Fógraíonn McConalogue gur bronnadh 62 deontas ar Ghrúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh faoi Chlár CEMI na Roinne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu gur bhronn na seacht nGrúpa Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh a bunaíodh faoi Chlár an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh 62 deontas ar fiú €915,295 iad. Bronntar na deontais ar 62 grúpa pobail agus micrifhiontar cósta áitiúil, den chuid is mó. Comhchistíonn Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach na deontais.
Dúirt an tAire McConalogue agus na bronntaí deontais á bhfógairt aige:
“Bhí an rath geal ar an Scéim GÁGI faoi Chlár Forbartha Bia Mara mo Roinne. D’éirigh leis na seacht GÁGI a leithdháileadh iomlán €12 milliún faoi Chlár CEMI mo Roinne a scaipeadh anois, nuair a chuirtear bronnadh na ndeontas san áireamh atá á fhógairt agam inniu. Tá an Scéim GÁGI á hoibriú díreach ón mbliain 2017, i ndiaidh clár gearr píolótach sa chlár roimhe seo agus tá sé imithe ó neart go neart. Léiríonn seo ní hamháin an t-éileamh atá ar an gcistiú forbartha áitiúla sin inár bpobail chósta ach obair dhian na n-oibrithe deonacha chomh maith céanna, a bhfuil go leor díobh inár n-earnálacha bia mara agus muirí níos fairsinge, atá mar bhaill de bhoird gach cinn dár seacht GÁGI”.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Creidim go bhfuil féidearthacht shuntasach bhreise ag tionscnamh GÁGI sna blianta amach romhainn chun gnólachtaí nuathionscanta agus forbairt gnólachtaí bia mara agus muirí a chur chun cinn níos mó agus féadfaidh sé a bheith ina ghné lárnach dár straitéis chun tionchair a laghdú ar ár bpobail chósta”.
Tá an Scéim GÁGI dúnta anois, i ndiaidh gur caitheadh a leithdháileadh iomlán agus cuirfear tús le próiseas mar chuid den Chlár Forbartha Bia Mara nua 2021-27 a ullmhú chun GÁGIanna a cheapadh don chéad tréimhse chláir eile. Beidh na GÁGIanna nua ag oibriú in 2022.
Is féidir teacht ar shonraí faoin Scéim GÁGI anseo .
Nótaí don Eagarthóir
Seoladh Clár Oibríochtúil an CEMI in Eanáir 2016. Cuireann an Clár cistiú €240 milliún ar fáil don earnáil bhia mara earnáil (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) i gcaitheamh na tréimhse 2014 go 2020. Tá an Clár comhchistithe ag an Státchiste agus an AE.
Straitéis forbartha pobail chósta é GÁGI, Grúpa Gníomhaíochta Áitiúla Iascaigh, a bhfuil ciste €12 milliún aige do 7 bpobal cósta ainmnithe Éireannacha. Is iad na 7 GÁGI: GÁGI an Deiscirt (Corcaigh), an Iardheiscirt (Ciarraí, Luimneach), an Oirdheiscirt (Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin) an Iarthair, (Gaillimh, an Clár), an Iarthuaiscirt (Maigh Eo, Sligeach, Liatroim), an Tuaiscirt (Dún na nGall), agus Oirthuaiscirt (Baile Átha Cliath, Lú, an Mhí).
Cabhraíonn Bord Iascaigh Mhara (BIM), an Ghníomhaireacht Forbartha Bia Mara, le GÁGIanna an scéim seo a sholáthar trí thacaíochtaí a riar trí chúnamh deontais, oiliúint agus éascú ar an talamh, agus tá comhordaitheoirí tiomnaithe réigiúnacha GÁGI i ngach réigiún.
Ba iad seo a leanas na deontais a bronnadh:
GÁGI | Líon tionscadal | Infheistíocht Iomlán | Deontais a Bronnadh |
An tIarthar | 4 | €82,704 | €42,158 |
An tIarthuaisceart | 16 | €568,752 | €272,959 |
An Tuaisceart | 10 | €618,558 | €306,347 |
An tOirthuaisceart | 3 | €56,534 | €45,227 |
An tOirdheisceart | 4 | €49,265 | €38,236 |
An tIardheisceart | 12 | €247,334 | €107,842 |
An Deisceart | 13 | €193,729 | €102,523 |
IOMLÁN | 62 | €1,816,879 | €915,295 |
Leagtar amach sonraí faoi na deontais aonair a bronnadh do gach ceann de na seacht GÁGI.
EMFF FLAG details as Gaeilge - July 2021
EMFF FLAG details as Gaeilge - July 2021
CRÍOCH