Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Hackett dhá thionscadal faoi leithdháileadh an Chiste Cánach Carbóin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue in éineacht leis an Aire Stáit Pippa Hackett inniu go bhfuil a Roinn ag infheistiú i dhá phríomhthionscadal a thacaíonn le stóráil carbóin inár n-ithreacha.
Bunóidh ceann de na tionscadail méid na hithreach móna i mbainistíocht talmhaíochta, agus déanfaidh an dara ceann monatóireacht ar leibhéil taise ithreach chun tuiscint níos fearr a fháil ar bhaint agus ar chailliúint carbóin ó na hithreacha. Cuideoidh an dá thionscadal le cuspóirí aeráide an Rialtais a bhaint amach, go háirithe maidir le féarthailte ar ithreacha orgánacha draenáilte.
Dúirt an tAire McConologue:
“Cuirfidh na tionscadail seo sonraí thar a bheith luachmhar ar fáil maidir le cion taise ár n-ithreacha, suíomh ithreacha saibhir carbóin, agus an t-athrú stairiúil ar úsáid talún atá déanta ag tailte portaigh le 200 bliain anuas. Comhlánóidh siad freisin na sonraí a bhaileofar ón Réadlann Náisiúnta Carbóin Ithreach Talmhaíochta a fógraíodh le déanaí, na staidéir samplála ithreach agus bithéagsúlachta, agus an méid a fhoghlaimítear ó na tionscadail nua EIP maidir le tailte portaigh feirme a athfhliuchadh, a chuideoidh le gníomhú ar son na haeráide agus bithéagsúlacht a sheachadadh trí fhaisnéis agus tuiscint mhéadaithe."
Dúirt an Seanadóir Hackett:
“Tá ríméad orm a bheith in ann an Líonra Náisiúnta Monatóireachta Taise Ithreach a sheoladh anseo i mo Chontae féin in Uíbh Fhailí, inniu.. Tá ár n-ithir ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí atá againn chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide agus bhithéagsúlachta. Bíonn tionchar mór ag an mbealach a bhainistímid agus a dhéanaimid feirmeoireacht air ar an gcarbón is féidir leis a fhorghabháil agus a stóráil. Tabharfaidh na tionscadail seo tuiscint níos iomláine dúinn ar nádúr ithreach ár dtíre agus cuideoidh siad linn cuspóirí an Rialtais maidir le gníomhaíocht aeráide a sheachadadh. "
Seachadfaidh na tionscadail sonraí méadaithe agus scagtha agus léarscáileanna ithreach a threoróidh monatóireacht, tuairisciú agus fíorú Gáis Cheaptha Teasa (GHG) trí dhá phríomhghníomhaíocht: réimsí féideartha le haghaidh déine bainistíochta laghdaithe a shainaithint agus líonra Náisiúnta Monatóireachta Taise Ithreach a fhorbairt.
1. Tionscadal RePEAT “Athshuirbhéireacht Nua-Aimseartha ar Thailte portaigh na hÉireann Mapáilte chun Measúnú ar Athrú ar Úsáid Talún a Mhíniú agus Fardail um Ghás agus Astuithe Ceaptha Teasa a Chur Chun Cinn”
Níl na léarscáileanna ithreach atá ar fáil faoi láthair ar scála chun suíomh ithreacha móna a aithint go cruinn, ag an mbunleibhéal. Beidh léarscáileanna móna cruinne mar chuid de na ceanglais chun bainistíocht laghdaithe ar thailte portaigh feirme a ionchorprú i gclár agra-chomhshaoil níos mó faoi Phlean straitéiseach CAP na hÉireann.
Tá gá le taighde, dá bhrí sin, chun úsáid talún talmhaíochta agus déine úsáide talún ar iar-thailte portaigh a shainaithint go beacht, rud a éascóidh bainistíocht níos fearr ar na córais seo agus a chabhróidh le hastaíochtaí náisiúnta a mhaolú.
Déanfar togra taighde ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chómhaoiniú leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna seo, ag baint úsáide as Léarscáileanna Choimisinéirí an Phortaigh (suirbhé ar os cionn aon mhilliún acra portaigh in Éirinn idir 1810 agus 1814) mar bhunús dá thaighde.
Léiríonn Tuarascáil na gCoimisinéirí ar Nádúr agus Méid na bPortach in Éirinn an chéad fhardal d’éiceachóras nádúrtha in Éirinn, agus ceann de na measúnuithe is mionsonraithe ar éiceachóras ar an scála seo ar domhan ag an am. Tá sé beartaithe ag an tionscadal leagan digiteach ardcháilíochta a fháil den tsraith iomlán de Léarscáileanna Choimisinéirí an Phortaigh agus léarscáileanna móna eile atá ar fáil d’fhonn meastóireacht agus comparáid mhionsonraithe a éascú le clár Copernicus agus le haeríomhánna ardtaifigh le déanaí, rud a dhéanfaidh ceantair thalmhaíochta a tharlaíonn ar ithreacha draenáilte atá saibhir ó thaobh carbón de a shainaithint go beacht.
2. An bonneagar eolaíoch a theastaíonn le haghaidh “Líonra Náisiúnta Monatóireachta Taise Ithreach” a bhunú.
Teastaíonn tuiscint eolaíoch níos fearr ar dhinimic taise ithreach go práinneach toisc go mbíonn tionchar ag an méid uisce a choinnítear san ithir ar raon leathan próiseas ithreach agus plandaí, chomh maith le cothromaíocht fuinnimh atmaisféar na hithreach. Bíonn tionchar aige seo, mar shampla, ar an aimsir, ar fhás plandaí agus ar ghlacadh cothaithigh, ar dhinimic chothaitheach agus charbóin, agus ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa (GHG). Sampla amháin den éifeacht is féidir le leibhéil taise ithreach a imirt ar ithir is ea taise ithreach a bhaint trí ithreacha móna a dhraenáil, agus astú CO2 ina dhiaidh sin mar thoradh ar an draenáil.
Cuirfear maoiniú ar fáil don Líonra Náisiúnta Monatóireachta Taise Ithreach, grúpa oibre ar agra-mhéadreolaíocht ina bhfuil taighdeoirí ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Teagasc, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun trealamh monatóireachta taise ithreach a cheannach chun a chur ar chumas Éire líonra náisiúnta tomhais taise ithreach a fhorbairt.
Ba mhór an tairbhe do raon páirtithe leasmhara bogadh i dtreo tuairisciú níos cruinne bunaithe ar thomhas (seachas múnlú) ar stádas taise ithreach. Ina measc seo tá feirmeoirí agus daoine eile a bhfuil baint acu le talmhaíocht, foraoiseoirí agus soláthraithe bithfhuinnimh, iad siúd a bhfuil baint acu le caomhnú agus athchóiriú tailte portaigh, réamhaisnéiseoirí tuile agus triomaigh, Uisce na hÉireann agus bainisteoirí eile acmhainní uisce dromchla agus screamhuisce araon, agus go leor páirtithe leasmhara ó oideachas agus taighde, lena n-áirítear Met Éireann, i bhfoirm réamhaisnéisí aimsire feabhsaithe agus tuiscint chlíomeolaíochta.
Tuilleadh eolais
Faoi Bhuiséad 2020, leithdháileadh €3m chun scéimeanna nua agra-chomhshaoil a phíolótú d'fhonn tacú le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais in 2020. Faoin bPlean, sannadh sprioc don earnáil laghdú 26.8 Mt CO2 eq a bhaint amach trí ghníomhartha LULUCF thar an tréimhse 2021 go 2030, lena n-áirítear maolú carnach 4.4 Mt CO2 eq a baineadh amach trí 40,000ha de dhéine bainistíochta laghdaithe féarthailte a bhaint amach ar ithreacha orgánacha draenáilte.
Athfhliuchadh EIP ar Thionscadal Píolótach Talamh Portaigh Feirme
Fógraíodh glao ar thionscadal nua Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach (EIP) faoi stiúir áitiúil ar bhainistíocht laghdaithe tailte portaigh feirme i mí Lúnasa 2020. Cuirfidh an tionscadal seo ceachtanna ar fáil chun na gníomhartha agus bearta a mhéadú i gclár agra-chomhshaoil níos mó faoi Phlean Straitéiseach CAP na hÉireann. Iarrann an glao, ag baint úsáide as próiseas ón mbun aníos, ar ghrúpaí tionscadail a chur ar aghaidh ag imlíniú gníomhaíochtaí nithiúla ar thailte portaigh faoi bhainistíocht talmhaíochta:
· An stoc carbóin a chosaint agus forghabháil a bhaineann le tailte portaigh draenáilte a athbhunú faoi bhainistíocht talmhaíochta.
· Comhshochair eile seirbhíse éiceachórais a uasmhéadú amhail cosaint na bithéagsúlachta, cáilíocht uisce agus rialáil uisce.
· Athléimneacht a thógáil maidir le tionchair an athraithe aeráide ar leibhéal dobharcheantair / tírdhreacha.
D’éirigh go maith le dhá ghrúpa - Nature Based Agri Solutions Limited agus Green Restoration Ireland - ina n-iarratais.
Réadlann Náisiúnta Carbóin Ithreach Talmhaíochta
Cuimseoidh an Réadlann Náisiúnta Carbóin Ithreach Talmhaíochta a fógraíodh i mí na Samhna 2020 suas le 10 “Túir Flux” ar chórais talmhaíochta thar raon cineálacha ithreach, ag cur luach le tionscadail atá ann cheana lena n-áirítear na feirmeacha Teagasc SignPost atá cómhaoinithe ag an tionscal agus an Clár Dobharcheantar Talmhaíochta.
Cuirfidh an “Réadlann Náisiúnta Carbóin Ithreach Talmhaíochta” mar thoradh air seo Éire ar thús cadhnaíochta i dtaighde um leithlisiú carbóin an AE agus cuirfidh sé ar chumas na hÉireann:
· Astaíochtaí agus doirteal carbóin ithreach ó / ar thalamh talmhaíochta a chainníochtú agus a shamhaltú níos fearr.
· Bearta maolaithe a chumasú chun forghabháil carbóin a mhéadú a bheidh san áireamh san fhardal náisiúnta,
Páirt a ghlacadh i líonra ICOS an AE (Córas Comhtháite Breathnóireachta Carbóin)
· A chur ar chumas na hÉireann leas a bhaint as Rialachán Comhroinnte Iarrachtaí an AE 2018.
CRÍOCH