Fógraíonn an tAire Hackett Chéad Chruinniú Bhord Thionscadal na Coillearnaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, gur thionóil Bord an Tionscadail, a dhéanfaidh maoirseacht ar ‘Tionscadal na Coillearnaí’ (Project Woodland) a sholáthar, a chéad chruinniú.
Agus í ag trácht ar an gcruinniú a cuireadh ar siúl tráthnóna inné, dúirt an tAire,
“Léiríonn an luas ar tháinig Bord an Tionscadail agus Cathaoirligh na nGrúpaí Oibre le chéile go soiléir a phráinní atá Tionscadal na Coillearnaí agus a thiomanta atá mo Roinn agus na páirtithe leasmhara dó. Ní foláir dúinn araon na deacrachtaí atá san earnáil foraoiseachta faoi láthair a réiteach agus cruthú coillearnaí in Éirinn a athbheochan. Creidim go gcabhróidh an tionscadal seo, agus a struchtúr tiomnaithe bainistíochta tionscadail, linn é sin a dhéanamh. Táim thar a bheith buíoch de na baill neamhspleácha a d’aontaigh cabhrú linn cé acu trí bheith ina mbaill de Bhord an Tionscadail nó ina gCathaoirligh den Ghrúpa Oibre. Ní féidir le Tionscadal na Coillearnaí an sprioc a bhaint ach má oibríonn gach aon duine as lámh a chéile agus táim ag tnúth go mór lena gcéad chruinnithe bheith á dtionól ag Grúpaí Oibre Páirtithe Leasmhara go ríghairid amach anseo.”
Dheimhnigh an tAire ballraíocht Bhord an Tionscadail agus d’fhógair sí ainmneacha iad siúd ar iarradh orthu cathaoirleacht a dhéanamh ar na ceithre Ghrúpa Oibre. Is éard a bheidh i mBord an Tionscadail an cathaoirleach Brendan Gleeson, Ard-Rúnaí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, Jo O’Hara, agus beirt bhall eile seachtrach a bhfuil taithí acu ar rialachas tionscadal, Jerry Grant agus Sarah O’Shea. Déanfaidh Michael Cantwell, an Dr Matt Crowe, an tOllamh Thia Hennessy agus Michael Layde cathaoirleacht ar na Grúpaí Oibre.
Dúirt an tAire, agus na ceapacháin siúd á bhfógairt,
“Táim an-sásta gur ghlac an ceathrar daoine seo ar a bhfuil ardmheas agus a bhfuil an-taithí acu leis na róil agus táim ag tnúth le hoibriú go dlúth leo. Beidh roinnt páirtithe leasmhara i ngach Grúpa Oibre agus beidh siad freagrach as príomhchuspóirí a sholáthar, faoi mar a shainaithnítear i dtuarascáil Jo O’Hara.”
D’aontaigh Bord an Tionscadail leis gur cheart do na Grúpaí Oibre teacht le chéile láithreach chun aontú ar bhunspriocanna inghnóthaithe agus garspriocanna tionscadail. Cuirfear iad seo in iúl do Bhord an Tionscadail chun a fhaomhadh a fháil. D’aontaigh an Bord freisin leis an tsonraíocht d’acmhainn thiomnaithe bainistíochta tionscadail a cheapadh chun tacú leis an tionscadal agus aontaítear leis gur gá cumarsáid shoiléir agus thrédhearcach a dhéanamh leis an speictream iomlán páirtithe leasmhara agus go gcuirfidh sé straitéis cumarsáide ar fáil lena chinntiú go mbíonn saoránaigh go hiomlán curtha ar an eolas ar dhul chun cinn agus ar réimse fairsing saincheisteanna foraoiseachta.
Mar fhocal scoir, chuir an tAire Hackett fáilte roimh an struchtúr Rialachais nua a bhunú mar an gcéad chéim ríthábhachtach chun beartas foraoiseachta a sholáthar a fhreastalaíonn ar saoránach agus an tionscail.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Seo a leanas ballraíocht Bhord Thionscadal na Coillearnaí agus Cathaoirligh an Ghrúpa Oibre:
Seo a leanas ballraíocht Bhord Thionscadal na Coillearnaí agus Cathaoirligh an Ghrúpa Oibre
Seo a leanas ballraíocht Bhord Thionscadal na Coillearnaí agus Cathaoirligh an Ghrúpa Oibre
Tá Tuarascálacha Jo O’Hara agus Mackinnon foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne ag:
agus
CRÍOCH