Fógraíonn an tAire Hackett foilsiú Staidreamh Foraoise na hÉireann 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu foilsiú thuarascáil bhliantúil na Roinne maidir le staidreamh na foraoise don bhliain 2022. Déantar an tuarascáil seo a fhoilsiú go bliantúil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara.
Agus ‘Staidreamh Foraoise na hÉireann 2022’ á sheoladh aici, dúirt an tAire:
“Tá eastát iomlán náisiúnta na foraoise ag méadú fós, le 11.6% d'achar iomlán talamh an Stáit nó 808,848 heicteár bainte amach aige anois. Tá an méadú seo mar thoradh ar an gcoillteoireacht dhíreach agus ar mhéadú nádúrtha na foraoise leathnádúrtha. Don chéad uair i stair an stáit, tá limistéar na bhforaoisí faoi úinéireacht phríobháideach níos mó ná limistéar na bhforaoisí atá faoi úinéireacht phoiblí.”
Ag tabhairt faoi deara go bhfuil treocht an limistéir bhliantúil atá á fhoraoisiú dul i laghad, dúirt an tAire:
“Ní mór aghaidh a thabhairt aa leithéid agus beidh ról ríthábhachtach le himirt ag obair Project Woodland (Tionscadal an Choillearnaigh) agus straitéis nua na foraoise agus clár nua na foraoiseachta á bhforbairt againn. Caithfimid cruthú na bhforaoisí nua a dhreasú trí chlár nua na foraoiseachta, a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Eanáir na bliana 2023, ní hamháin chun ár gcuspóirí eacnamaíocha a bhaint amach ach lenár spriocanna um athrú aeráide agus ár n-aidhmeanna maidir leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú chomh maith.”
“Cé gurbh bheag é achar an fhoraoisithe anuraidh, bainim sásamh as méadu céatadán na gcrann leathanduilleach a bhí á bhforaoisiú ó 34% sa bhliain 2020 go dtí 41% sa bhlaiin 2021. Tharla méadú mar an gcéanna ar an scéim um Bunú na gCoillearnach Dúchais, arna hoibriú ag mo Roinn, ó 18.9% sa bhliain 2020 go dtí 29.6% sa bhliain 2021.”
Agus trácht á dhéanamh aici ar an tuarascáil, dúirt an tAire:
“Níos luaithe i mbliana, chríochnaigh mo Roinn bailiú allamuigh na sonraí ar an gceathrú timthriall d'Fhardal Náisiúnta na Foraoise. Bailíodh raon fairsing naa faisnéise ar eastát foraoise na hÉireann lena n-áirítear faisnéis ar limistéar na foraoise agus comhdhéanamh na speiceas, stoc an fháis, an bhithéagsúlacht, sláinte na foraoise agus cion an charbóin. Cuirifidh timthriall seo is déanaí an fhardail faisnéis thábhachtach ar fáil dúinn maidir le ghnéithe ar nós an t-athrú ar limistéar na foraoise, an méadu ar thoirt an adhmaid agus achar na foraoise atá á bhaint.”
Eiseofar torthaí breise agus níos doimhne ón gceathrú timthriall d' Fhardal Náisiúnta na Foraoise níos déanaí sa bhliain nuair a bheidh anailís na sonraí curtha i gcrích.
Áirítear i ‘Staidreamh Foraoise na hÉireann 2022’:
1. Tá eastát náisiúnta na foraoise ag leathnú fós agus 11.6% d'achar iomlán talamh an Stáit bainte amach aige anois, le raon leathan cineálacha na foraoise i láthair. Mhéadaigh achar iomlán na foraoise ó 770,020 heicteár (ha) sa bhliain 2017 go dtí 808,848 heicteár faoi láthair. Thainig a leithéid mar thoradh ar an bhforaoisiú agus ar leathnú nádúrtha na foraoise leathnádúrtha.
2. I rith na bliana 2021, cuireadh 2,016 ha d’fhoraois nua ar bun. Bhí achar na coillteoireachta nua ab airde ag Contae Chorcaigh le 343 heicteár agus agus as Contae Ros Comáin ina dhiaidh sin ag 190 ha.
3. Tá 69% d'achar náisiúnta na foraoise faoi speicis bhuaircíneacha agus agus 31% faoi speicis leathanduilleacha.
4. Mhéadaigh comhréir na leathanduilleogach san fhoraois nua a cruthaíodh ó 34% sa bhliain 2020 go dtí 41% anuraidh. Tharla méadú mar an gcéanna ar an scéim um Bhunú an Choillearnaigh Dúchaish, arna oibriú ag mo Roinn, ó 18.9% sa bhliain 2020 go dtí 29.6% sa bhliain 2021.
5. Tá os cionn leath (50.9%) de na foraoisí faoi úinéireacht phríobháideach anois, agus an chuid eile in úinéireacht phoiblí. Is ar thailte feirmeoirí 81% den achar a fhoraoisíodh idir na bliana 1980 agus 2021.
6. Ón mbliain 1980 i leith, fuair breis is 23,500 úinéir príobháideach talún cúnamh deontais d'fhonn foraois a bhunú. Sé meánachar na foraoiseachta príobháideacha a fuair cúnamh deontais ón mbliain 1980 ná 8.6 ha.
7. D'fhonn táirgeadh an adhmaid san earnáil phríobháideach a chur i bhfeidhm, maoiníodh beagnach 72.5 km de bhóithre foraoise príobháideacha a thógáil le linn na bliana 2021.
8. Eisíodh ceadúnais leagain maidir le 12,494 heicteár a thanú agus le 20,709 ha a leagan glan sa bhliain 2021. Ba é toirt bainte na lomán cruinne ná 4.33 milliún méadar ciúbach don bhliain 2021, méadú 11% ar thoirt 3.89 milliún méadar ciúbach do bhliain 2020.
9. In 2021, b’ionann an caiteachas iomlán agus €69.5 milliún lena n-áirítear deontais na coillteoireachta, íocaíochtaí na bpréimheanna bliantúla agus deontais le haghaidh bonneagar bóithre na foraoise.
10. Tá ról tábhachtach ag an bhforaois agus ag táirgí na foraoise i maolú athrú na haeráide tríd an dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar a fhorlámhú agus a stóráil. Sa bhliain 2020, bhain foraois na hÉireann beagnach coibhéisí 3 mhilliún tonna den dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar.
Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag: hForest Statistics and Mapping
Bunaíodh Project Woodland i mí Feabhra na bliana 2021 chun spreagadh nua a thabhairt do bhunú na bhforaoise in Éirinn. Séard atá i gceist leis an tionscadal ná athbhreithniú agus athnuachan a dhéanamh ar na próisis agus ar na gnáis lena mbaineann agus le páirt á glacadh ag geallsealbhóirí seachtracha chun dearcadh neamhspleách a thabhairt ina leith.
Tá forbairt nua ina Is príomhghealltanas de chuid Project Woodland é forbairt Straitéis nua na Foraoise agus déanfar á foilsiú sa bhliain 2022. Beidh Clár nua na Foraoiseachta, a chuirfidh scéimeanna agus tacaíochtaí ar fáil, ar oscailt d’iarratasóirí ón 1 Eanáir 2023 amach.