Ionad ilfhreastail seolta ag an Aire Harris do dhaoine atá ag iarraidh dul faoi athoiliúint nó breisoiliúint a dhéanamh
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris TD tairseach ar líne inniu do dhaoine atá ag iarraidh breisoiliúint a dhéanamh nó atá ag iarraidh dul faoi athoiliúint.
Is í an tairseach ar líne seo - gov.ie/therightcourse – ionad ilfhreastail do ghnólachtaí, fostaithe nó daoine dífhostaithe agus leagtar amach ar an tairseach na roghanna tríú-leibhéil atá ar fáil dóibh.
D’fhéadfaí é seo gearrchúrsa páirtaimseartha, cúrsa do dhuine ar leith i bhfostaíocht/ atá ag obair nó rogha chun filleadh ar ais chuig tríú-leibhéal.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Harris:
"Tá go leor roghanna ar fáil do dhaoine ach tá an córas casta agus d’fhéadfadh sé ualach róthroma chur ar daoine áirithe.
"Ofrálann an tairseach ar líne pictiúr soiléir do dhaoine faoi céard atá ar fáil, conas is féidir leo teacht air agus na tacaíochtaí ar fáil do dhaoine freisin.
"Is tír bheag í Éire. Níl d’acmhainn againn gan tairbhe a bhaint as an tallann sa tír agus ní féidir linn aon duine a fhágáil faoi ghlas taobh amuigh den t-sochaí mar gheall ar easpa scileanna.
"Tá an phaindéim COVID-19 tar éis iallach a chur orainn aghaidh a thabhairt ar an gcuid mhór de ghanntanas scileanna atá againn. Caithfimid a chinntiú go bhfuil fáil ag ár ndaoine ar na scileanna a dteastaíonn uathu go n-éireodh leo sa saol; agus go bhfuil daoine a bhfuil na scileanna cuí acu ann do ghnólachtaí in Éirinn chun fás. Tá sé sin ríthábhachtach chun ár dtéarnamh a chosaint agus chun a chinntiú go mbeidh muintir na hÉireann a bheith páirteach sa téarnamh sin."
Leagann amach an t-ionad ilfhreastail seo na háiteanna breisoideachais agus oiliúna agus na cúrsaí ardoideachais atá ar fáil, agus eolas dóibh siúd atá ar liúntas leas sóisialta.
Spreagtar úinéirí gnólachtaí breathnú ar an réimse roghanna breisoiliúna atá ar fáil ó Skillnet Ireland freisin ina n-airítear tacaíochtaí fiontarthiomáinte, deiseanna breisoiliúna spriocdhírithe d’fhostaithe i ngnólachtaí, cláir oiliúna ar líne atá saor in aisce agus socrúcháin oibre fhíorúla.
Dúirt an tAire Harris freisin:
"Má tá tú dífhostaithe go sealadach de bharr COVID-19, d’fhéadfadh gurb é an t-am anois gearrchúrsa a dhéanamh. Is féidir leat d’iocaíochtaí leas sóisialta fós a fháil agus tú ag tabhairt faoin gcúrsa.
"Nó má tá tú ag obair ach ba mhaith leat do thacar sainscileanna a fheabhsú, tá roghanna ar fáil duit freisin.
"Beidh an tairseach seo mar uirlis luachmhar chun cabhrú le gach aon duine an rogha breisoiliúna is oiriúnaí dóibh féin agus dá bhfoirne a aimsiú. Beidh sé mar áis iontach chun éagsúlacht na dtacaíochtaí breisoiliúna atá ar fáil a léiriú ó chláir creidiúnaithe fhoirmiúla, printíseachtaí go foghlaim obairbhunaithe ó na gníomhaireachtaí ar fad.
"Ní bhíonn sé riamh rómhall le foghlaim rud éigin nua agus is é an t-am anois foirfe chun tosú."
Dúirt an tAire Stáit do Scileanna agus Breisoideachas Niall Collins TD:
"Tá an oiread sin á thairiscint againn ach d’fhéadfadh an córas a bheith deacair a nascleanúint.
"Leagann amach an suíomh gréasáin seo do roghanna ar fad – printíseacht, cúrsa oiliúna, gearrchúrsa, céim, Máistreacht. Agus cuireann sé tacaíochtaí do ghnólachtaí ar fáil fosta.
"Mar sin, le do thoil logáil isteach ar gov.ie/therightcourse."
Logáil isteach ar gov.ie/therightcourse le haghaidh tuilleadh sonraí.
CRÍOCH