fothoghchan-cuan-bhaile-atha-cliath-theas
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis an tairiscint a dhéanamh maidir le heascairí a chur amach, tá ordú déanta ag an Uas. Darragh Ó Briain, Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidreachta inniu (16 Meitheamh 2021) chun Déardaoin 8 Iúil 2021, a cheapadh mar lá vótaíochta d’fhothoghchán Cuan Bhaile Átha Cliath Theas. Beidh an vótaíocht ar siúl idir 7.00 a.m. agus 10.30 p.m.
Chun seasamh mar iarrthóir i dtoghchán do Dháil Éireann, ní mór do dhuine a bheith ina shaoránach/saoránach d’Éirinn agus ní mór dó/di a bheith 21 bhliain d’aois ar a laghad faoi lá na vótaíochta. Féadfaidh duine é féin/í féin a ainmniú mar iarrthóir nó féadfaidh duine atá cláraithe mar thoghthóir sa dáilcheantar lena mbaineann duine eile a ainmniú ach toiliú a fháil ón duine eile sin. Ní mór d’iarrthóirí nach bhfuil deimhniú cleamhnachta polaitíochta (daingniú á rá gur iarrthóir de chuid páirtí polaitíochta atá cláraithe i gclár na bpáirtithe polaitíochta é/í an duine lena mbaineann) acu a n-ainmniúchán a chur i gcrích trí cheachtar de na roghanna seo a leanas a úsáid: (i) ar mhodh aontuithe ó 30 aontaitheoir atá cláraithe sa dáilcheantar lena mbaineann, agus ní mór do na haontaitheoirí dearbhú reachtúil a chomhlánú ina leith sin, nó (ii) ar mhodh éarlais €500 atá le taisceadh leis an gceann comhairimh ag an iarrthóir nó ag duine éigin thar ceann an iarrthóra. Is é an tráth deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 meán lae ar an Déardaoin 24 Meitheamh 2021. Féadfaidh iarrthóirí a n-ainmniúcháin a tharraingt siar suas go 12 meán Dé hAoine 25 Meitheamh 2021.
Féadfaidh gach saoránach Éireannach agus gach saoránach Briotanach a bhfuil a n-ainmneacha ar chlár na dtoghthóirí sa dáilcheantar Cuan Bhaile Átha Cliath Theas vóta a chaitheamh san fothoghchán. 72,302 toghthóir atá sa líon toghthóirí.
Chun iarratas a dhéanamh ainm a áireamh ar an bhforlíonadh a ghabhann leis an gclár, is féidir le duine clárú ar líne ar www.voter.ie nó an fhoirm iarratais chuí (RFA2), atá le fáil le híoslódáil ó www.checktheregister.ie nó atá le fáil ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a chomhlánú. Ní mór foirmeacha iarratais a bheith faighte ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tráth nach déanaí ná Dé Luain, an 21 Meitheamh 2021. Maidir leosan ar mian leo iad a áireamh ar an bhforlíonadh a ghabhann le liosta na bpostvótálaithe agus le liosta na vótálaithe speisialta, tá na foirmeacha iarratais cuí (PVS1 nó SVS1) le fáil le híoslódáil ó www.checktheregister.ie . Ní mór na foirmeacha iarratais sin a bheith faighte ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tráth nach déanaí ná Dé hAoine, an 18 Meitheamh 2021.
Tá fáilte curtha ag an Aire O’Brien roimh na socruithe atá á gcur i bhfeidhm ag an gceann comhairimh chun a chinntiú go reáchtálfar an corrthoghchán de réir chomhairle sláinte poiblí Covid-19. Is iad seo a leanas na príomhbhearta a bheidh i bhfeidhm: cuirfear díghalráin ar fáil ag gach stáisiún vótála; iarrfar ar vótálaithe masc a chaitheamh agus cloígh le scaradh sóisialta fad a bhíonn siad sa stáisiún vótála; déanfar an stáisiún vótála a dhíghalrú go tráthrialta; agus cuirfear sciath pheirspéacs in airde ag deasc gach oifigeach ceannais. Iarrfar ar vótálaithe a bpeann nó a bpeann luaidhe féin a thabhairt leo chun an páipéar ballóide a mharcáil, ach beidh pinn luaidhe ar fáil ag an stáisiún vótála sa chás go dteastaíonn ceann ó vótálaí. Ina theannta sin, tá an tAire O'Brien ag cur síneadh chomh fada agus is féidir leis na huaireanta vótála chun a thuilleadh cuidiú a thabhairt maidir le socruithe Covid-19 sna stáisiúin vótála. Beidh na stáisiúin vótála oscailte, mar sin, ón 7a.m. go dtí 10.30p.m. ar lá na vótála.
Beidh sonraí iomlána na mbeart a bheidh i bhfeidhm ar fáil ar www.dublincityreturningofficer.com