Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonruithe ar liosta na Stát ainmnithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go mbeartaíonn sé cúig Stát bhreise a chur leis an liosta Stát Ainmnithe. Caithfidh daoine a thagann isteach in Éirinn tar éis dóibh bheith sna Stáit seo nó idirthuras a dhéanamh tríothu le 14 lá anuas tréimhse de Choraintín Éigeantach a chaitheamh in Óstán.
Is iad na tíortha breise atá le cur leis an liosta:
Cuirfear stáit atá á gcur leis an liosta stát ainmnithe san áireamh go luath ar an gcóras áirithinte le haghaidh Coraintín Éigeantach Óstáin, agus cuirfidh paisinéirí ó na Stáit seo tús le coraintín ó 04.00 Dé Máirt, an 8 Meitheamh. Is féidir teacht ar eolas breise ar Choraintín Éigeantach Óstáin ag www.gov.ie/quarantine.
Ceanglas dlíthiúil é go mbaineann gach duine atá ag taisteal go hÉirinn toradh diúltach ‘neamhbhraite’ amach ó thástáil RT-PCR faoinar tugadh tráth nach faide ná 72 uair an chloig sula dtagann siad go hÉirinn.
Anuas air sin, ceanglas dlíthiúil é freisin go ndéanann iad siúd ó thíortha nach bhfuil ainmnithe Coraintín sa Bhaile ar feadh 14 lá. Ní féidir an tréimhse seo de Choraintín sa Bhaile ar feadh 14 lá a ghiorrú ach má bhaineann tú toradh tástála neamhbhraite amach i dtástáil RT-PCR tráth nach giorra ná cúig lá i ndiaidh duit teacht go hÉirinn.
Níl costas ar bith ar thástáil agus is féidir é a chur in áirithe trí www.gov.ie/test.
Mar gheall ar buarthaí faoin athraitheach nua de COVID-19, moltar go mór do dhaoine atá ag taisteal ón mBreatain Mhór tabhairt faoi thástáil saor in aisce cúig lá i ndiaidh dóibh teacht go hÉirinn, agus chun cloí go dian leis na ceanglais dhlíthiúla maidir le coraintín baile.