Fógraíonn an tAire Hackett Straitéis Náisiúnta nua i leith Bia Orgánach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go mbeidh Straitéis nua Náisiúnta cúig bliana a fhorbairt i leith earnáil an bhia orgánaigh agus deochanna in Éirinn. Forbraíodh an Straitéis Náisiúnta i leith na hEarnála Orgánaí atá i bhfeidhm faoi láthair in 2019 agus beidh feidhm aici go dtí 2025 agus is éard atá roimh an Straitéis nua ná pleanáil a dhéanamh d'fhorbairt na hearnála go dtí 2030.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Hackett:
“Tá an Rialtas seo tar éis a léiriú cheana féin go bhfuilimid thar a bheith uaillmhianach don earnáil orgánach in Éirinn. Tá na tacaíochtaí is mó curtha i bhfeidhm againn d’fheirmeoireacht orgánach in Éirinn agus buiséad na scéime um fheirmeoireacht orgánach méadaithe faoi chúig againn. Tá méadú tapa tagtha ar an earnáil orgánach in Éirinn dá réir agus líon na bhfeirmeoirí orgánacha tar éis méadú faoi dhó sna 12 mhí roimhe seo. Leanfaidh an fás seo ar aghaidh de réir mar a osclaímid an scéim athuair d’iontrálaithe nua. D’fhógair mé scéim deontais nua ar fiú €1.7m í an tseachtain seo caite d’earnáil próiseála bia orgánaigh.
Tá dul chun cinn mór le feiceáil cheana féin mar gheall ar na gníomhartha a leagtar amach sa straitéis reatha go dtí 2025 agus an obair atá idir lámha ag an Fóram Straitéiseach um Bia Orgánach. Is den tábhacht é go leanfaimid orainn ag dul ó neart go neart agus go ndéanfaimid gach nasc sa slabhra soláthair ón bhfeirmeoir go dtí an miondíoltóir a chomhordú lena chéile chun Straitéis Náisiúnta nua a mhúnlú lena thuilleadh dlúis a chur le forbairt na hearnála.”
“Ar an ábhar seo, táim tar éis a chur de chúram ar an bhFóram um Bia Orgánach, faoina gcathaoirleach an tUasal Padraig Brennan, Straitéis nua a fhorbairt le hí a chur faoi bhráid an Rialtais in R1 2024. Is sampla ionadaíoch iontach den earnáil é an Fóram agus mar chuid de tá eagraíochtaí feirme, miondíoltóirí, próiseálaithe agus na Gníomhaireachtaí Stáit ábhartha, Bord Bia agus Teagasc san áireamh, agus beidh lámh ag gach dream díobh siúd i bhforbairt na Straitéise nua.”
Ag cur leis an méid seo, dúirt Cathaoirleach an Fhóraim um Bia Orgánach, Padraig Brennan:
“Táthar ag súil go dtiocfaidh fás nach beag ar sholáthairtí de bhia orgánach a thairgtear in Éirinn agus is tráthúil athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis i leith na hearnála mar sin le deimhin a dhéanamh de go bhfuil na tacaíochtaí cearta ar fáil chun a oiread luacha agus is féidir a bhaint as earnáil an bhia orgánaigh in Éirinn sa tréimhse go dtí 2030. Táim ag súil le bheith ag obair i gcomhar leis an Aire Hackett agus leis an bhFóram Straitéiseach um Bia Orgánach sna míonna amach romhainn chun straitéis uaillmhianach a fhorbairt le slabhra soláthair bia orgánaigh an-chomhordaithe a chur ar bun a mbeidh sé d’acmhainn aige freastal ar an éileamh a bhfuil borradh faoi in Éirinn agus sna príomh-mhargaí easpórtála.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí an Fhóraim Straitéisigh agus iad ag obair leo go dícheallach chun staid an bhia orgánaigh sa mhargadh a neartú agus as an tasc tábhachtach seo a ghlacadh chucu féin. Beidh deis ann chun comhairliúcháin poiblí a dhéanamh le linn an straitéis a fhorbairt agus táim ag súil le tuairimí a fháil ónár bpáirtithe leasmhara. Is den ríthábhacht é go gcuirfidh an Straitéis Náisiúnta 5 bliana chun tairbhe na sochair a gnóthaíodh le blianta beaga anuas agus go bhféachfar chuige go mbeidh saothrú bia orgánaigh fós ina rogha inmharthana d’fheirmeoirí amach anseo.
Maidir leis an Straitéis reatha i leith an earnáil orgánach a fhorbairt le linn na tréimhse 2019 go 2025, is féidir féachaint uirthi ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas
Review of Organic Food Sector and Strategy for its Development 2019-2025
I measc bhallraíocht an Fhóraim Straitéisigh um Bia Orgánach tá na hionadaithe seo a leanas:-
Julie Roche, Cumann na Sainchomhairleoirí Talmhaíochta
John Brennan, An Talamh Beo
Paddy Purcell, Arrabawn
Stephen Blewitt, Aurivo
Padraig Fahy, Feirm Orgánach Phlásóg na Feá
Emmet Doyle, Bord Bia
Catherine Morrison, Bord Iascaigh Mhara
Jack Nolan, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Annie Flahavan, Flahavans
Emma Walls, Glenisk
Alisha Ryan, Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann
Fergal Byrne, Cumann Fheirmeoirí Eallaigh agus Caorach na hÉireann
Teresa Morrissey, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Dobharshaothrú
Kathryn Roche, Irish Country Meats
John Curran, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann
Henry O’Donnell, Natura agus Cumann Feirmeoirí Sléibhe na hÉireann
Gillian Westbrook, Cumann Bhia Orgánach na hÉireann
Gillian Richardson, Macra na Feirme
Sean McGloin, Oiliúint Náisiúnta Skillnet maidir le Cúrsaí Orgánacha
Dermot Callaghan, an Oifig um Sholáthar Rialtais
Stephen Connolly, Iontaobhas Orgánach
Elaine Leavy, Teagasc
John Purcell, The Good Herdsmen
Niamh Parlon, Tirlán
Conor Mulhall, The Little Milk Company