Fógraíonn an tAire Stáit Heydon tionscadail rathúla maidir le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar an bhfeirm faoi tionscnamh an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach. (CNE)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht do Shábháilteacht ar Fheirmeacha Martin Heydon, T.D, tograí rathúla inniu faoi Céim 2 an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach. (EIP)
Direofar sna tionscadail ar deaileáil le dúshláin sláinte, sabháilteacht agus folláine ar an bhfeirm.
Rinne an tAire Heydon fógra maidir le thionscadail buaiteacha agus dúirt sé:
“Is é ceann de mo thosaíochtaí sláinte, sábháilteacht agus folláine ár bhfeirmeoirí, agus mar sin tá áthas orm a fhógairt go bhfuil 8 tionscadal ag dul chun feidhme iomlán an tseachtain seo chun a bheith ag an am céanna le Seachtain Sábhailteacht ar Fheirmeacha. Táim muiníneach go mbeidh na tionscadail rathúla a roghnaítear mar bhuntáiste suntasach i réimse na sláinte, sábháilteacht agus folláine feirmeora.”
Méadaíodh an buiséad tosaigh de € 1m go € 1.8m chun a chinntiú go bhféadfadh an líon uasta tograí is féidir dul i bhfeidhm go hiomlán.
"Cuireann an maoiniú breise seo béim ar mo thiomantas mar Aire atá freagrach as sábháilteacht feirme, agus tiomantas mo Roinne chun athrú dearfach a bhaint amach sa réimse seo," a dúirt an tAire Heydon.
Roghnaíodh na tionscadail rathúla tar éis Gairmeacha Oscailte ar thograí faoi Thionscnamh na gComhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpacha (EIP). Oibreoidh na hiarratasóirí rathúla go dlúth le cohórt mór feirmeoirí chun scéimeanna píolótacha cuimsitheacha a fhorbairt, a aithneoidh agus a chuirfidh i bhfeidhm bealaí nuálacha chun iompar agus dearcadh a athrú sa réimse ríthábhachta seo.
Mar fhocail scoir, dúirt an tAire Heydon, go “ndéanfaidh na tionscadail rathúla seo cur chuige nuálaíoch a phíolótú maidir le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar an bhfeirm agus spreagann siad athrú ar iompar ón mbun aníos maidir le sábháilteacht feirme.
Tá sonraí na dtograí rathúla leagtha amach sa tábla thíos
Teideal an Tionscadail | Cur Síos Ginearálta |
F.A.R.M Connect | Oibreoidh folláine, feasacht, athléimneacht, tionscnamh Connect Meitheal F.A.R.M Connect) le feirmeoirí i Ros Comáin agus i bPort Láirge chun oiliúint a chur ar na feirmeoirí ar shláinte fhisiciúil, ar shláinte mheabhrach agus ar fholláine. |
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do Theaghlaigh Feirme (Ar Líne) | Forbróidh forbairt ghairmiúil leanúnach an teaghlaigh feirme (CPD) clár oiliúna sláinte agus sábháilteachta ar líne chun iompar daoine a athrú go dearfach chun rioscaí atá ann ar fheirmeacha teaghlaigh a mhaolú. |
Tionscadal Béal Átha na Muice | Oibreoidh Tionscadal Béal Átha na Muice le feirmeoirí i Maigh Eo chun iniúchadh a dhéanamh ar na dúshláin mheabhracha agus na deacrachtaí a bhaineann leis an bpróiseas comharbas feirme agus chun tacaíochtaí a sholáthar chun cuidiú leis an teaghlach feirme aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo. |
Tionscadal Meitheal Feirme | Cuirfidh an tionscadal seo tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh a tharla bás tobann nó tráma feirme dá dteaghlaigh i ndiaidh imeachtaí den sórt sin chun cabhrú leis an teaghlach chun déileáil le dúshláin den sórt sin. |
Feirmeoirí ag Spreagadh Feirmeoirí a bheith Sábháilte | Glacfaidh an tionscadal ‘Feirmeoirí ag Spreagadh Feormeoirí a bheith Sabháilte’ le cur chuige píolótach meantóireachta agus ‘piara go piara’ chun athrú dearcaidh agus iompair feirmeoirí a athrú trí dul i ngleic le noirm shóisialta maidir le sábháilteacht feirme trí líonra de mheantóirí feirme oilte a bhunú i gcontaetha a bhfuil rátaí báis suntasacha feirme acu, m.s Corcaigh, Tiobraid Árann agus Loch Garman |
Feirm Shábhailte (Farm Safe) | Déanfaidh an tionscadal ‘Feirm Shabháilte’ clár saincheaptha oiliúna feirm shábháilte a fhorbairt, a sheachadadh a mheasúnú agus a athbhreithniú cur chuige rannpháirtíochta ón mbun aníos. I dtosach báire, glacfaidh píolóta de 200 feirmeoir páirt sa chlár feirme sábháilte, agus é mar aidhm clár oiliúna tionscail creidiúnaithe a bhunú. |
Eco-T | Tá sé mar aidhm ag an tionscadal Eco-T - Freagra comhoibritheach ar mheabhairshláinte feirmeoirí agus féinmharú a chosc agus folláine sláinte meabhrach dearfach sa phobal feirmeoireachta a chur chun cinn trí shraith de teiripe Éicea, teiripe eachtraíochta, Piaraí chun tacú le piaraí agus cláir bhainistíochta struis. |
Sláinte agus Beatha Feirmoirí Conamara (SBFC) | Tá an tionscadal SBFC dírithe ar shláinte agus ar shábháilteacht ar an bhfeirm a chur chun cinn agus a fheabhsú ag leibhéal áitiúil ar fheirmeacha ar fud réigiún Chonamara. Bainfear é seo amach trí shraith uirlisí lena n-áirítear measúnuithe riosca, cláir oiliúna, seónna raidió agus láithreacht ghníomhach i scoileanna ar fud an réigiúin. |
Nóta d'Eagarthóirí
Is é Coimisiún an AE agus Rialtas na hÉireann a chómhaoiníonn an tionscnamh EIP mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann. Go bunúsach, tá raon de pháirithe leasmhara ag baint leis an tionscamh EIP (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha) ag teacht le chéile i ndáil le ‘grúpaí oibríochtúla’ chun réitigh nuálacha a thriail atá forbartha ag an Grúpa iad féin. Tá réimse leathan ghrúpaí oibriúcháin EIP atá ann cheana féin faoi RDP na hÉireann, ach is é seo an chéad ghlaoch ar thograí a spreagann go sonrach le sláinte, sábháilteacht agus folláine na feirme.
I gCéim 1 , caithfidh na ghrúpaí sonraí imlíneach ar a dtogra agus a gcur chuige a sholáthar. Is é seo an chéim atá á seoladh anois, le dáta deiridh an 29 Eanáir 2021. Déanann Coiste Saineolaithe na tograí gearra seo a mheasúnú, agus na tograí a roghnaítear go rathúil ag Céim 1 a théann ar aghaidh go dtí Céim 2 .
I gCéim 2 , forbraítear na tograí tosaigh i bhfad níos mine agus ní mór do gach togra plean mionsonraithe tionscadail a chur isteach ag an bpointe seo - tá forbairt na bpleananna seo maoinithe faoin tionscnamh EIP. Déantar measúnú arís ar na pleananna tionscadail mionsonraithe seo go léir, le tionscadail rathúla ag gluaiseacht go hiomlán. Maoinítear cur i bhfeidhm na dtionscadal freisin faoin tionscnamh CEN.
Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi Thionscnamh an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach ar shuíomh gréasáin na Roinne ag DAFM - Comhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach nó trí theagmháil a dhéanamh le EIP@Agriculture.gov.ie