Fógraíonn an tAire Heydon oscailt na Scéime ar Shábháilteacht Feirme, faoin Scéim Dírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS 3)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta do shábháilteacht feirme Martin Heydon T.D. go bhfuil Scéim na Sábháilteacht Feirme faoin Scéim Dírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS 3) ag glacadh le hiarratais anois. Is é seo an chéad uair go bhfuil scéim aonair ar leith ag infheistíochtaí sábháilteachta feirme faoi TAMS agus iad feabhsaithe le ráta deontais níos airde 60%
Dúirt an tAire Heyden:
"Molaim do gach feirmeoir plé a dhéanamh ar an deis mhaoinithe seo chun infheistíocht a dhéanamh in infheistíochtaí atá iontach praicticiúil chun feirmeacha níos sábháilte a chruthú dóibh féin. Mar thoradh ar an ráta méadaithe go 60% sa chúnamh deontais le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le sábháilteacht feirme, tá sé i bhfad níos indéanta d'fheirmeoirí athruithe a dhéanamh ar a bhfeirmeacha a chosnóidh iad féin, a dteaghlach agus cuairteoirí chun na feirme.
“Déanfaidh an ráta deontais suntasach seo é níos tarraingtí chun feabhas a chur ar áiseanna láimhseála ainmhithe ar fheirmeacha. Tá eachtraí le hainmhithe taobh thiar den mhéid is mó eachtraí neamh-mharfacha a tharlaíonn ar fheirmeacha agus is féidir le háiseanna láimhseála cearta, cosúil le gabhlaigh nó pionnaí lao, stop a chur leis na heachtraí sin.”
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D.,
“Cuireann an Rialtas seo béim shuntasach ar shábháilteacht feirme. Tá áthas orm go bhfuil Scéim Infheistíochta Caipitil na Sábháilteachta Feirme TAMS 3 inar féidir le feirmeoirí cúnamh deontais 60% a fháil ar infheistíochtaí ar oscailt anois. Tacóidh an ráta deontais níos airde seo le feirmeoirí infheistíocht a dhéanamh ar trealamh agus ar áiseanna níos nuaí agus níos sábháilte dá bhfeirmeacha.”
Tá réimse leathan earraí ar fáil faoi Scéim na Sábháilteachta Feirme. Tá áiseanna láimhseála seasta agus soghluaiste d'eallach, do chaoirigh agus do chapaill, pointí corraíola úra, lataí níos sine, cléibh sláinte do dhíonta, uasghrádú go sreangú leictreach, soilse chlóis, monatóirí do bheostoic agus clibeanna torthúlachta, fearas athraithe rothaagus slisneoir burla sadhlais le díobhach plaisteach san áireamh.
Lean an tAire Heydon ar aghaidh,
“Is í an tosaíocht atá agam ná a bheith ag obair le feirmeoirí chun sláinte, sábháilteacht agus folláine a fheabhsú ar fheirmeacha, agus tacóidh an maoiniú nua seo leis an aidhm atá agam athrú cultúrtha a bhaint amach maidir le sábháilteacht ar ár bhfeirmeacha. Is timpeallachtaí oibre iad feirmeacha agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag obair le chéile chun iad a dhéanamh níos sábháilte. Ní tharlóidh laghdú ar ráta na n-eachtraí marfacha agus na n-eachtraí dáiríre neamh-mharfacha ar fheirmeacha ach amháin má athraímid iompar, ag tosú le hardú feasachta, traenála agus infheistíochta i Sábháilteacht Feirme.”
Is é cuspóir na scéime ná spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí leas a bhaint as infheistíochtaí chun a sábháilteacht agus sábháilteacht a bhfeirmeacha a chur chun cinn.
Ní íocfar cúnamh deontais ach amháin ar chaiteachas ceadaithe, críochnaithe, agus incháilithe agus íocfar é ag ráta 60% suas go dtí an uasteorainn infheistíochta uasta infheidhme €90,000 in aghaidh an ghabháltais. Ceadaítear le roinnt iarratais le haghaidh gach tráinse. Ach is é €2,000 in aghaidh an iarratais an t-íosmhéid infheistíochta atá cáilithe le haghaidh formheas faoin Scéim seo.
Tá Sábháilteacht Feirme fós ar cheann de na fadhbanna is criticiúla nach mór aghaidh a thabhairt uirthi ar fheirmeacha sa lá atá inniu ann. Maidir le básanna san ionad oibre, is í an fheirmeoireacht an tslí bheatha is dainséaraí in Éirinn, le 19 eachtraí marfacha sa bhliain ar an meán ar fheirmeacha thar deich mbliana. Tá básanna ar fheirmeacha taobh thiar de níos mó ná 40% eachtraí marfacha san ionad oibre in Éirinn, agus ní chuimsíonn feirmeoirí ach 6% an lucht saothair iomlán.
Le thart ar 4,500 gortuithe neamh-mharfacha ar fheirmeacha go bliantúil, athraíonn an-chuid acu a saolta agus cuireann siad slí bheatha agus feirm an fheirmeora i mbaol.
Tá rioscaí ag baint le beostoc, ach go háirithe le ba tar éis laonna a bhreith, feithiclí agus innealra, titim ó arda, sciodar agus substaint chontúirteach, ach is féidir na heachtraí sin a sheachaint má bhainistítear na rioscaí mar is ceart.
Tá níos mó eolais agus comhairle maidir le sábháilteacht agus folláine feirmeoirí ar fáil ag: Farm Safety.
Cuimsíonn earraí infheistíochta áiseanna láimhseála seasta agus soghluaiste agus innealra do gach ainmhí, pointí corraíola úra, lataí níos sine, cléibh sláinte do dhíonta, uasghrádú go sreangú leictreach, soilse chlóis, monatóirí beo stoic agus clibeanna torthúlachta, fearas athraithe rotha, mótair hiodrálacha chun seaftaí PTO a chur in ionad, agus slisneoir burla seimre le díobhach plaisteach.
Tá liosta iomlán na n-infheistíochtaí incháilithe ar fáil in Aguisín B na scéime Téarmaí agus Coinníollacha. Is féidir Sonraíochtaí Déanmhais na Roinne uile atá ábhartha don Scéim seo a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag: TAMS - Farm Building and Structures Specifications.
Ní íocfar cúnamh deontais le haghaidh an méid seo a leanas: (a) ábhair nó trealamh athláimhe nó (b) iar-thaispeántais nó (c) obair a dhéanann conraitheoirí nach gcomhlíonann na ceanglais imréitigh cánach a leagtar síos i mír 10 den scéim. Níl ach infheistíochtaí seasta a thógtar/a chuirtear suas/a shuiteáiltear ar thalamh cáilithe incháilithe le haghaidh cúnamh deontais.
Ba chóir ceisteanna de chineál teicniúil i dtaca leis na sonraíochtaí a aighniú trí ríomhphost chuig an ríomhsheoladh seo a leanas: tams@agriculture.gov.ie
Liostaítear na huimhreacha fóin teagmhála le haghaidh ceisteanna teicniúla in Aguisín G Téarmaí agus Coinníollacha.