Iarrann OPW: 'Ná Beathaigh Na Fianna i bPáirc an Fhionnuisce um Nollaig'
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léiríonn taighde le déanaí go bhfuil tionchar forleathan ag COVID-19. Ina measc san, is léir go bhfuil strus míchuí ar na fianna fiáine i bPáirc an Fhionnuisce de dheasca líon na gcuairteoirí chun na Páirce atá ag dul i méid i gcónaí.
Is measa fós an droch-thionchar seo mar gheall ar dhaoine atá ag dul i gcóngar na bhfianna chun féiníní a ghlacadh nó chun iad a bheathú.
Deir Paul McDonnell, Maoirseoir na Páirce:
Tuigimid gur mian le daoine, idir óg is aosta, dul i gcóngar na bhfianna fiáine. Is ainmhithe fiáine álainn iad agus toisc go bhfuil an fiadhúlra ag dul i laige thart timpeall orainn is geal linn druidim leis nuair a fheicimid é. Is mó leabhar agus scannán atá déanta faoi na fianna agus braithimid nasc faoi leith leo. Ach is minic a léirítear fianna mar ainmhithe ceansaithe agus ní mar sin atá an scéal. Ceapann daoine gur maith an rud é cairéid nó arán a thabhairt dóibh, ach déanann sé sin dochar suntasach fadtéarmach dóibh. Tá baol suntasach gortaithe ó na fianna fiáine freisin, go háirithe do dhaoine óga toisc méid agus iompraíocht mhearbhlach na bhfianna.”
Dúirt Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí
Ar fud an domhain éiríonn baol suntasach do dhaoine agus d’ainmhithe as idirghníomhú daoine leis an bhfiadhúlra. Is mian le daoine in Éirinn freisin gníomhú díreach leis an nádúr; mar sin tá sé fíor-riachtanach dúinn a chur ina luí ar an bpobal, más mian linn cosaint agus cúram a dhéanamh ar na fianna buí fiáine atá ina gcónaí sa Pháirc le 350 bliain anuas, nach foláir dúinn malairt iompraíochta a chleachtadh.
Is iad seo a leanas cuid de na droch-thionchair ar na fianna de dheasca mhéadaithe ar idirghníomhaíocht daonna:
Agus an Nollaig ag druidim linn, tuigimid go mbaineann suntas ar leith le fianna; táimid ag iarraidh ar chuairteoirí fanacht siar ó na fianna, 50m nó níos mó, agus gan bhaint leo ar bhealach a chruthaíonn priacal do na fianna nó do chuairteoirí. Go háirithe, ní ceart na fianna a bheathú ná féiníní a ghlacadh.
Mar mhalairt ar na fianna a bheathú, tá boscaí poist curtha ar fáil ar fud na Páirce inar féidir le leanaí litreacha chuig Rudolf a chur sa phost. Tá na boscaí seo suite ins na Carrchlóis ag Crois an Phápa, Ionad na gCuairteoirí agus na Páirceanna Camógaíochta (Ascaill Chesterfield). Iarraimid ar theaghlaigh le leanaí óga úsáid a bhaint as na boscaí poist seo chun a gcúram maidir le leas na bhfianna fiáine a thaispeáint um Nollaig na bliana seo.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan Cumarsáide OPW ag pressoffice@opw.ie ar 087 147 0617
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland