Fógraíonn an tAire McConalogue Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu gur bunaíodh Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara. Bunaíodh an Tascfhórsa chun moltaí a dhéanamh leis an Aire maidir le bearta chun na tionchair a mhaolú a d’imir na laghduithe a tháinig ar an sciar den chuóta éisc, a eascraíonn as Comhaontú Trádála agus Comhair an AE/an RA, ar thionscal iascaireachta na hÉireann agus ar na pobail chósta a bhraitheann ar iascaigh.
Agus an Tascfhórsa á fhógairt, dúirt an tAire McConalogue,
“Tiocfaidh laghduithe móra ar chuótaí na hÉireann do roinnt príomhstoc, ronnaigh agus cloicheáin, ach go háirithe, mar chuid d’aistriú na gcuótaí chuig an RA, mar thoradh ar an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an RA. Cuirfear tús leis na laghduithe seo ar chuóta in 2021 agus beidh Éire thíos le luach €43 milliún de chaillteanas stoc sa bhliain, nó laghdú 15%, ar an iomlán, ar chuótaí éisc na hÉireann faoin mbliain 2026 mar thoradh ar na laghduithe seo. Beidh na héifeachtaí le sonrú láithreach bonn, agus beidh éifeacht ag 60% de na laghduithe siúd ó Aibreán.
“D’fhéadfadh an toradh a bhí ar Brexit a bheith i bhfad ní ba mheasa ar thionscal iascaireachta na hÉireann sa chás nár baineadh comhaontú amach, agus d’fhéadfadh nach mbeadh teacht ar uiscí an RA ag an tríú cuid dár ngabhálacha éisc a dhéantar in uiscí an RA, nó d’fhéadfadh go ndéanfaí cabhlaigh na hÉireann agus AE eile a dhíláithriú isteach inár n-uiscí. Ina ainneoin sin, imreoidh an toradh ar ar chomhaontaigh an AE/an RA tionchar suntasach go fóill ar ár gcabhlach iascaigh agus ar na pobail chósta a forbraíodh timpeall air. Tá an Rialtas tiomanta do thacaíochtaí airgeadais a sholáthar dóibh siúd is mó ar imríodh tionchar orthu chun cabhrú lenár n-earnáil bhia mara agus pobail chósta an fód a sheasamh in aghaidh an bhuille seo. Tá Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara á bhunú inniu agam faoi chathaoirleacht Aidan Cotter, duine mór le rá agus a bhfuil an-taithí aige ar ár dtionscal bia, chun scrúdú a dhéanamh ar na tionchair a imríodh ar ár gcabhlach iascaigh agus ár bpobail chósta agus moltaí a sholáthar dom faoi conas is fearr na tionchair seo a mhaolú.”
Dúirt an tAire McConalogue, chomh maith,
“Iarrfaidh mé ar an Tascfhórsa tuarascáil eatramhach a chur le chéile laistigh de dhá mhí, a dhíríonn ar shocruithe a mholtar do scéim comhpháirtíochta dheonach cabhlaigh a chuirfidh in aghaidh thionchar an laghdaithe ar chuótaí, a gcuirfear tús lena feidhmiú ó Aibreán. Rachfar i ngleic sa tuarascáil deiridh, a sholáthrófar laistigh de 4 mhí, lena moltaí do scéim díchoimisiúnaithe cabhlaigh iascaigh chun deighleoga áirithe an chabhlaigh a athchoigeartú agus a athchothromú mar gheall ar na deiseanna laghdaithe iascaigh atá ar fáil, chomh maith le haon tionscnaimh eile a mholtar chun tacú lenár n-earnáil bhia mara agus lenár bpobail chósta. Déanfaidh an Tascfhórsa gníomhartha fiúntacha a bhreithniú agus a mholadh a chabhródh leis an sciar éagothrom coibhneasta den chuóta a chuireann Éire leis a mhaolú i gComhaontú Trádála agus Comhair an AE/an RA. Nuair a bheidh na Tuarascálacha Eatramhacha agus Deiridh á gcur le chéile, iarraim ar an Tascfhórsa gach sruth cistithe atá ar fáil a chur san áireamh, a mhéid agus is féidir.”
Déanfaidh Aidan Cotter, abhcóide agus iar-POF an Bhoird Bia, cathaoirleacht ar an Tascfhórsa. Cabhróidh grúpa stiúrtha leis an Uasal Cotter ina bhfuil Margaret Daly - Leas-POF an phróiseálaí bia mara Errigal Bay Ltd agus Mícheál Ó Cinnéide, iar-Stiúrthóir an GCC agus iar-Stiúrthóir i bhForas na Mara agus atá ina bhall den Bhord Achomhairc um Cheadúnaís Dobharshaothraithe faoi láthair. Eisíodh cuirí chun páirt a ghlacadh sa Tascfhórsa do na heagraíochtaí a liostaítear thíos.
Cathaoirleach – Aidan Cotter
An Grúpa Stiúrtha - Margaret Daly agus Mícheál Ó Cinnéide
Baill
• Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga
• Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann
• Eagraíocht Iascairí Dheisceart agus Iarthar na hÉireann
• Eagraíocht Iascairí Dheisceart agus Oirthear na hÉireann
• Eagraíocht Táirgeoirí Eagraíocht Acmhainní Mara agus Oileáin na hÉireann
• An Fóram Iascaigh Chladaigh Náisiúnta
• Comharchumainn Iascairí (2 ionadaí de na 4 phríomh-Chomharchumann)
• Cumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann
• Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (brainse dobharshaothraithe)
• Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (1 ionadaí de na 7 GÁGI)
• An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
• An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
• Bord Iascaigh Mhara (rúnaíocht)
• Fiontraíocht Éireann
• Turasóireacht Éireann
• An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (dhá ionadaí d’údarás áitiúil cósta)
• Ionadaí d’Údarás na Gaeltachta
Nótaí d’Eagarthóirí:
D’fhógair an tAire McConalogue do Dháil Éireann an 21 Eanáir 2021 go mbeartaíonn sé Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara a bhunú.
Is éard a bheidh sa Tascfhórsa ná Cathaoirleach, Grúpa Stiúrtha agus Coiste níos fairsinge de Bhaill. Is éard a bheidh sa Ghrúpa Stiúrtha ná Cathaoirleach agus beirt Bhall eile. Treoróidh an Cathaoirleach agus an Grúpa Stiúrtha obair an Tascfhórsa agus beidh sé freagrach as tuarascálacha an Tascfhórsa a ullmhú. Iarradh ar na heagraíochtaí ar tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa Tascfhórsa ionadaí amháin a ainmniú, seachas nuair a thugtar a mhalairt le fios thuas.
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Moladh an 25 Nollaig 2020 do Rialachán an AE a bhunaíonn Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB) . Is é cuspóir an CCB a bheartaítear tacaíocht a sholáthar chun an fód a sheasamh in aghaidh na ndrochiarmhairtí a d’eascair as aistarraingt na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach sna Ballstáit, sna réigiúin agus sna hearnálacha, go háirithe iad siúd is mó a imríonn an aistarraingt sin tionchar orthu, agus chun an tionchar gaolmhar a mhaolú a imrítear ar an gcomhtháthú geilleagrach, sóisialta agus críche. Tá idirbheartaíocht le déanamh sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa ar an dréacht-Rialachán agus d’fhéadfadh athrú teacht ar a fhorálacha. Beartaítear go mbeadh buiséad €5.37 billiún de phraghsanna reatha ag an CCB agus luaitear i dtogra an Choimisiúin go ndéanfaí thart ar €1 billiún a leithdháileadh ar Éirinn in 2021 mar réamh-mhaoiniú chun cabhrú le hÉirinn bearta cuí a chistiú in 2021 agus 2022 chun cabhrú leis na hearnálacha dár ngeilleagair ar mó a imríodh tionchar orthu. Caithfear breithniú a dhéanamh ar aon bhearta tacaíochta don earnáil bhia mara a bheartaítear faoi leithdháileadh CCB na hÉireann ar leibhéal náisiúnta i gcomhthéacs éilimh iomaíocha i limistéir eile dár ngeilleagar ar imir Brexit tionchar orthu. Tá tacaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm faoin CCB faoi réir rialacha maidir le Cúnamh Stáit.
Baineadh comhaontú polaitiúil amach i mí na Nollag 2020, nuair a bhí idirbheartaíocht á déanamh ar an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (an CEMID), 2021-27 nua agus tá súil leis go n-achtófar Rialachán an AE in Aibreán 2021. Cuirfidh an CEMID comhchistiú AE ar fáil do chláir oibríochtúla Bhallstáit chun a n-earnálacha bia mara a fhorbairt. Tá €142 milliún le leithdháileadh ar Éirinn agus deimhneofar ansin méid fhoriomlán Chlár nua Forbartha Bia Mara na hÉireann 2021-27 bunaithe ar an méid comhchistithe a chuireann an Rialtas ar fáil. Cuirfidh an clár nua ar chumas an Aire scéimeanna tacaíochta éagsúla a chur i bhfeidhm do na hearnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála bia mara agus do phobail chósta. Tiocfaidh an clár nua in ionad Chlár CEMI 2014-20 na hÉireann atá i bhfeidhm faoi láthair, a bhfuil an chuid is mó dá chistí caite.
CRÍOCH