Fógraíonn na hAirí McConalogue & Hackett go bhfuil an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh oscailte
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Charlie McConalogue agus an tAire Stáit Pippa Hackett inniu go bhfuil an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh, an ceathrú scéim le hoscailt faoin Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (SNTS 3) oscailte d’iarratais. Soláthróidh an scéim cúnamh deontais faoi SNTS ag an ráta níos airde de 60% d’fheirmeoirí orgánacha le haghaidh infheistíochtaí caipitil agus trealamh chun a bhfiontar orgánach a fhorbairt. Comhlánaíonn sé an méadú faoi chúig ar bhuiséad na scéime Orgánach go €256m thar na cúig bliana amach romhainn.
Dúirt an tAire Hackett,
“Cabhróidh seoladh na Scéime Infheistíochta Caipitil Orgánaigh le feirmeoirí orgánacha an infheistíocht riachtanach a dhéanamh chun a gcuid feirmeacha a fheabhsú go caighdeáin orgánacha agus chun a gcuid feirmeacha a fhorbairt tuilleadh. Comhlánaíonn sé an t-ardú suntasach ar rátaí deontais faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaigh inar tháinig méadú faoi dhó ar líon na bhfeirmeoirí orgánacha in Éirinn le 12 mhí anuas. Léiríonn an ráta deontais 60% níos airde an tábhacht a bhaineann le forbairt ár n-earnáil orgánach. Tá sprioc uaillmhianach socraithe againn dúinn féin maidir le 10% den talamh a shaothraítear go horgánach a bhaint amach faoi 2030 agus tá dul chun cinn iontach déanta go dtí seo. Dreasacht bhreise a bheidh sna tacaíochtaí seo d’fheirmeoirí ar spéis leo feirmeoireacht go horgánach.
Dúirt an tAire McConalogue freisin
“Tá lúcháir orm gur osclaíodh an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh le haghaidh iarratas. Tá ról tábhachtach ag an scéim seo i bhforbairt na hearnála feirmeoireachta orgánaí. Cuirfidh an ráta cúnamh deontais 60% atá ar fáil do rannpháirtithe na scéime feirmeoireachta orgánaí ar chumas feirmeoirí orgánacha infheistíocht a dhéanamh ina gcuid feirmeacha agus cabhróidh sé le méadú a dhéanamh ar an limistéar talún a ndéantar feirmeoireacht inbhuanaithe air”.
Is é cuspóir na Scéime Infheistíochta Caipitil Orgánaigh ná forbairt na hearnála orgánaí a éascú chun soláthar comhsheasmhach de tháirgí orgánacha ardchaighdeáin don mhargadh a chinntiú agus déanfaidh sé go sonrach;
.* Glacadh agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua a éascú.
Iomaíochas a fheabhsú agus rannchuidiú le feabhas a chur ar ioncam talmhaíochta.
Leanann fógra an tráinse Orgánach de SNTS ar sheoladh rathúil na Solar Capital Investment Scheme (SCIS) aonair le huasteorainn imfhálaithe de €90,000an S Animal Welfare and Nutrient Storage Scheme and the Pig and Poultry Investment Scheme. . Tá na scéimeanna eile á gcur i bhfeidhm go céimneach agus beidh siad ar fad ar fáil le cur i bhfeidhm roimh dheireadh Thránse 1 de na SNTS i lár mhí an Mheithimh.
Soláthraíonn an scéim SNTS maoiniú le haghaidh infheistíochtaí caipitil ar fheirmeacha agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh 5 bliana le buiséad de €370m.
Osclaíodh Tráinse 1 den scéim Dé Céadaoin 22 Feabhra.
Osclaíonn an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh ar 19 Aibreán 2023.
Osclófar na 6 scéim SNTS eile de réir a chéile le linn Tráinse 1 agus táthar ag súil go ndúnfar é ar 16 Meitheamh.