Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil pór an tSeanghabhair Ghaelaigh faofa mar phór neamhchoitianta Dúchasach, leis an stádas caomhantais ‘i mbaol’
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil pór an tSeanghabhair Ghaelaigh faofa mar phór Neamhchoitianta Dúchasach in Éirinn.
Tá a aitheantas mar phór bunaithe ar phróifíliú fairsing DNA ag baint úsáide as an teicneolaíocht Géinitíopála is déanaí agus is céim thábhachtach í maidir leis an bpór neamhchoitianta seo a chaomhnú.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil an Seanghabhar Gaelach rangaithe anois mar phór neamhchoitianta dúchasach. Tá go leor tosca ann amhail éagsúlacht chultúrtha, stairiúil agus ghéiniteach a fhágann gur pór uathúil é an Seanghabhar Gaelach a bhfuil stair shaibhir aige atá uathúil d'Éirinn. Déantar ceiliúradh ar an Seanghabhar Gaelach i mbéaloideas, i dtraidisiún, i bpictiúir agus i litríocht na hÉireann.
“Mar gheall ar a gcruas, bhí siad ina gcuid ríthábhachtach d'fheirmeoireacht agus de shaol na tuaithe in Éirinn san am a chuaigh thart. Sa lá atá inniu ann cuireann siad acmhainn thábhachtach ar fáil maidir le hinnilt, oidhreacht agus turasóireacht. Chonaic mé le déanaí an tairbhe a bhaineann leis na gabhair seo maidir le smacht a choinneáil ar aiteann ag Ceann Bhinn Éadair agus cabhrú leis an mbaol a bhaineann le tinte a laghdú lena dteicnící oilte innilte.”
“Tá Cumann an tSeanghabhair Ghaelaigh aitheanta anois ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) mar chumann póir agus tá sé ceadaithe chun clár póraithe a chothabháil don phór in Éirinn. Gabhaim buíochas ar leith as na hiarrachtaí atá déanta ag an gcroí-ghrúpa póraitheoirí agus gníomhaithe pobail seo i mbailiú agus i bpórú roghnaitheach na n-ainmhithe seo, is féidir an Seanghabhar Gaelach a aithint go hoifigiúil anois mar chuid lárnach de stair shaibhir agus uathúil phór na hÉireann.
Chuir an tAire Pippa Hackett, ag labhairt di ag an Dara Comhdháil Náisiúnta Bithéagsúlachta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu, fáilte roimh an bhfógra seo a léiríonn an méid luachmhar a chuireann feirmeoirí na hÉireann le spriocanna bithéagsúlachta. Dúirt an tAire,
“Tá sé tábhachtach go n-aithnímid an luach a bhaineann le hAcmhainní Géiniteacha Ainmhithe chun tacú le meascán Bithéagsúlachta ar fud na tíre agus ról agus tiomantas Chumann an tSeanghabhair Ghaelaigh chun an stádas seo a bhaint amach.”
Mar fhocal scoir, dúirt sí
“Guímid gach rath ar Chumann an tSeanghabhair Ghaelaigh agus iad ag iarraidh an pór a chaomhnú agus a chur chun cinn”.
Tháinig an Seanghabhar Gaelach go hÉirinn le linn na ré Neoilití agus chuaigh sé in oiriúint go nádúrtha do thírdhreach na hÉireann le himeacht ama. Sa phortráid Connemara Girl le Augustus Burke ón mbliain 1880, atá ar crochadh sa Ghailearaí Náisiúnta, tá feinitíopa an tSeanghabhair Ghaelaigh lena fhionnadh fada, aghaidh chruinn agus cluasa in airde le feiceáil. Bíonn an fionnadh éagsúil le suas le dhá cheann déag de phatrúin datha a thagann leis an tírdhreach agus bíonn an fionnadh fada, garbh, tiubh agus gníomhaíonn sé mar mhothall nádúrtha le fo-olann caismíre a bhrúnn an fionnadh amach sa gheimhreadh.
Tá an cumas ag an Seanghabhar Gaelach aiteann a rialú, mar gheall ar a n-iompar innilte oilte agus córais díleáite éifeachtacha agus is féidir leis beathú ar thimpeallachtaí níos gairbhe. Tá an Seanghabhar Gaelach mar chuid de thionscadal innilte caomhnaithe i gCeann Bhinn Éadair a thosaigh in 2021. Tá siad á n-úsáid chun aiteann a laghdú sa cheantar a mbíonn falscaithe fiáine ann. Trí fhilleadh ar na seanbhealaí féaraigh, is bealach níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol é an modh innilte seo chun an tírdhreach a bhainistiú i ngnáthóga fraochmhá.
“Níos luaithe i mbliana, d'aithin an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) Cumann an tSeanghabhair Ghaelaigh mar chumann póir agus tá clár póraithe á chothabháil do phór na hÉireann. Tá croí póraitheoirí díograiseacha ag an gCumann atá tiomanta don phór a chaomhnú sa todhchaí. Fuair an Cumann maoiniú tríd an Scéim Chúnaimh Deontais d'Acmhainní Géiniteacha a riarann an DAFM thar roinnt blianta d'fhonn an t-aitheantas seo a fháil agus a chlár pórúcháin a oibriú.
Tar éis obair mhór a rinne Weatherbys ar phróifíliú DNA ag baint úsáide as an teicneolaíocht Géinitíopála is déanaí, tá sé léirithe go bhfuil an pórú uathúil, bunaithe ar an achar géiniteach ó phórtha eile.
Bhraith measúnú an phóir a bheith Dúchasach ar raon critéar lena n-áirítear;
Chothabháilte mar gheall ar líon na mban pórúcháin. Faoi láthair tá 37 ban ag pórú agus 25 fear ag pórú, rud a léiríonn go huimhriúil go bhfuil an pórú gann agus gur féidir é a mheas mar stádas criticiúil de réir threoirlínte an FAO. Dá bhrí sin is ábhar imní don DAFM maireachtáil an phóir.
Ciallaíonn aitheantas don phór mar phór dúchasach ag a bhfuil stádas caomhnaithe “i mbaol” go bhféadfaí é a mheas le haghaidh rannpháirtíochta i scéimeanna cuí maoinithe ag CBT amach anseo.
Ba é Cumann Eallaigh Dhroim Éan in 2019 an uair dheireanach a cheadaigh an DAFM pór a bheith Dúchasach agus neamhchoitianta.
Áirítear ar liosta reatha na bpórtha a aithnítear a bheith Dúchasach agus neamhchoitianta;