Leagann an tAire Hackett béim ar an éileamh méadaithe ar shiúlóidí i bhfeirme orgánacha taispeána
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Seanadóir Pippa Hackett, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tar éis feirmeoirí a spreagadh chun dul i ngleic le tsraith leanúnach na siúlóidí i bhfeirme orgánacha taispeána agus cuairt a thabhairt ar shiúlóid i bhfeirm orgánach más féidir leo. Arna maoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus arna eagrú ag Teagasc, taispeánann na siúlóidí seo oibreoirí rathúla orgánacha i raon fairsing na bhfhiontar orgánach.
Beidh na siúlóidí ar siúl im earnálacha na mairteola, an ghránaigh, na gairneoireachta, na gcaorach agus na n-éanlaithe clóis agus leagfaidh siad béim freisin ar dheiseanna na díola díreacha. Is imeachtaí comhroinnt an eolais iad do na feirmeoirí siúd atá ag smaoineamh ar an tiontú go dtí an feirmeoireacht orgánach.
Dúirt an tAire Hackett:
“Bhí trí shiúlóid ar a raibh fhreastail an-mhaith orthu go dtí seo i mbliana, agus tá naoi gcinn eile beartaithe againn idir anois agus lár mhí Iúil. Tháinig freagra an-dearfach as babhta na n-iarratas is déanaí ar Scéim na Feirmeoireacht Orgánacha, agus osclófar an Scéim arís i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo. Tá fuinneamh na haoise ag tiomáint an fheirmeoireacht orgánach agus tá se ag dul i méid. Creideann an-chuid dár n-iontrálaithe is déanaí i Scéim na Feirmeoireachta Orgánacha go raibh tionchar mór ag siúlóidí na bhfeirme orgánacha ar fhreastail siad orthu ar an gcinneadh tiontaithe a bhi acu. Mholfainn go tréan d’aon fheirmeoir atá ag smaoineamh ar an aistriú go dtí an fheirmeoireacht orgánach go freastalóidh siad ar shiúlóid ar fheirm orgánach le linn an tsamhraidh seo. Tá comhairle luachmhar le fáil ó fheirmeoirí orgánacha as an taithí atá bailithe acu, agus tá sé ar fáil go réidh ag na siúlóidí feirme seo.
Thug an tAire breac-chuntas ar an ngealltanas sa Chlár Rialtais reatha chun achar talún orgánach na hÉireann a ailíniú leis an meánmhéid reatha thart ar 7.5 % an AE thar shaolré an Rialtais seo. Tacóidh an méadú faoi chúig ar an maoiniú suas go dtí€256m sa chéad CBT eile lena leithéid méadú an achair.
Mar a dúirt an tAire:
“Tá pacáiste láidir na mbeart curtha ag mo Roinnse chun tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí orgánacha. I measc na mbeart i ndréachtphlean straitéiseach an CBT, tá íocaíochtaí méadaithe tacaíochta a mbaineann le scéim na feirmeoireachta orgánaí, rochtain tosaíochta ar an scéim nua agra-chomhshaoil, agus méadú ar ráta deontais na Scéimeanna Nuachóiriú Talmhaíocht Spriocdhrithe (SNTS/TAMS) d’fheirmeoirí orgánacha, an iomlán acu a neartófar leis an tacaíocht mhéadaithe don chomhairle atá le fáil ó Teagasc agus ó Comhlachas na gComhairleoirí Talmhaíochta. Chomh maith leis na tacaíochtaí airgeadais agus comhairleacha seo, bhunaigh mé le déanaí fóram na ngeallsealbhóirí orgánacha d'fhonn an earnáil a bhailiú le chéile chun a chinntiú go bhfuil margadh bríomhar againn dár dtáirgeadh orgánach méadaithe, ionas go mbeidh an fheirmeoireacht orgánach ina rogha inmharthana do theaghlaigh feirme.”
D’aithin an tAire Hackett an méid oibre atá déanta ag Teagasc agus chuir sé rath an chláir um fheirm taispeántais orgánacha i leith
“an t-eolas agus an saineolas a thugann Teagasc chuig na siúlóidí seo”. Ghabh an tAire buíochas leis na feirmeacha taispeána go léir “as a bhflaithiúlacht agus as a gcuid fáilte maidir lena gcuid saineolais a gcuid taithí a roinnt le feirmeoirí eile” agus, mar fhocal scoir, dúirt sí:
“San am seo ina bhuil costais an ionchuir ag ardú, ba mhaith liom gach feirmeoir a ghríosú go mbreathnóidh sé ar an mbunlíne a baineann lena fheirm féin, na buntáistí iomadúla a mbaineann leis an bhfeirmeoireacht orgánach a suimiú le cheile, agus smaoinigh ar pháirt a ghlacadh i líon méadaithe na bhfeirmeoirí atá a leithéid tiontaithe á dhéanamh acu.”
Dé Céadaoin, an 11 Bealtaine ag 12in
Gránaigh agus Muilleoireacht an Phlúir
Ar fheirm Andrew agus Leonie Workman, Dunany Flour Organic, Droichead Átha, Co. Lú. Events - Organic Farm Walk - Andrew & Leonie Workman - Teagasc | Agriculture and Food Development Authority
Dé Céadaoin, an 1 Meitheamh ag 2in
An Diúileoir go dtí an Scoitheoir agus na Caoirigh
Ar fheirm John Hurley, Teach Chnoc an Chaisleáin, Cnoc an Locha, Baile an Tobair, An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin.Events - Organic Farm Walk - John Hurley - Teagasc | Agriculture and Food Development Authority
Dé Céadaoin, an 8 Meitheamh ag 2in
Na Caoirigh, Gránaigh, Críochnú na Mairteola
Ar fheirm Fergal Byrne, Baile an Chalmhaigh Beag, Dún Luáin, Co. Chill Dara. Events - Organic Farm Walk - Fergal Byrne - Teagasc | Agriculture and Food Development Authority
Dé Céadaoin, an 1 Meitheamh ag 2in
An Diúileoir go dtí an Mhairteoil agus Gránaigh
Ar fheirm Donal agus Frederique Keane, Graí Camelton, Cnoc an Línsigh, Co. na Mí: Donal & Frederique Keane - Teagasc | Agriculture and Food Development Authority
Dé Céadaoin, an 22 Meitheamh ag 2in
An Mhairteoil agus an Díól Dhíreach
Ar fheirm Clive Bright, Ard Salach, Baile an Mhóta, Co. Shligigh.Clive Bright - Teagasc | Agriculture and Food Development Authority
Dé Céadaoin, an 6 Iúil ag 2in
Gránaigh
Ar fheirm Gavin Tully, Cluain Heanraid, Cam Eolaing, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman. Gavin Tully - Teagasc | Agriculture and Food Development Authority
Dé Céadaoin, an 3 Iúil ag 2in
Gránaigh agus Uibheacha Éanlaigh
Ar fheirm Declan Houlihan, Feirm Orgánach an Charraigín, Ráth Cábáin, Biorra, Co. Uíbh Fhailí.Declan Houlihan - Teagasc | Agriculture and Food Development Authority
Dé Máirt, an 19 Iúil ag 2in
Glasraí ar Scála Achaidh, An Bharraíocht Chosanta, Gránaigh, Uibheacha Éanlaithe, An Díol Dhíreach
Ar fheirm Rose O Sullivan agus Martin Fox, Feirm Orgánach Tigín an Earraigh, An Pháirc, Cionn Átha Gad, Co na hIarmhí Rose O Sullivan & Martin Fox - Teagasc | Agriculture and Food Development Authority