Fógraíonn an tAire Hackett Athbhreithniú Neamhspleách ar thacaíochtaí na Scéime um Chríonadh Siar Fuinseoige
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as cúrsaí foraoiseachta, an Seanadóir Pippa Hackett, go bhfuil athbhreithniú neamhspleách ar bun ar scéim tacaíochta um chríonadh siar fuinseoige a Roinne.
Déanfaidh an grúpa athbhreithniú ar na tacaíochtaí reatha agus ar thacaíochtaí roimhe seo atá ar fáil d’úinéirí talún le plandálacha fuinseoige maoinithe faoin gClár Foraoiseachta Náisiúnta atá ionfhabhtaithe le Chalara anois agus déanfaidh sé moltaí faoi na tacaíochtaí sin chuig an Aire laistigh de thrí mhí.
Beidh an grúpa comhdhéanta de thriúr ball de Bhord an Tionscadail a dhéanfaidh maoirseacht ar chur i bhfeidhm Thionscadail na Coillearnaí:
Dúirt an tAire Hackett
“Ar an drochuair tá críonadh siar na fuinseoige eindéimeach inár dtuath anois. Go dtí seo tá breis is €9m curtha ar fáil ag mo Roinn mar thacaíocht d'úinéirí talún a bhfuil plandálacha ionfhabhtaithe acu trína suíomhanna a bhaint agus a athphlandáil le speicis eile. Táimid tar éis na rátaí seo a dhúbailt le déanaí freisin. Agus muid ag druidim le 10 mbliana de na tacaíochtaí seo, d'éist mé le húdair imní na n-úinéirí talún agus chuir mé de chúram ar ghrúpa neamhspleách athbhreithniú a dhéanamh ar thacaíochtaí reatha na Roinne. Tá Jo O’Hara, Jerry Grant agus Matt Crowe tar éis an-chúnamh a thabhairt chun Tionscadail na Coillearnaí a sholáthar agus táim buíoch as a dtoilteanas tabhairt faoin tasc breise seo.
Dúirt an tAire freisin
“Tá iarratais ar chúnamh faighte ag mo Roinn faoi na scéimeanna seo do bheagnach 6,500 heicteár d'fhuinseog le cúnamh deontais go dtí seo. Tá sé tábhachtach agus clár nua Foraoiseachta á thabhairt isteach go leanfaidh feirmeoirí de bheith muiníneach as na scéimeanna Foraoiseachta agus beidh an t-athbhreithniú seo thar a bheith tráthúil. Beidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ina chuid riachtanach den Athbhreithniú agus beidh an Grúpa i dteagmháil dhíreach le páirtithe leasmhara lena chinntiú go gcloisfear a nguth. Táim ag súil le tuarascáil deiridh an ghrúpa a fháil roimh an 15 Meán Fómhair agus breithneoidh mé a mholtaí go hiomlán ina dhiaidh sin.”
Is iad seo a leanas na Téarmaí tagartha don Athbhreithniú:
1. Athbhreithniú a dhéanamh ar thacaíochtaí reatha RTBM d'Úinéirí Talún atá buailte ag Críonadh Siar na Fuinseoige i bplandálacha a fhaigheann deontas;
2. Dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ábhartha chun a dtuairimí a fháil ar na tacaíochtaí reatha d’úinéirí talún;
3. Moltaí a dhéanamh don Aire maidir le héifeachtacht na dtacaíochtaí sin