Fógraíonn an tAire McConalogue forbairt suntasach i bhfeidhmiú céimeach le Plean Stráitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Talamhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D aitheantas don chéim chun cinn a tógadh i bhfeidhmiú Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talamhaíochta 2023-27 le fógraí tábhachtacha mar gheall ar thacaíochtaí feirme a bhaineann le Piléar 1 (íocaíochtaí díreacha) agus Piléar 2 (forbairt tuaithe).
Dúirt an tAire:
“Lá mór suntasach is ea an lá inniu do theaghlaigh feirmeoireachta na hÉireann agus sinn ag tosú le feidhmiú céimneach Phlean Stráitéiseach Chomhbheartais Talamhaíochta na hÉireann a bhfuil luach €9.8bn ag baint leis. Maidir le Piléar 1, tá ríméad orm deimhniú go bhfuil an próiseas iarratais ar oscailt don scéim nua Ioncam Bunúsach ar mhaithe le Inbhunaitheacht 2023 (BISS) chomh maith le scéimeanna eile ag braith ar an gceantar. Ag obair taobh le mo chomhghleacaithe, an tAire Hackett agus an tAire Heydon, táim an-sásta oscailt BISS a fhógairt anois.”
“Sna laethanta atá le teacht, gheobhfaidh feirmeoirí eolas sa phost a chuimseoidh a mapaí BISS agus sonraí talún le hagaidh 2023. Cuirfear eolas úsáideach maidir leis na scéimeanna nua, maidir leis an gCóras Monatóireachta Limistéir agus treoirleabhar a spreag agus a threoraigh an tAire Heydon, faoi fanacht slán agus folláin agus tú ag feirmeoireacht chuig na feirmeoirí. Cabhróidh an t-eolas seo le feirmeoirí agus a gcomhairleoirí agus iad ag déanamh a n-iarratas BISS ar líne.”
Ag leanúint ar aghaidh, luaigh an tAire roinnt de na dátaí tábhachtacha a bheidh i gceist le feidhmiú na scéimeanna i 2023. Dúirt sé:
“Is í seo an chéad bhliain den Phlean Straitéiseach nua don gComhbheartas Talamhaíochta agus mar sin tá réimse leathan scéimeanna á gcur i bhfeidhm laistigh de thréimse measartha gairid ama. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh feirmeoirí agus comhairleoirí ar an eolas mar gheall ar roinnt dátaí pleanáilte seachadta a d'fhéadfadh siad a bheith tábhachtach, mar shampla:
an dáta deiridh le iarratais a chur isteach ar BISS, a bheidh ag meánoíche ar Luain 29 Bealtaine 2023
na dátaí réamhíocaíochta le haghaidh ANC, BISS, CRISS agus an scéim Eco, atá in ainm agus a bheith ag tosú i Deireadh Fómhair 2023
na dátaí le haghaidh íocaíocht na n-iarmhéid chomh maith le íocaíochtaí le haghaidh scéimeanna eile, atá in ainm agus a bheith ag tosú i Nollaig 2023.”
Dheimhnigh an tAire McConalogue chomh maith go n-osclófar na córais ar líne le Teidlíocht Íocaíochta a aistriú, agus le cur isteach ar an dTaisce Náisiúnta (Feirmeoirí Óga agus Iarrthóirí Nua) agus ar Thacaíocht Ioncaim Comhlántach d'fheirmeoirí óga (an Scéim nua d'fheirmeoirí óga) i lár mhí an Mhárta 2023.
Thapaigh an tAire an deis béim a leagadh ar na tacaíochtaí a bheidh le fáíl d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí agus iad ag déanamh a n-iarratas BISS. Dúirt sé:
“De réir na cumarsáide cuimsitheach agus de réir na rannpháirtíochta atá feicthe againn go dtí seo ar ghach gné de Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta, i bpearsan agus ar líne, cuirfidh mo Roinn roinnt tacaíochtaí ar leith le fáil le haghaidh 2023, san áireamh leis sin beidh sraith seimineár gréasáin ar siúl le linn mí an Mhárta, chomh maith le seisiúin eolais i bpearsan agus clinicí d'fheirmeoirí a bheidh ar siúl timpeall na tíre ó dheireadh mhí an Mhárta go lár mhí na Bealtaine.”
“Cuirfear amach fógraí mar gheall ar na seisiúin eolais agus na clinicí d'fheirmeoirí sna meáin feirmeoireachta agus sna nuachtáin áitiúla sna seachtainí atá le teacht. Molaim do ghach feirmeoir agus do ghach comhairleoir a bheith páirteach sna tograí seo, agus tosú ar an bpróiseas chomh luath agus is féidir seachas fanacht go dtí go bhfuil an spriocdháta beagnach ann.”
Maidir le Piléar 2, dheimhnigh an tAire McConalogue seasamh na Roinne maidir le líon na n-iarrthóirí ACRES a glacfar leo dul isteach faoi Sciar 1 den Scéim. Dúirt sé:
“Táim an-sásta a fhógairt, tar éis dúinn breis agus 46,000 iarratas a fháil, go nglacfar le gach iarratas bailí ACRES dul isteach faoin Scéim i 2023.
“Tá feirmeoirí tar éis a mian a léiriú maidir le bheith ag cur le inbhunaitheacht timpeallachta a dtograí trína ndúthracht páirt a ghlacadh sa chéad thogra timpeallachta a bhaineann le Plean Straitéiseach an Chomhbheartais Talamhaíochta. Tá feirmeoirí tar éis taispeáint go bhfuil siad ullamh agus toilteanach a bpáirt a dhéanamh agus táim féin agus tá an rialtas ag tacú leis an uaillmhian seo.”
“Teastaíonn uaim an dúthracht sin a úsáid leis na torthaí is fearr a bhaint amach don timpeallacht agus is féidir. Beidh dúshlán ag baint leis, agus teastóidh obair dhian dícheallach ó ghach duine atá bainteach leis - ó mo Roinn féin, ó chomhairleoirí, ó Fhoirne na dTionscnamh agus ó na feirmeoirí - ach táim ag súil go mór le bheith ag obair le gach éinne leis an sprioc sin a bhaint amach.”
“Ag trácht ar na céad céimeanna eile d'iarrthóirí ACRES, dúirt an tAire: “Cloisfidh iarrthóirí ACRES tuilleadh ó mo Roinn sna laethanta atá le teacht, de réir mar a théann na litreacha faofa amach. Déarfainn leis na feirmeoirí anois gur chóir dóibh fanacht go dtí go bhfaigheann siad a litreacha sara dtéann siad i dteagmháil lena gcomhairleoir nó leis an Roinn.”
Luaigh an tAire chomh maith go seolfar achoimre faofa, a theaspáinfidh na áiteanna ina mapáladh na gníomhaíochtaí ar fheirm an rannpháirtithe, go dtí rannpháirtithe ACRES faoi dheireadh mhí an Mhárta, chomh maith le leabharán aitheanta speicis le cabhrú le feirmeoirí speicis comhartha a d'fhéadfadh a bheith ar a dtalamh a aithint le haghaidh an phróiseas scórála.
Luaigh sé chomh maith go dtabharfar rochtain ar chóras iarratais BISS d'iarrthóirí céim ar chéim ionas gur féidir leis an Roinn freastal ar líon na n-iarrthóirí ACRES (atá níos airde go suntasach ná an méid a bhí súil leis) sna seachtainí atá le teacht, de réir mar a faomhtar daoine agus de réir mar a dhéantar na huasdátuithe riachtanacha ar na corais mapála.
Táthar ag súil go gcuirfear an próiseas i gcrích roimh deireadh na míosa.
Ba cheart d'fheirmeoirí iarratas a chur isteach ar BISS agus ar íocaíochtaí eile ceantar-bhunaithe ag úsáid áis na Roinne ar líne (agfood.ie). Beidh orthu logáil isteach ar www.agfood.ie agus cliceáil ar nasc BISS/scéim eile ceantar-bhunaithe le tosú ar a n-iarratas.
De rogha air sin, is féidir le feirmeoirí dul i dteagmháil leComhairleoir faofa ag an gCóras Comhairliúcháin Feirme (FAS) leis an iarratas a dhéanamh ar a son. Le liosta a fháil de na Comhairleoirí faofa ag an FAS, féach le do thoil ar https://www.gov.ie/en/publication/b41a6-farm-advisory-system/#find-a-farm-advisor
Is féidir le feirmeoirí cur isteach ar líne ar chóras iarratais BISS le haghaidh na scéimeanna seo a leanas:
Cuirfear gach feirmeoir ar an eolas sna seachtainí amach romhainn chomh maith mar gheall ar luach a dTeidlíocht Íocaíochta.
Ní bheidh rochtain ag iarrthóirí ACRES ar chóras iarratais BISS muna bhfuil a Litir Faofa faighte acu, tá na litreacha ceapaithe a bheith ag dul amach sna laethanta amach romhainn. Tá sé seo chun cinntiú go bhfuil fáil ag an bhfeirmeoir agus ag an gcomhairleoir ar gach píosa eolais atá ábhartha agus iad ag cur a n-iarratas isteach. Cabhraíonn sé seo le cinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna seo a phróiseál chomh héifeachtach agus is féidir .Farmers’ Health and Wellbeing - Health and Safety Authority (hsa.ie)
Dé Máirt 7 Márta @ 19.00 - Teidlíocht Talún, BISS, ANC, CRISS, Scéim Eco, Feirmeoir Gníomhach agus Gníomhaíocht Talamhaíochta
Déardaoin 9 Márta @ 19:00 - Coinníollachas, AMS & Grianghraifeanna Geo-chlibthe, Beart Ionchorpraithe Tuí, Scéim Cúnaimh Próitéin
Dé Máirt 14 Márta @ 19:00 - Teidlíochtaí Íocaíochta, Taisce Náisiúnta agus CIYSF
Tá na Téarmaí agus Coinníollacha le fáíl ar líne, nó tá cóipeanna crua le fáil chomh maith ar éileamh má dhéanann tú teagmháil le Deasc Cabhrach na n-Íocaíochtaí Díreacha (sonraí thíos).
Tá tuilleadh eolais, Treoracha agus Físeáin san áireamh le fáil ar: https://www.gov.ie/en/publication/dba65-biss-and-other-area-related-schemes/
Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le Iarratas ar líne, is féidir sin a dhéanamh ag:
Príomhbheartas Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talamhaíochta is ea ACRES (CSP) 2023-2027 agus is é an comharba ar GLAS a bhí i bhfeidhm faoi Clár Forbartha Tuaithe na hÉireann 2014-2020.
Tá geallta ag an Rialtas go n-íocfaidh siad €1.5 billiún le haghaidh ACRES - an méid is mó a tugadh d'aon scéim agra-chomhsaoil riamh. Tá an scéim á maoiniú ag an AE agus ag an státchiste.
Ag leagadh béime ar fhócas bunaithe ar ghnáthóga, á seachadadh le húsáid treorach ilfheidhmeach agus gníomhaíochtaí toradh-bhunaithe, is é an sprioc atá ag ACRES ná cur go mór le feabhsú ar an mbithéagsúlacht, aeráid, aer agus caighdeáin uisce a bhaint amach. Bunprionsabal den scéim is ea é, an gníomhaíocht cheart a dhéanamh san áit cheart.
Tá dhá chur chuige laistigh de ACRES, is iad:
Is féidir le iarrthóirí le haghaidh ACRES Ginireálta roghnú ó réimse ghníomhaíochtaí gur mhaith leo go ndéanfaí iad ar a bhfeirm, agus d'fhéadfadh siad uasmhéid íocaíochta €7,311 a fháil. Tabhairfidh comhairleoir ACRES scór ar bheart ábhartha na ndaoine le gníomhaíochtaí toradh-bhunaithe ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa 2023.
Déanfar gnáthóga a aithint ar thalamh rannpháirtithe Tionscnaimh Chomhoibrithe ACRES agus tabhairfidh Foirne CP cárta scóir ábhartha amach dóibh, ina dhiaidh sin tabhairfidh a gcomhairleoir ACRES scór dóibh le linn an tsamhraidh. Bunófar an íocaíocht ar na scóir a bhaintear amach.
Cuirfidh an Roinn agus Foirne CP oiliúnt ar fáil do chomhairleoirí ACRES mar gheall ar an gcóras scórála go déanach i mí na Bealtaine.
D'fhéadfadh rannpháirtí Tionscnaimh Chomhoibrithe ACRES suas le €7,000 a fháil go bliantúil in íocaíochtaí toradh-bhunaithe (ag braith ar an scór). Tá €3,500 níos mó le fáil go bliantúil do rannpháirtithe Tionscnaimh Chomhoibrithe ACRES le haghaidh infheistíochtaí agus/nó gníomhaíochtaí tírdhreacha nach raibh toradh orthu.
Mairfidh conarthaí faoi gach Sciar ar feadh 5 bliain féilire.
D'oscail an Córas ACRES le haghaidh iarratais ar Sciar 1 i nDeireadh Fómhair 2022, agus fuaireadh breis agus 46,000 iarratas roimh an spriocdháta (sínte) i Nollaig 2022. Tá scrúduithe teidlíochta á ndéanamh ag an Roinn ar na hiarratais ó bhí an spriocdháta ann.
Glacfar le gach iarrthóir ar Sciar 1 isteach sa scéim, má éiríonn lena iarrtas sna scrúduithe teidlíochta.
Muna bhfaigheann iarrthóirí litir ón Roinn faoi dheireadh mhí an Mhárta, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Roinn láithreach *acres@agriculture.gov.ie or