Fógra tugtha ag an Roinn go gcuirfear deireadh leis an riachtanas dlíthiúil maidir le sainbhearta bithshlándála
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gur cuireadh deireadh leis an gceanglas dlíthiúil do shainbhearta bithshlándála chun leathadh fliú éanúil (fliú na n-éan) a mhaolú ar an 1 Meitheamh 2023.
Baineann na bearta atá á mbaint amach anois le ceanglais bhithshlándála infhorghníomhaithe ar leith a tugadh isteach ar an 19 Meán Fómhair 2022 (I.R. Uimh. 462 de 2022).
Tá an cinneadh maidir leis na bearta seo a bhaint bunaithe ar tháscairí maidir le riosca laghdaithe fliú éanúil - lena n-áirítear an fhíric nár deimhníodh aon chás den ghalar seo in éin fhiáine in Éirinn ar feadh tréimhse níos mó ná 6 seachtaine, líon na n-éan uisce imirceach atá ag laghdú agus teochtaí comhshaoil agus uaireanta sholas an lae ag méadú.
Molann an Roinn, áfach, d’úinéirí tréada a bheith airdeallach fós agus leanúint de na caighdeáin is airde bithshlándála a úsáid mar, d’ainneoin an riosca laghdaithe, tá an fhéidearthacht ann fós go mbeadh an víreas sa timpeallacht nó go bhféadfadh éin fhiáine an víreas a tharchur chuig a dtréad.
Meabhraíonn an Roinn freisin do gach úinéir éanlaithe clóis, lena n-áirítear iad siúd nach gcoimeádann ach 1 nó 2 éan, an dualgas dlíthiúil atá orthu a n-áitreabh a chlárú leis an Roinn. Tá treoir maidir le conas d’éanlaith chlóis a chlárú le fáil anseo.
Is féidir tuilleadh eolais faoin bhfliú éanúil a fháil anseo
Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a sonraí teagmhála ar fáil anseo
Beolíne an fhliú éanúil: Teil: 01 607 2512 nó 01 492 8026 (lasmuigh d'uaireanta oifige)
Aip éan fiáin: https://aviancheck.apps.rhos.agriculture.gov.ie/