Fógraíonn an tAire McConalogue ceadaithe faoi Chúnamh Infheistíochta na hEarnála Prátaí Síl agus Prátaí Sceallóg
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, inniu go bhfuil tús curtha le heisiúint ceadaithe deontais faoin Scéim um Chúnamh Infheistíochta 2023 don Earnáil Prátaí Síl agus Prátaí Sceallóg.
Cabhróidh an scéim le forbairt acmhainne laistigh d’earnálacha prátaí síl agus prátaí sceallóg na hÉireann trí chúnamh deontais a sholáthar do tháirgeoirí faoi chomhair chostas caipitil trealaimh agus saoráidí sainfheidhmeacha. Tá an Scéim, ar fiú €3.1milliún i 2023 í, maoinithe, trí úsáid a bhaint as maoiniú faoi leithdháileadh na hÉireann ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB).
Ag labhairt dó faoi cheist ceaduithe deontais, bhí an méid seo le rá ag an Aire McConalogue:
“Cuireann sé ríméad orm eisiúint ceadaithe a fhógairt d'iarratasóirí scéime. Is údar misnigh é an oiread sin spéise a fheiceáil sa scéim a thugann le fios muinín agus tiomantas saothróirí prátaí síl agus sceallóga na hÉireann maidir le todhchaí an tionscail seo. Léiríonn leathnú na scéime i 2023 chun saothróirí prátaí sceallóg na hÉireann a chuimsiú sa scéim, mo thacaíocht seasta d’fhorbairt leanúnach don tionscal tábhachtach seo.”
Agus í ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit le freagracht as Talamhúsáid agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as gairneoireacht:
“Is céim dhearfach í an scéim seo i bhforbairt leanúnach thionscal prátaí síl agus sceallóga na hÉireann. Chruthaigh cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil go leor dúshlán do shaothróirí, thug an scéim seo deis iontach do shaothróirí Éireannacha aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trína chur ar a gcumas acmhainn a fhorbairt agus trí mhéadú ar thionscal dúchasach inbhuanaithe a éascú.”
Tá tús curtha le heisiúint litreacha ceadaithe deontais d'iarratasóirí incháilithe faoin Scéim um Chúnamh Infheistíochta 2023 don Earnáil Prátaí Síl agus Prátaí Sceallóg.
Is féidir le hiarratasóirí a bhfuil aon cheist acu ríomhphost a sheoladh chuig seedpotatogrants@agriculture.gov.ie nó glaoch a chur ar 01 505 8886.