Fógraíonn an tAire O’Donovan foilsiú Tuarascála um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, foilsiú Tuarascála um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce.
Mar fhreagra ar phaindéim COVID-19, tháinig méadú suntasach ar úsáid Pháirc an Fhionnuisce le haghaidh chaitheamh aimsire. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha ina bhfuil ceithre eagraíocht - Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Fhine Gall – chun treoir a thabhairt maidir le roghanna iompair agus réthaistil le haghaidh úsáideoirí uile Pháirc an Fhionnuisce a thabhairt chun cinn.
Ó bunaíodh an Grúpa an samhradh seo caite, tá obair ar bun chun na roghanna iompair agus réthaistil is fearr le haghaidh úsáideoirí uile Pháirc an Fhionnuisce a aimsiú, i bhfianaise an tionchair is lú ar na pobail mórthimpeall. Féachann an tuarascáil chuig na brúanna iomaíocha ar an bPáirc a fhreagairt ar bhealach stiúrtha ciallmhar agus deis a chruthú um chomhairliúchán poiblí sula gcuirtear aon roghanna críochnaithe iompair agus réthaistil i bhfeidhm.
Tá an Tuarascáil bunaithe ar bhunphrionsabail: bithéagsúlacht na Páirce a chosaint, aird a thabhairt ar fheidhm na Páirce mar láthair chaitheamh aimsire do dhaoine, bealaí iompair atá níos inbhuanaithe a spreagadh, féachaint chuig trácht comaitéireachta a laghdú, dul i gcomhairle le réimse leathan pháirtithe leasmhara agus a chinntiú go bhfuil gach cinneadh bunaithe ar fhianaise. Beidh na prionsabail seo mar bhonn faoi réitigh ar bith feasta agus faoi athruithe ar bith maidir le ceisteanna iompair agus réthaistil i bPáirc an Fhionnuisce.
De réir na bprionsabail, leagtar amach san Tuarascáil réiteach samhalta optamach sa mheántéarma agus sa bhfadtéarma, maidir le rochtain, eispéireas agus gluaiseacht chuairteoirí i bPáirc an Fhionnuisce chomh maith le timpeallacht na Páirce a chosaint; déantar réimse moltaí chun trácht comaitéireachta a laghdú, deiseanna rothaíochta agus coisíochta a mhéadú agus iompar poiblí teoranta a sholáthar. Tugann an Tuarascáil aird ar na ceisteanna casta a éiríonn sa Pháirc mar gheall ar an iliomad úsáideoirí iomaíocha a bhaineann úsáid as an láthair.
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
Léirigh an phaindéim COVID-19 do mhórán daoine na sochair a bhaineann le láthair mar seo, atá fíorluachmhar i gceantar mór uirbeach mar chathair Bhaile Átha Cliath. Is aidhm dúinn san tuarascáil seo na ceisteanna iompair agus réthaistil a éiríonn sa Pháirc a chur os cóir an phobail agus réitigh chiallmhara a mholadh. Tá deis anois ag an bpobal na moltaí a bhreathnú sula dtosaíonn an próiseas um Chomhairliúchán Poiblí ar 29 Eanáir. Rinneadh mórchuid oibre chun an tuarascáil seo a ullmhú agus tá súil againn go dtapóidh úsáideoirí na Páirce an deis chun é a léamh agus páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí.
Tugann an Tuarascáil aird ar an gcaoi ina n-úsáideann coisithe, rothaithe, lucht chaitheamh aimsire agus comaitéirí an Pháirc. Sa chomhthéacs seo, bhreathnaigh an Tuarascáil réimse roghanna. Is é an rogha is fearr atá ag teacht chun cinn ná Páirc an Fhionnuisce a athshuíomh mar acmhainn tábhachtach nádúrtha do mhuintir Bhaile Átha Cliath agus áiteanna mórthimpeall, ag féachaint chuig tréthrácht a laghdú sa mheántéarma agus sa bhfadtéarma. Thabharfadh an rogha seo freisin feabhas sábháilteachta do choisithe agus rothaithe chomh maith le roghanna iompair níos inbhuanaithe dóibh siúd atá ag obair sa Pháirc agus ag teacht chuig na háiseanna le haghaidh chuairteoirí.
Tosóidh an comhairliúchán poiblí ar 29 Eanáir 2021 agus tabharfar fógra breise roimh an dáta sin. Beidh an comhairliúchán ar oscailt don phobal go ceann sé seachtaine, go dtí 12 Márta 2021. Mar gheall ar shrianta COVID-19, is ar líne amháin a bheidh an comhairliúchán. Cuimseoidh sé sin seomra ‘fíorúil’ inar féidir an tuarascáil agus na mapaí a ghabhann leis a fhéachaint. Beidh rannóg le ‘ceisteanna coitianta’ freisin. Iarrrfar ar dhaoine gur spéis leo ceistneoir iompair agus réthaistil a líonadh ar líne agus aighneachtaí a sheoladh isteach. Ag deireadh na tréimhse chomhairliúcháin, déanfar anailís ar na haighneachtaí a fuarthas agus tá sé i gceist tuarascáil deiridh a fhoilsiú i mí Aibreáin 2021. Chun an tuarascáil iomlán a fheiceáil cliceáil anseo.
Phoenix Park | Transport and Mobility Options Study
Um breis eolais déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland