iarratas agus roghnaíodh 39 tionscadal aonair lena maoiniú.
Dúirt an tAire,
“Tá ríméad orm réimse chomh leathan de thionscadail inspioráideacha a fheiceáil atá dírithe ar thacú le coillearnacha agus tá áthas orm go háirithe faoi scaipeadh na dtionscadal ar fud na tíre agus go gcuireann seacht gcinn acu sin a roghnaíodh béim ar na tairbhí comhshaoil a bhaineann le coillearnach. Ba chatagóir í seo a chuir mé go sonrach le Gairm na bliana seo agus is cúis sásaimh dom a fheiceáil go raibh spéis chomh mór sin ag daoine inti. Ar an iomlán, creidim go léiríonn an fhreagairt go bhfuil spéis mhór ann buntáistí ár gcoillearnacha a chur in iúl, ár n-eolas ar bhainistíocht inbhuanaithe coillearnaí a fheabhsú agus forbairt agus úsáid táirgí adhmaid a chur chun cinn."
Forbróidh na tionscadail bunachar eolais na bhfeirmeoirí, úinéirí coillearnaí agus na hearnála níos leithne faoi na buntáistí a bhaineann le foraoiseacht, cuirfidh siad forbairt adhmaid chun cinn, tacóidh siad le coillearnacha dúchasacha agus agra-fhoraoiseacht, agus rachaidh siad i dteagmháil leis an bpobal i gcoitinne le crainn mar fhoinse taitneamhachta, inspioráide, agus bithéagsúlachta.
Ar dtús bhí maoiniú €1 milliún leithdháilte ag an Aire Hackett ar an gCiste Tacaíochta Coillearnaí ach nuair a fuair sí na tograí, mhéadaigh sí an figiúr sin go mór. Ag míniú an mhéadaithe di, dúirt sí
“I bhfianaise na freagartha ar an nGairm Oscailte seo agus d’fhonn an oiread tionscadal agus is féidir a mhaoiniú, ba chúis áthais dom an buiséad a bhí ar fáil a mhéadú go dtí €1.4 milliún. Níor theastaigh uaim aon tionscadal fiúntach a fhágáil ar lár agus táim ag súil go mór lena fheiceáil á rolladh amach agus leis an méid is féidir leo a bhaint amach."
Tacóidh na tionscadail a roghnófar le coillearnacha trí chuir chuigí éagsúla. Cuimsíonn siad, mar shampla, sraith seimineár gréasáin maidir le foraoiseacht; ceardlanna allamuigh maidir le Foraoiseacht Clúdaigh Leanúnach; úsáid adhmaid dúchais le haghaidh tógála a chur chun cinn; crainn dhúchasacha a fhoinsiú agus a chur ar thailte chlubanna CLG ar fud na tíre; laethanta oscailte coillearnaí; athchóiriú éiceolaíoch, agus feasacht a ardú trí thionscnaimh ilmheáin spriocdhírithe/oideachasúil chun acmhainneacht agra-fhoraoiseachta a fhorbairt in Éirinn agus go leor eile nach iad.
Dúirt an tAire
“Chuir foilsiú Straitéis Foraoiseachta an AE an tseachtain seo caite béim ar na buntáistí éagsúla is féidir lenár gcoillearnacha a bheith acu agus ailíníonn an ghairm oscailte seo go mór leis an gcur chuige sin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine agus na heagraíochtaí sin go léir as páirt a ghlacadh agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis na grúpaí ar éirigh leo maidir le cur i bhfeidhm a gcuid tionscadal sa dá bhliain atá romhainn”.
Nóta d'Eagarthóirí:
Chlúdaigh an Ghairm ar Thograí do Thionscadail Tacaíochta Coillearnaí ceithre théama mar seo a leanas:
1. Tacaigh le agus tarraing aird ar bhuntáistí geilleagracha na gcoillearnacha.
2. Tacaigh le agus tarraing aird ar bhuntáistí na gcoillearnacha, ag díriú ar fheirmeoirí, agus / nó rannpháirtíocht an phobail agus / nó cúrsaí folláine go ginearálta.
3. Tacaigh le agus tarraing aird ar tháirgí táirgiúla foraoiseachta agus adhmaid, i gcomhthéacs an athraithe aeráide agus an bhithgheilleagair.
4. Tacaigh le agus tarraing aird ar bhainistíocht inbhuanaithe foraoisí i measc úinéirí foraoisí (dírithe ar eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse seo cheana féin agus a bhfuil cláir bunaithe acu faoi láthair).
Tá sonraí faoi na tograí rathúla a ceadaíodh faoin nGairm leagtha amach sa tábla thíos.
Woodland support Projects - Groups-As Gaeilge
Woodland support Projects - Groups-As Gaeilge