Foilsíonn an tAire Stáit Naughton Tuarascáil Bhliantúil Oifig an Chigire Príosún don bhliain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Hildegarde Naughton TD, an tAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt, Tuarascáil Bhliantúil Oifig an Chigire Príosún don bhliain 2020 inniu. Is í seo an 10ú Tuarascáil Bhliantúil ó Oifig an Chigire Príosún.
Sa tuarascáil seo, tugtar forbhreathnú ar phríomhfhorbairtí agus staitisticí ginearálta maidir le hobair na Cigireachta. Ar an iomlán, tugtar faoi deara gur lean an Cigire le gníomhaíochtaí formhaoirseachta príosúin a dhéanamh ar fud na bliana 2020, d’ainneoin na ndúshlán mór a d’eascair as paindéim COVID-19.
Ag labhairt di faoi obair bhunriachtanach an Chigire, rud ar leanadh leis i mbliain dhoiligh, dúirt an tAire:
“Sa bhliain 2020, dhírigh an Cigire ar thionchar COVID-19 i bpríosúin na hÉireann a ghabháil agus a scrúdú agus í ag comhlíonadh a feidhmeanna reachtúla.
“Tá áthas orm a thuairisciú go raibh sí in ann tabhairt faoin obair sin trí chuairteanna gearra a thabhairt agus trí theagmháil agus cumarsáid chomhsheasmhach fhiúntach a dhéanamh leo sin i Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus leis an Ard-Stiúrthóir.
“Le linn na tréimhse sin, rinne Oifig an Chigire Príosún, ag obair di i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad, tuarascáil thábhachtach a fhorbairt ar an tionchar atá ag an gcocúnú ar dhaoine faoi choimeád. Foilsíodh an tuarascáil i mí Iúil 2020.
“Tá an cineál sin formhaoirseachta ríthábhachtach maidir le dínit cúraim agus athshlánú na bpríosúnach agus maidir leis an gcur chuige faoi stiúir ag cearta an duine a ghlactar i leith bhainistiú ár gcórais príosún. Fáiltím go mór roimh obair dhícheallach leantach agus tiomantas leantach a foirne ar fad.”
Leagtar béim sa Tuarascáil Bhliantúil ar an líon ard dea-thorthaí a d’eascair as freagairt Sheirbhís Phríosúin na hÉireann don phaindéim, lenar áiríodh an laghdú sa líon daoine i bpríosún agus na modhanna éagsúla cumarsáide a cuireadh i bhfeidhm. Tá súil ag an gCigire go leanfar as seo amach leis na tionscnaimh shármhaithe agus an obair shármhaith a bhfuil Seirbhís Phríosúin na hÉireann ag tabhairt fúthu.
Tá an Chigireacht den tuairim freisin, áfach, go raibh tionchar díréireach ar phríosúnaigh ag roinnt de na bearta a tugadh isteach, toisc nach raibh aon teagmháil acu, nó nach raibh ach beagán teagmhála acu, le daoine eile le linn na bliana nó toisc gur ciorraíodh an méid ama a chaith siad lasmuigh den chillín nó gur scoireadh den am sin a thabhairt dóibh.
Tá ról reachtúil ag an gCigire Príosún i dtaca le formhaoirseacht ghinearálta a dhéanamh ar Chóras Gearán Príosúnach Sheirbhís Phríosúin na hÉireann. Cé nach bhfuil sé mar fheidhm ag an gCigire gearán ó phríosúnach aonair a imscrúdú nó breith a thabhairt air, féadfaidh sí scrúdú a dhéanamh ar na himthosca a bhaineann le gearán ó phríosúnach nuair is gá déanamh amhlaidh chun a feidhmeanna a chomhlíonadh. Sa Tuarascáil seo ón gCigire, cáintear an Córas Gearán Príosúnach atá i bhfeidhm faoi láthair i Seirbhís Phríosúin na hÉireann. Táthar ag leanúint le hobair ar mhaithe leis na gníomhartha a theastaíonn chun an Córas Gearán nua a thabhairt isteach a chur i gcrích. Cuireadh moill ar an obair sin, de bharr thionchar na paindéime go pointe áirithe.
Tá Seirbhís Phríosúin na hÉireann, an Roinn Dlí agus Cirt agus Oifig na Comhairle Parlaimintí ag obair go dlúth lena chéile chun Ionstraim Reachtúil a thabhairt chun críche lena dtabharfar éifeacht dhlíthiúil don Chóras nua Gearán Príosúnach.
Ag labhairt di faoin ngné sin den tuarascáil, ghlac an tAire leis go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh:
“Chuir an Cigire a hábhair imní in iúl dom maidir leis an moill ar an gcóras gearán príosúnach a athchóiriú. Ba mhaith liomsa freisin go n-athchóireofaí an córas sin. Cé go dtugaim faoi deara go bhfuil obair á cur ar aghaidh i roinnt réimsí, aithním freisin gur cuireadh roinnt moilleanna ar an obair sin.
“Tá sé tábhachtach go gcuirfimid an córas nua i bhfeidhm i gceart, agus tá súil agam gur féidir dul chun cinn a dhéanamh chun an ní a chur ar aghaidh a luaithe is féidir.”
Tá cóip den tuarascáil ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt anseo: Tuarascáil Bhliantúil Oifig an Chigire Príosún 2020
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Bunaíodh an Cigire Príosún faoi alt 30 d’Acht na bPríosún 2007 (“an tAcht”). Ceapann an tAire Dlí agus Cirt an Cigire Príosún chun na feidhmeanna a thugtar di le Cuid 5 den Acht a chomhlíonadh. Is í Patricia Gilheaney Uas. an Cigire reatha, a ceapadh an 7 Bealtaine 2018 ar feadh téarma cúig bliana.
Tá an Cigire Príosún neamhspleách i gcomhlíonadh a feidhmeanna. Is ó acmhainní na Roinne Dlí agus Cirt le haghaidh Oifig an Chigire Príosún a sholáthraítear baill foirne agus saoráidí oifige an Chigire.
Is mar seo a leanas atá ról an Chigire Príosún:
Níl sé mar fheidhm ag an gCigire gearán ó phríosúnach aonair a imscrúdú nó breith a thabhairt air, ach féadfaidh sí scrúdú a dhéanamh ar na himthosca a bhaineann le gearán ó phríosúnach nuair is gá déanamh amhlaidh chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.