Fógraíonn an tAire Noonan deontais €6 milliún ó Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2022
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit don Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán, an tUasal Malcolm Noonan, TD, inniu na deontais a bhronnfar le haghaidh réimse leathan tionscadal oidhreachta seandálaíochta faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2022 de chuid na Roinne. Cuirfear le tionchar na scéime a bhí ann anuraidh ar deonaíodh 139 dámhachtain faoi agus díreach faoi €4.2 milliún arbh é méid iomlán na ndámhachtain a deonaíodh. Táthar ag tacú le tionscadail i mbliana le hinfheistíocht iomlán de €6 milliún a thabhairt dóibh.
Is é príomhchuspóir Chiste na Séadchomharthaí Pobail tacú le séadchomharthaí áitiúla agus suíomhanna stairiúla a chaomhnú, a chothú, a chosaint agus a chur chun cinn. Tá roinnt bearta éagsúla i gceist leis atá dírithe ar obair chaomhnaithe ar shéadchomharthaí seandálaíochta a chumasú a mheastar a bheith suntasach agus a bhfuil tacaíocht phráinneach de dhíth orthu, rud a chuirfidh rochtain ar shéadchomharthaí seandálaíochta chun cinn, a chuirfidh feabhas ar an gcuma atá orthu agus a chuirfidh le seasmhacht na séadchomharthaí seandálaíochta chun go mbeidh siad in ann éifeachtaí an athraithe aeráide a sheasamh.
Faoi trí Shruth a thacaíonn Ciste na Séadchomharthaí Pobail le réimse leathan beart atá dírithe ar shéadchomharthaí seandálaíochta a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear obair dheisiúcháin chaomhnaithe éigeandála ar shéadchomharthaí, deisiúchán saoirseachta, Pleananna Caomhnaithe Bainistíochta a fhorbairt, bonneagar rochtana agus comharthaíocht léirmhínithe a shuiteáil, agus tionscadail meán sóisialta atá dírithe ar eolas a scaipeadh maidir le hoidhreacht seandálaíochta na hÉireann.
Dúirt an tAire Noonan inniu:
“Tá ríméad orm gradaim Chiste na Séadchomharthaí do 2022 a fhógairt. Leis an maoiniú méadaithe táimid ag fógairt €6 milliún inniu le haghaidh 128 dtionscadal a chuideoidh lenár n-oidhreacht álainn seandálaíochta a chosaint go mbeidh sí níos inrochtana dóibhsean a bhfuil an-mheas acu uirthi.
Cuidíonn na dámhachtainí seo linn na gealltanais éagsúla faoi Oidhreacht Éireann 2030 a chomhlíonadh, arb é an plean nua náisiúnta oidhreachta a seoladh ní ba luaithe i mbliana é. Tabharfaidh sé tuilleadh tacaíochtaí do phobail agus do chaomhnóirí agus don earnáil oidhreachta, d’ailtirí caomhnúcháin, do shaoir cloiche, agus cheirdeanna gairmiúla eile.
Cuideoidh na tionscadail seo leis an teacht aniar atá ann a neartú i gcoinne aimsir chrua agus tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, ar príomhghníomhaíocht é atá inár bPlean Oiriúnaithe um Aeráid.
Dúirt an tAire Noonan freisin:
“Ba mhaith liom Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta atá againn a mholadh dá hiarracht mhór maidir leis an scéim a bhainistiú agus na hÚdaráis Áitiúla a mholadh as an tacaíocht iontach a thug siad maidir leis na hiarratais a riar. Tá mé sásta go háirithe go bhfuilimid ag cuidiú le sprioc na bpobal áitiúil ar fud na hÉireann a n-oidhreacht sheandálaíochta a chosaint a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD:
“Lenár séadchomharthaí seandálaíochta, tabharfar mórtas áite do phobail thuaithe, do shráidbhailte, do bhailte, agus do chathracha ar fud na tíre. In éineacht le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Malcolm Noonan, TD, d’fhásamar an Ciste seo arís ó anuraidh chun go mbeidh fíorthionchar aige ar na pobail agus na séadchomharthaí. Léiriú ar an stair shaibhir atá thart timpeall orainn go léir is ea an réimse leathan tionscadal a cuireadh san áireamh.”
Chuir an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil Peter Burke fáilte roimh an bhfógra, agus an méid seo a leanas á rá aige:
“Is é an toradh atá ar an dlúthchaidreamh oibre idir Ciste Séadchomharthaí Náisiúnta ár Roinne agus na hÚdaráis Áitiúla- arb iad na Seandálaithe, na hOifigigh Caomhantais, na hOifigigh Oidhreachta agus an fhoireann phleanála agus riaracháin agus comhpháirtíocht le pobail iad- trína léirítear an ról luachmhar atá acu maidir le hOidhreacht na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn. De bharr cheiliúradh oidhreachta na seachtaine seo trí Lá Idirnáisiúnta na Séadchomharthaí agus na Láithreán, ar a dtugtar Lá Domhanda na hOidhreachta freisin, oireann sé go maith go dtugtar tacaíocht dár n-oidhreacht sheandálaíochta.”
Leagtar amach liosta iomlán na dtionscadal atá á maoiniú thíos agus is féidir teacht air ar shuíomh gréasáin na Roinne
Community Monuments Funding 2022
CRÍOCH
Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail ar dtús faoin bPacáiste Spreagtha Post i mí Iúil, 2020, nuair a d’fhógair an tAire Noonan leithdháileadh €1.4m le haghaidh caiteachas ar fheabhsuithe a dhéanamh ar shéadchomharthaí seandálaíochta. Tháinig méadú ar an maoiniú go níos mó ná €4m in 2021 agus €6m in 2022.
Is iad príomhaidhmeanna Chiste na Séadchomharthaí Pobail seanchomharthaí áitiúla agus láithreacha stairiúla a chaomhnú, a chothú, a chosaint agus a chur chun cinn. Tá roinnt sruthanna maoinithe aige atá dírithe ar obair chaomhnaithe a chumasú maidir le séadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a bhfuil tacaíocht phráinneach de dhíth ina leith, rochtain a bheith ar shéadchomharthaí a spreagadh chomh maith leis an gcuma atá orthu a fheabhsú agus seasmhacht na séadchomharthaí a neartú chun go mbeidh siad in ann éifeachtaí an athraithe aeráide a sheasamh.
Le Ciste na Séadchomharthaí Pobail déanfar €900,000 a infheistiú in oidhreacht seandálaíochta luachmhar na tíre chun cuidiú le húinéirí agus le caomhnóirí na séadchomharthaí seandálaíochta a chosaint amach anseo ar mhaithe leis na pobail áitiúla agus an pobal i gcoitinne.
Déanann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne an ciste a riar trí na hÚdaráis Áitiúla.
Tá 3 shruth ag Ciste na Séadchomharthaí Pobail:
Deontais suas le €85,000 atá dírithe ar dheisiúcháin riachtanacha agus obair chaipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú. I gcásanna eisceachtúla, ina mbíonn iarratais in éineacht le sonraíocht na hoibre atá costaithe go hiomlán agus Plean Caomhnaithe Bainistíochta atá i bhfeidhm cheana, rinneadh deontais suas le €100,000 a bhreithniú. 100% de na costais incháilithe
Deontais suas le €30,000 d’fhorbairt na bPleananna/Tuairiscí Caomhnaithe Bainistíochta atá dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus chun rochtain phoiblí a fheabhsú. 100% de na costais incháilithe
Deontais suas le €30,000 do rochtain ar bhonneagar agus léirmhíniú a fheabhsú (agus rochtain fhíorúil/ar líne san áireamh) ag séadchomharthaí seandálaíochta (agus bearta cosanta COVID 19 san áireamh). 100% de na costais incháilithe
Tugann Ciste na Séadchomharthaí Pobail maoiniú caipitil do thionscadail a mbíonn an méid seo a leanas i gceist leo:
(i) Séadchomharthaí seandálaíochta atá san áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (RMP) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú).
(ii) Séadchomharthaí seandálaíochta atá san áireamh sa Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí (SMR) mar a chuireann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta i dtoll a chéile iad.
Roghnaíodh tionscadail incháilithe ó na catagóirí seo a leanas:
a) tionscadail atá beartaithe ag Údarás Áitiúil maidir le séadchomharthaí seandálaíochta faoi úinéireacht phoiblí, i gcás inar léiríodh fócas oidhreachta soiléir nó leas poiblí;
b) tionscadail atá beartaithe ag Údarás Áitiúil de bhun iarratais a fhaightear ó iarratasóirí príobháideacha arb iad úinéirí nó caomhnóirí na séadchomharthaí seandálaíochta ábhartha iad i gcás ina bhfuil leas poiblí inláimhsithe ann;
c) tionscadail a bhfuil fócas oidhreachta atá leagtha amach go soiléir acu nó leas poiblí a mholann eagraíocht státmhaoinithe a oibríonn i réimse na hoidhreachta go díreach don Roinn.