Fógraíonn an tAire Hackett athoscailt na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí don bhliain 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett go bhfuil an Scéim Feirmeoireachta Orgánach oscailte anois d’iarratasóirí nua. Tagann an scéim athoscailte, atá mar chuid de ghealltanas Chlár an Rialtais méadú suntasach a dhéanamh ar thalamh a ndéantar feirmeoireacht orgánach air in Éirinn, le buiséad breise de €5m le glacadh le hiontrálaithe nua.
Ag fógairt athoscailt na Scéime, dúirt an tAire Hackett,
“Tá roinnt athruithe déanta agam ar an scéim i mbliana, ag ísliú an ráta stocála riachtanach agus ag leathnú an limistéir a íoctar ag an ráta níos airde. Tá súil agam go meallfaidh na hathruithe i bhfad níos mó feirmeoirí tabhairt faoi fheirmeoireacht ar bhealach a d’fhéadfadh praghsanna níos airde agus bealach feirmeoireachta níos inbhuanaithe a bheith mar thoradh air. Tá costais arda ionchuir ann d’fheirmeoirí faoi láthair agus is deis é seo chun éagsúlú a dhéanamh agus mholfainn go mór d’fheirmeoirí smaoineamh ar an gcur chuige seo i leith na feirmeoireachta.”
Agus pointe á déanamh aici go gcuideoidh an scéim feirmeoireachta orgánaí lena tiomantas méadú mór a dhéanamh ar fheirmeoireacht orgánach in Éirinn, dúirt an tAire:
“Creidim go n-éascóidh an leibhéal suntasach maoinithe a chuirtear ar fáil don Scéim nua seo iontráil go leor feirmeoirí nua isteach sa chóras feirmeoireachta orgánaí. Tabharfaidh sé seo deis do neart iarratas rathúil ó gach cineál fiontair agus mholfainn d’fheirmeoirí i ngach earnáil smaoineamh ar iarratas a dhéanamh.”
Dúirt sí:
“Tá an scéim agus an maoiniú ailínithe go dlúth leis na spriocanna sa Straitéis Náisiúnta um Fheirmeoireacht Orgánach 2025 agus cabhróidh siad linn iad a bhaint amach. Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scéim, beidh mé ag tabhairt tosaíochta do na hearnálacha sin a bhfuil an t-éileamh is mó ar an margadh orthu, ach ba mhaith liom freisin feirmeoirí óga a spreagadh chun tiontú go feirmeoireacht orgánach ionas go mbeidh foráil sa phróiseas roghnúcháin chun é seo a bhaint amach freisin.”
Agus í ag lua go gcaithfear iarratais ar an scéim a dhéanamh ar líne trí chóras ar líne na Roinne agfood.ie, dúirt an tAire,
“Tá an próiseas iarratais féin simplí go leor. Tá saibhreas eolais agus treorach ar fáil d’fheirmeoirí trí mo Roinnse, Teagasc agus na comhlachtaí deimhnithe orgánacha. Ar ndóigh, ba cheart d’fheirmeoirí labhairt go díreach lena gcomhairleoir féin má tá siad ag smaoineamh ar dhul isteach sa scéim. Mholfainn do gach feirmeoir iad féin a chur ar an eolas faoi na deiseanna atá anseo agus machnamh iomlán a dhéanamh air.”
Nótaí chuig na hEagarthóirí:
· Is beart comhshaoil talmhaíochta í an Scéim Feirmeoireachta Orgánach faoin Chlár um Fhorbairt Tuaithe na Roinne. D’fhéadfadh feirmeoirí a théann isteach sa scéim cáiliú d’íocaíochtaí bliantúla suas le €220 in aghaidh an heicteáir le linn na tréimhse tiontaithe agus suas le €170 in aghaidh an heicteáir nuair a bhíonn stádas orgánach iomlán bainte amach acu. Tá rátaí íocaíochta níos airde ar fáil d’fheirmeoirí gairneoireachta orgánacha agus curaíochta. Is féidir le feirmeoirí a dhéanann iarratas i mbliana leas a bhaint as aon rátaí nua a thugtar isteach an bhliain seo chugainn faoin CAP nua.
· Beidh an Scéim oscailte d’iarratais ó gach earnáil ón lá inniu amach (an 9 Feabhra). Beidh sé ar oscailt go dtí an 8 Aibreán 2022.
· Is iad seo a leanas na hathruithe ar an scéim reatha:
o an limistéar ag a bhfaighidh feirmeoirí íocaíocht níos airde méadaithe ó 60 heicteár go 70 ha mar aitheantas ar an limistéar níos mó a bhfuil feirmeoirí lánaimseartha ag déanamh feirmeoireachta air.
o beidh feirmeoirí le stoc fairsing anois in ann íocaíocht iomlán a fháil faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánach ar an gcoinníoll go sásaíonn siad na híosleibhéil stocála a bhaineann leis an Scéim um Réimsí Srianta.
• Tá treoir maidir le próiseas iarratais na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí agus doiciméad Ceisteanna Coitianta ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne chun cabhrú le hiarratasóirí ionchasacha ag www.gov.ie/en/service/d46aec-organic-farming-scheme/
• Tá sraith Bileog Fíricí Orgánacha nua forbartha ag Teagasc chun eolas a thabhairt d’fheirmeoirí atá ag smaoineamh ar roghanna fiontair orgánacha. Ina theannta sin, forbraíodh treoirleabhar nua “Organic Farming – A Step-by-Step Guide to Conversion” agus tá sí ar fáil ar láithreán gréasáin Teagasc. www.teagasc.ie/rural-economy/organics/
• Má bhíonn ró-éileamh ar an Scéim, cinnfear iarratais rathúla trí phróiseas rangaithe agus roghnúcháin. Bronnfar marcanna ar gach earnáil agus é mar aidhm an limistéar faoi tháirgeadh orgánach a mhéadú, agus tosaíocht a thabhairt do réimsí a mheastar a bheith in easnamh. Is iad na réimsí a mheasann an Grúpa Straitéise Orgánach a bheith in easnamh ná déiríocht, curaíocht agus gairneoireacht.
• Tá cóipeanna de théarmaí agus de choinníollacha na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí ar fáil ar leathanach orgánach na Roinne ag www.gov.ie/en/service/d46aec-organic-farming-scheme/
CRÍOCH