Foirm HPL1 Próiseas Sealadach
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba chóir d’iarratasóirí ar Thithíocht Sóisialta agus ar Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann, a thabhairt faoi deara go bhfuil socrú sealadach eile i bhfeidhm de bharr na héigeandála Covid-19. Ní gá anois foirm HPL1, comhlánaithe go fisiciúil, a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim, pé acu go pearsanta, leis an bpost, nó ar líne ó na Coimisinéirí Ioncaim ag ROS/MyAccount.
Ina ionad sin, is féidir leis an iarratasóir iarraidh ar an údarás áitiúil tabhairt faoi phróiseas leictreonach chun an fhaisnéis a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir do dhaoine ar mian leo an rogha seo a úsáid, dul i dteagmháil lena n-údarás áitiúil agus iarratas a dhéanamh go bhfaighfear an t-eolas HPL1 ábhartha ón údarás áitiúil ar a son.