Fógraíonn OPW tuilleadh láithreacha oidhreachta ar oscailt ó 10 Bealtaine
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoi réir fhógra an Rialtais gur féidir músaeim agus gailearaíthe a athoscailt ó 10 Bealtaine, tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go mbeidh tuilleadh láithreacha oidhreachta ar oscailt do chuairteoirí an tseachtain seo chugainn, agus tuilleadh fós ins na seachtainí atá romhainn. Imeasc na suíomhanna atá ar oscailt ón Luan seo chugainn tá Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne, le rochtain ar Láthair Oidhreachta Domhanda UNESCO ansin, chomh maith le Cnómha agus Dubhadh.
Imeasc na suíomhanna a osclófar le haghaidh turais féintreoraithe tá Teachín an Phiarsaigh, Teach Seandroichid agus Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne, na Seomraí Stáit ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, Teach Cóiste Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus Caisleán Chill Chainnigh. Sa Teach Cóiste tá taispeántas nua dar teideal ‘100 Lithographs: Dante’s Divine Comedy by Liam Ó Broin’, ceann d’imeachtaí na bliana seo ag comóradh 700 bliain ó cailleadh an file Iodáileach meánaoiseach Dante Alighieri. I gCaisleán Chill Chainnigh, tá ath-léirmhíniú déanta ar chuid mhór de sheomraí an Chaisleáin; tá bailiúchán ealaíne mhuintir Urumhan, táipéisí 17ú aoise Decius Mus agus míreanna suimiúla eile ar taispeáint.
Ar 12 Bealtaine, osclófar an bunurlár ag Teach Bhaile an Chaisleáin um thurais féintreoraithe cúig lá sa tseachtain. Ar 13 Bealtaine, osclófar an bunurlár ag Cúirt Dhún ar Aill (Déardaoin go Domhnach) agus osclófar Caisleán an Rois um chuairteanna treoraithe ar 14 Bealtaine. Osclófar Teach Uí Bhrisleáin ar Oileán Garinis um chuairteanna féintreoraithe ar 20 Bealtaine agus Caisleán Ráth Fhearnáin ar 24 Bealtaine.
Is tosaíocht OPW sábháilteacht do chách. Tá dianobair déanta ag foireann OPW chun measúnú priacail a dhéanamh ins na láithreacha stairiúla seo agus bealaí aontreo a leagan amach chun scaradh sóisialta a chinntiú. I dteannta le gairdíní agus páirceanna OPW a coinníodh ar oscailt le linn na srianta i mbliana, beidh ról tábhachtach ag na suíomhanna athoscailte seo maidir le sláinte agus maitheas an phobail agus an saol cultúrtha áitiúil a athbheochan, le linn dúinn teacht slán ón phaindéim COVID-19.
-CRÍOCH-
Um breis eolais nó grianghraif déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Tá liosta iomlán láithreacha stairiúla OPW – tithe, séadchomharthaí, músaeim, páirceanna agus gairdíní – atá ar oscailt are fail ag: Information on OPW Heritage Sites and COVID-19
Moltar do chuairteoirí heritageireland.ie a fhéachaint chun an t-eolas is déanaí maidir le huaireanta oscailte agus socruithe áirithinte an tsuímh is rogha leo a fháil.