Fógraíonn an tAire Heydon go mbronnfar deontais €473,289 faoi Gairm ar Thaighde ar “Tionscnamh Cláir Nasctha – Cothú Sláintiúil do Shaol Sláintiúil”
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., go mbronnfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara dhá dheontas nua taighde. Is fiú beagnach €475,000 na deontais a bhronnfar agus éascaíonn siad taighdeoirí in Teagasc agus UCD comhoibriú lena chéile ar thionscadail taighde idirnáisiúnta a bhaineann le cothú i measc saoránaigh bhreacaosta. Tá na tionscadail chistithe ar aon dul go mór le huaillmhianta straitéiseacha náisiúnta don earnáil agraibhia a chuirfidh go mór le sláinte agus folláine shaoránach sa mhéid go ndíríonn siad ar thaighde a bhaineann le blas, próifíl chothaitheach agus tréithe a spreagann an tsláinte.
Agus na deontais a bhronnfar ár bhfógairt, dúirt an tAire,
“Tá gliondar croí orm dhá dheontas a fhógairt a bhronnfar ar thaighdeoirí atá bunaithe in Éirinn a cheadaíonn dóibh dul i gcomhpháirt agus comhoibriú lena gcontrapháirteanna Eorpacha chun dul i ngleic le dúshlán tábhachtach a bhaineann le sláinte agus folláine i measc saoránaigh bhreacaosta a chosaint. Tá díriú ar leith ag na tionscadail a roghnaíodh le haghaidh cistiú ar tháirgí bia nuálacha a fhorbairt atá dírithe ar chosc a chur ar ghalar is cúis le cothú agus a chabhróidh le saincheisteanna a bhaineann le droch-chothú i measc saoránaigh bhreacaosta a shárú.”
Bronnfar na deontais faoin ‘‘Tionscnamh Cláir Nasctha – Cothú Sláintiúil do Shaol Sláintiúil” (JPI-HDHL), a d’eisigh gairm iomaíoch ar thaighde in 2020 a lorg tograí taighde trasnáisiúnta agus trasdhisciplíneacha a bhaineann le cothú spriocdhírithe a fhorbairt chun cosc a chur ar thearc-chothú i measc daoine fásta breacaosta ar minic go mbíonn sé mar thoradh ar easpa goile agus/nó saincheisteanna a bhaineann le comhdhéanamh agus/nó uigeacht bhia.
Dúirt an tAire, chomh maith,
“Déanfaidh na deontais seo a bhronnfar na naisc eolaíochta reatha a neartú níos mó agus forbróidh siad idir chumas agus acmhainneacht, agus coimeádfaidh siad sinn ar thús cadhnaíochta maidir le nuálaíocht a sholáthar san earnáil Agraibhia.”
Nótaí don Eagarthóir:
Bunaíodh an Tionscnamh Cláir Nasctha “Cothú Sláintiúil do Shaol Sláintiúil” chun taighde a chomhordú sna limistéir seo a leanas: bia, cothú, gníomhaíocht choirp agus sláinte chun tionchar inbhraite sochaíoch agus sláinte a bhaint amach agus chun ceannaireacht agus iomaíochas Eorpach sa limistéar seo a bhaint amach. www.healthydietforhealthylife.eu/
Faoin JPI HDHL, seoladh comhghairm thrasnáisiúnta dar teideal ‘‘PREVNUT’’ in 2020 a lorg chun tacú le tionscadail taighde thrasnáisiúnta agus thrasdhisciplíneacha a bhaineann le cothú spriocdhírithe a fhorbairt chun cosc a chur ar thearc-chothú i measc daoine fásta breacaosta, táirgí bia nuálacha a fhorbairt ina measc.
Ag eascairt as Gairm ar Thaighde ‘‘PREVNUT’’, roghnaíodh 6 thionscadal thrasnáisiúnta, ar an iomlán, le haghaidh cistiú ina raibh ceangaltas iomlán €5.96 milliún. Baineann 31 grúpa taighde i measc na dtíortha seo a leanas leis na sé thionscadal: an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, Iosrael, an Iorua, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe, anuas ar 9 gcomhpháirtí chomhoibritheacha (e.g. FBManna) a ghlacfaidh páirt sna tionscadail chistithe trí úsáid a bhaint as a n-acmhainní féin.
Tá na rannpháirtithe Éireannacha seo a leanas ag dhá thionscadal a bhfuil cistiú á fháil acu ón RTBM:
1. EAT4AGE – Bianna blasta, cothaitheacha agus indíleáite chun cosc a chur ar thearc-chothú le liinn aosú gníomhach (Palatable, nutritious and digestible foods for the prevention of under-nutrition in active aging); Teagasc (bhronn an RTBM €249,874); I measc na dtíortha eile comhpháirtíochta atá ag comhoibriú, tá an Iorua, an Ríocht Aontaithe; an Fhrainc agus Iosrael. Beartaíonn an tionscadal imscrúdú a dhéanamh ar bhianna nuálacha agus a bhfuil dlús fuinnimh acu a fhoirmliú a mhéadaíonn goile agus a fheabhsaíonn bith-infhaighteacht próitéine i measc táirgí bia atá saincheaptha d’aois.
2. AMBROSIA – Ais athlasta-Mhicribhithra-Inchinne i gcliseadh croí: bithchomharthaí nua bia agus Cuir Chuige Intleachta Saorga (AI) chun cosc a chur ar thearc-chothú i measc Daoine Fásta Breacaosta (Microbiota-Inflamation-Brain axis in heart failure: new food biomarkers and AI Approaches for the prevention of under-nutrition in Older Adults); an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (bhronn an RTBM €223,415); I measc na dtíortha eile comhpháirtíochta atá ag comhoibriú, tá an Iodáil, an Spáinn, an Ríocht Aontaithe; an Ghearmáin. Beartaíonn an tionscadal táirge nua bia a fhorbairt bunaithe ar thaighde maidir le meitibileacht, bithfhaighteacht agus ionsú ar mhacrachothaithigh agus/nó ar mhicreachothaithigh i measc daoine fásta breacaosta, agus díriú ar leith ar othair fibrilithe aitriamaigh agus chliste croí.
CRÍOCH