Fógraíonn an tAire Sláinte go mbunófar Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte Simon Harris TD inniu (Dé Sathairn) go mbunófar Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19.
Tagann bunú an Phainéil ag an Aire i ndiaidh moladh ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) le déanaí.
Scrúdóidh an painéal bearta náisiúnta agus idirnáisiúnta mar fhreagairt ar COVID-19, chomh maith le dea-chleachtas atá ag teacht chun cinn chun a chinntiú go mbeifear ullmhaithe do gach beart freagartha COVID-19. Tá sé seo i bhfianaise riosca agus tionchar leanúnach COVID-19 a bhfuil súil leis do thithe altranais thar an 6-18 mí atá romhainn.
Tuairisceoidh an Painéal don Aire faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2020.
Dúirt an tAire Harris:
"Le linn na freagartha ar an bpaindéim díríodh go háirithe ar na dúshláin in earnáil na dtithe altranais agus bhí sé agus tá sé ina phríomhthosaíocht domsa sa bhfreagairt fhoriomlán ar COVID-19.
"Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag pleanáil go cuí chun freastal ar dhúshláin leanúnacha COVID-19 go ceann i bhfad. Creidim gur gné ríthábhachtach de dhea-phleanáil é Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 a bhunú chun imscrúdú a dhéanamh agus comhairle a thabhairt maidir leis na gnéithe sin chun Éire a threorú trí thírdhreach COVID-19 agus a chinntiú go bhfuil na cosaintí is fearr is féidir i bhfeidhm chun na daoine go léir a chónaíonn i dtithe altranais a chosaint."
Beidh an tOllamh Cecily Kelleher, Príomhoide Choláiste na nEolaíochtaí Talmhaíochta agus Sláinte, CÓBAC, ina cathaoirleach ar an bpainéal saineolaithe ardleibhéil seo. Beidh an tOllamh Cillian Twomey (Geiriatraí ar scor), Petrina Donnelly, Grúp-stiúrthóir Altranais, Grúpa Ospidéal RCSI, agus Bridget Doherty, ag déanamh ionadaíochta ar leas an phobail, in éineacht leis an Ollamh Kelleher.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
"Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na saineolaithe as a dtoilteanas tabhairt faoin tasc tábhachtach seo agus táim ag súil le bheith ag obair go dlúth leo sna seachtainí amach romhainn."
Táthar ag súil go gcuirfidh an Painéal Saineolaithe tús lena chuid oibre scóipe go luath an tseachtain seo chugainn.
CRÍOCH
Ag a chruinniú an 14/05/2020, mhol an NPHET painéal saineolaithe a bhunú (Painéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 - scrúdú ar bhearta go dtí 2021) a dhéanfaidh, trí scrúdú ar bhearta náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le COVID-19 chomh maith le dea-chleachtas atá ag teacht chun cinn, moltaí don Aire Sláinte, faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2020, chun a chinntiú go mbeidh pleanáil déanta i ndáil le gach beart freagartha cosanta COVID-19 i bhfianaise an riosca agus an tionchair leanúnaigh a bhfuiltear ag súil leis ó COVID-19 do thithe altranais thar an 6-18 mí amach romhainn.
Tá an tOllamh Cecily Kelleher, DMed MD MPH FRCPI FFPHMI MRIA ina Príomhoide ar Choláiste na nEolaíochtaí Talmhaíochta agus Sláinte, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is Lán-Ollamh í i Míochaine & Eipidéimeolaíocht Sláinte Poiblí agus Iar-Déan Sláinte Poiblí ag COBÁC. Cuimsíonn a cuid spéiseanna taighde maidir le Eipidéimeolaíocht Chardashoithíoch agus Chothaithe agus Cur Chun Cinn na Sláinte. Tá sí ina príomh-imscrúdaitheoir ar staidéar Teaghlaigh Cohórt Trasghlúine Lifeways an Bhoird Taighde Sláinte ó 2001-to dáta, is Príomh-Imscrúdaitheoir í ar pháirt na hÉireann den Tionscnamh um Fhaireachas ar Mhurtall i measc Leanaí WHO agus bhí sí ina Ceannaire ar Staidéar Sláinte Lucht Siúil Uile-Éireann (2007-2011 ). Is iar-Chathaoirleach í ar na comhlachtaí reachtúla, ar Chomhairle Sláinte na mBan agus Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre. Faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach Uachtarán UCR NVRL agus tá sí ina ball de Bhord Ghrúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann agus de Bhord Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae.
Bhain an tOllamh Cillian Twomey céim amach sa leigheas ó COC i 1970 agus d’oibrigh sé ar feadh 31 bliana mar geiriatraí in Ollscoil Chorcaí agus in Ospidéil Naomh Finbarr, Corcaigh. Bhí freagrachtaí teagaisc air chomh maith do mhic léinn leighis CÓC, dochtúirí in oiliúint iarchéime chomh maith le haltraí agus gairmithe cúram sláinte eile. D'éirigh sé as an gcleachtas cliniciúil i mí na Samhna 2010.
Tá sé ina bhall agus ina chathaoirleach ar Ghrúpa Maoirseachta Hospital friendly Hospitals (HfH) de chuid Fhoras Ospíse na Éireann-FSS (2017 go dáta). Tá sé ina bhall de Bhord SAGE Advocacy clg (2017 go dáta). Bhí baint ag an Ollamh Twomey le raon gníomhaíochtaí eile lena n-áirítear: Cathaoirleach, Grúpa Stiúrtha a dhéanann maoirseacht ar thionscadal maoinithe trí bliana ón mBord Taighde Sláinte (HRB) maidir le treoracha réamhchúraim a chur i bhfeidhm i suíomhanna cúraim chónaithe agus ina bhall ar Bhord an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) 2010-2015.
Petrina Donnelly Uas., Stiúrthóir Grúpa Altranais, Grúpa Ospidéal RCSI
Príomh-Stiúrthóir Altranais agus Cnáimhseachais do Ghrúpa Ospidéal Máinlia an Choláiste Ríoga. Chuir dul isteach sa ghrúpa i mí Feabhra 2020 ag tús na paindéime deiseanna chun bealaí nua oibre a thabhairt isteach agus chun naisc láidre a thógáil leis an bpobal máguaird agus le háiseanna cúram sláinte príobháideacha. Chaith Petrina dhá bhliain roimhe sin ina Stiúrthóir Altranais do Ghrúpa Cúram Sláinte Príobháideach, agus bhí sí freagrach mar dhuine i gceannas ar Theach Cúraim Chónaithe nua den scoth a oscailt agus a chur i bhfeidhm. Áiríodh leis an ról sin próisis agus nósanna imeachta ceadaithe a bhunú chun na Caighdeáin Rialála Náisiúnta a chomhlíonadh agus a chinntiú go gcuirfí timpeallacht shábháilte agus chairdiúil ar fáil do chónaitheoirí agus do chomhaltaí foirne. Roimh an ról sin, chaith Petrina 18 mbliana i seirbhísí géarmhíochaine ag obair i róil éagsúla agus ar deireadh ag leibhéal Bainistíocht Feidhmeannach Altraí. Tá Petrina ina ball Feidhmiúcháin de Chumann Stiúrthóirí Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.
An tIonadaí Poiblí Bridget Doherty
D'oibrigh Brigid ina Abhcóide Othar ó 2010 go dtí go ndeachaigh sí ar scor, ag soláthar tacaíocht agus treoir abhcóideachta do dhaoine aonair a chreid go raibh drochthionchar ar rud éigin a tharla dóibh laistigh de chóras cúram sláinte na hÉireann orthu.
Is altra ginearálta agus cnáimhseach cáilithe í Brigid agus d’oibrigh sí i gcúram sláinte in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le breis agus 45 bliain. Tá a cuid taithí cúram sláinte ar fud suíomhanna ospidéil, ospíse agus pobail agus bhain sí amach taithí shuntasach bainistíochta ag leibhéil éagsúla le linn a gairme.
Faoi láthair tá Brigid ar roinnt Coistí Comhairleacha de chuid na Roinne Sláinte agus FSS, Coistí na Seirbhíse Scagthastála Náisiúnta mar ionadaí poiblí agus tá sí ina ball de Bhord NOCA.