Fógraíonn an tAire O'Donovan maoiniú le haghaidh oibreacha um maolú tuile i gContae Luimnigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D, go bhfuil maoiniú faofa do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi Scéim OPW le haghaidh Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin Scéim seo, d'aontaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) maoiniú €45,720 a thairiscint don Chomhairle chun lintéir choincréide a athchur agus cainéal draenála a thógáil ag Breisín Theas, Cill Mocheallóg.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá an maoiniú á sholáthar ag OPW do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mar fhreagra ar thuiliú a tharla i limistéar Luimnigh Theas le linn an tsamhraidh anuraidh. Tuigim go rímhaith na ceisteanna a éiríonn ó thuiliú agus na deacrachtaí a tharlaíonn dá dheasca. Mar Aire i gceannas ar Oifig na nOibreacha Poiblí táim geallta um shaothrú chomh dian agus is féidir liom chun an t-airgead is mó a sholáthar le haghaidh scéimeanna dá leithéid seo ar fud na tíre.”
I mí Márta na bliana seo, cheadaigh OPW maoiniú €90,000 le haghaidh mionoibreacha um maolú tuile ag Baile na Tóna, Gallbhuaile; Geotún, Cill Mocheallóg; agus Baile an Bhoscnóidigh, Cill Fhíonáin. Ins na ceantair seo déanfar píobáin agus lintéir draenála a ghlanadh, draen nua uisce stoirme a thógáil agus cainéil a ghlanadh.
Ag cur fógra an lae inniu san áireamh, tá €135,720 in iomlán curtha ar fáil i mbliana le haghaidh oibreacha um maolú tuile sa cheantar seo.
-CRÍOCH-
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland