Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil síneadh le cur leis an spriocdháta le haghaidh iarratas ar an Scéim Feabhsaithe Caorach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. go bhfuil síneadh le cur leis an spriocdháta le haghaidh iarratas ar an Scéim Feabhsaithe Caorach go dtí 9 Eanáir 2023.
Dúirt an tAire:
“Tá an cinneadh déanta agam síneadh a chur leis an spriocdháta ar iarratas go dtí 9 Eanáir 2023. Teastaíonn uaim oiread ama agus is féidir a thabhairt d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí chun eolas iomlán a chur ar riachtanais na scéime agus chun a n-iarratais a chur isteach ar líne. Tá a fhios agam go mbeidh ról lárnach ag an Scéim Feabhsaithe Caorach i gcórais fheirmeoireachta na bhfeirmeoirí caorach thar tréimhse an CBT. Scéim fíorthábhachtach a bheidh ann chun feabhsuithe sa tréad a chur chun cinn chomh maith le tacaíocht ioncaim a thabhairt d’fheirmeoirí.”
Tá na Téarmaí & Coinníollacha don Scéim Feabhsaithe Caorach nuashonraithe chun riachtanais na ngíomhartha a bhaineann leis an Srianadh Reithe agus Seadán Géinitíopa (Comhaireamh Uibheacha Faecach) a shoiléiriú.
Is féidir le feirmeoirí nó le Comhairleoirí faofa ón gCóras Comhairleach Feirme iarratas a dhéanamh ar an scéim ar www.agfood.ie. Is é an spriocdháta chun iarratais a bheith faighte anois ná meán oíche Dé Luain 9 Eanáir 2023.
Tá tuilleadh sonraí faoin scéim, lena n-áirítear cóip de théarmaí agus de choinníollacha na scéime, doiciméad de Cheisteanna Coitianta, agus treoir chun iarratas a dhéanamh, le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Sheep Improvement Scheme
Tá an Roinn ag glacadh anois le hiarratais don Scéim Feabhsaithe Caorach ar www.agfood.ie. . Is féidir le feirmeoirí iarratas a chur isteach iad féin nó is féidir leo iarraidh ar Chomhairleoir faofa ón gCóras Comhairleach Feirme (CCF) é a dhéanamh ar a son. Tá liosta de Chomhairloeirí CCF le fáil freisin ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Farm Advisory System (FAS)
Má tá fadhb ar bith ag feirmeoir nó ag comhairleoir logáil isteach ar www.agfood.ie, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag agfood@agriculture.gov.ie nó 049-4368288.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin scéim, cuir glaoch ar an Roinn nó seol ríomhphost chuig: