Fógraíonn an tAire Noonan Maoiniú €4.5m do níos mó ná 550 Tionscadal Oidhreachta Tógtha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Áireofar €500,000 le haghaidh deisiúcháin chaomhantais ar struchtúir tuí stairiúla ar an maoiniú
D'fhógair an tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD, inniu (Déardaoin an 9 Márta) go mbainfidh 556 tionscadal oidhreachta i ngach contae sa tír leas as €4.5m san iomlán faoi Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SCOT) na bliana seo.
Tá SCOT ar cheann de dhá scéim mhaoinithe don oidhreacht thógtha atá á reáchtáil ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar leis na 31 Údarás Áitiúil. Cabhraíonn an scéim le húinéirí struchtúr oidhreachta – lena n-áirítear iad siúd atá ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta de chuid na n-údarás áitiúil agus iad siúd i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta – na hoibleagáidí atá orthu cúram a thabhairt dá réadmhaoine a chomhlíonadh trí dheontais le haghaidh maoiniú le cistiú meaitseála, suas le €15,000, a sholáthar do thionscadail.
Níl an scéim teoranta d'áitribh phríobháideacha; cuireann sé cúnamh ar fáil freisin do raon leathan struchtúr oidhreachta tábhachtach eile. Áiríonn SCOT na bliana seo gradaim ar shainchomharthaí tíre stairiúla amhail Ospís na Carraige Duibhe i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, Teach Pháirc na bhFianna i gContae an Chláir, Cloch an Otfaígh i Luimneach, agus Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, chomh maith le foirgnimh eaglaise, muilte, agus caisleáin stairiúla.
Áirithe maoiniú €500,000 le haghaidh deisiúcháin chaomhantais ar struchtúir tuí stairiúla incháilithe faoi scéim na bliana seo freisin. Tá deontais suas le €20,000 do struchtúir tuí ar fáil tríd an scéim. Mar shampla, tá €115,000 faighte ag Comhairle Contae na Gaillimhe le haghaidh 11 struchtúr thuí.
Agus é ag labhairt inniu, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Noonan:
“Is mór an pléisiúr dom an infheistíocht shuntasach seo inár n-oidhreacht thógtha a fhógairt. Ligfidh an infheistíocht do go leor úinéirí agus caomhnóirí struchtúir stairiúla agus chosanta ar fud na tíre oibreacha riachtanacha a chur i gcrích chun na struchtúir seo a chothabháil agus a chosaint ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht.
“Chuir mé béim i gcónaí ar an tábhacht a bhaineann le tacú lenár bpobail ina gcuid iarrachtaí ár n-oidhreacht thógtha a dheisiú, a chaomhnú agus a athchóiriú. Is ionann an maoiniú seo agus méadú 12.5% ar mhaoiniú na bliana seo caite, agus leagann sé béim ar thiomantas leanúnach an Rialtais seo ár dtimpeallacht thógtha a chosaint agus a chaomhnú, i gcomhréir leis na spriocanna atá leagtha amach in Oidhreacht Éireann 2030, an plean náisiúnta oidhreachta nua, a sheol mé anuraidh."
Agus é ag labhairt faoin bhfógra, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD:
“Is iontach an scéal é gur fógraíodh maoiniú €4.5m faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha. Ní hamháin go gcabhróidh sé seo ár n-oidhreacht thógtha a chothabháil ach cruthóidh sé tairbhí eacnamaíocha trí phoist a chruthú, lena n-áirítear iad siúd sna sainearnálacha sin a chuireann fostaíocht ar fáil do chonraitheoirí oidhreachta agus ceardaithe. Táim ag tnúth lena fheiceáil conas a rachaidh an maoiniú seo chun tairbhe go leor pobal trí na tionscadail chaomhantais nua spreagúla a dtabharfar fúthu sa bhliain atá amach romhainn.”
Chuir an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil, Kieran O'Donnell TD, fáilte roimh an bhfógra freisin:
“Is toradh é rath leanúnach Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha ar obair chrua na nÚdarás Áitiúil, go háirithe na hOifigigh Caomhantais Ailtireachta, an Oifigeach Oidhreachta, agus an fhoireann phleanála agus riaracháin. Tá an caidreamh idir an rialtas áitiúil agus an rialtas láir ríthábhachtach freisin don rath seo agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhfuil baint acu leis an bpróiseas seo. Táim ag súil le torthaí an mhaoinithe seo a fheiceáil ar thionscadail éagsúla laistigh dár mbailte, ag teacht le tiomantas an Rialtais seo Lár an Bhaile ar dTús a chur chun cinn"
Fógrófar sonraí na ndámhachtainí a deonaíodh faoi scéim oidhreachta tógtha eile na Roinne, Ciste na Struchtúr Stairiúil, tar éis a measúnaithe sna seachtainí atá amach romhainn.
CRÍOCH
Is féidir liosta na ndeontaithe faoi SCOT 2023 a fháil san aguisín seo a leanas.