Leasaíonn an tAire Sláinte Rialacháin um Thaighde Sláinte ar fhaisnéis phearsanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, leasuithe suntasacha inniu ar na Rialacháin um Thaighde Sláinte 2018. Soláthraíonn na Rialacháin sin an creat dlíthiúil a rialaíonn bailiú, úsáid agus comhroinnt faisnéis phearsanta duine aonair chun críocha taighde sláinte.
Déileálann na leasuithe leis na príomhréimsí seo a leanas: réamh-scagthástáil chun oiriúnacht nó incháilitheacht a bhunú le haghaidh taighde sláinte; athbhreithnithe iarghabhálacha cairte riosca íseal a dhéanamh; toiliú iarchurtha i gcásanna eisceachtúla míochaine agus rialacha nua maidir le toiiú i gcoitinne.
Dúirt an tAire:
"I ndeireadh na dála, tá rath an taighde sláinte in Éirinn mar atá i ngach aon tír ag brath ar thacaíocht an phobail do thaighde. Braitheann aon duine a úsáideann ár seirbhísí sláinte mar is ceart go bhfuil meas agus cosaint ar a cuid faisnéis leighis. Sin é an fáth gurb é cuspóir na leasuithe taighde sláinte a éascú agus muinín an phobail i dtaighde den sórt sin a fheabhsú ag an am céanna trí chearta daoine aonair a chosaint maidir le húsáid a gcuid faisnéis sláinte phearsanta."
Dúirt an tAire chomh maith:
"Ní raibh luach taighde sláinte riamh níos soiléire ná mar atá anois sa rás chun vacsaín éifeachtach a fháil do COVID-19. Ciallaíonn an taighde sin gur féidir linn go léir a bheith ag tnúth go réalaíoch le todhchaí níos sábháilte agus níos fearr. Is féidir le hÉirinn a bheith bródúil as an gcion a rinne taighdeoirí sa tír seo sa troid i gcoinne na paindéime.
"Is cinnte go dtosaíonn núalaíochtaí i gcúram agus i gcóireáil sáinte mar smaointe nach mór a thriail agus a thástáil trí thaighde dian. Tá an Rialtas tiomanta dá chuid féin tacú le taighde sláinte trí mhaoiniú agus creataí taighde agus rialála feabhsaithe a fhorbairt. Tá sé seo ar fad deartha chun tacú le taighde sláinte baile agus chun Éire a dhéanamh mar áit níos tarraingtí do thaighde sláinte idirnáisiúnta. Is cuid thábhachtach den phróiseas sin na leasuithe seo."
Chuir an Roinn i gcomhar le FSS, An Bord Taighde Sláinte agus An Coiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte agus i gcomhar leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí treoir mhionsonraithe ar fáil maidir leis na leasuithe atá ar fáil ar láithreán gréasáin na roinne: www.gov.ie/ga/foilsiuchan/b46c2-amendments-to-health-research-regulations/
D’fhógair an tAire chomh maith go gceapfaí ceithrear ball nua chuig An Coiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte. Is iad sin:
CRÍOCH
1. Is léachtóir í an Dochtúir Mary Tumelty i Scoil an Dlí, COC. Tá LLB agus PhD (OL) aici, agus i measc a cuid spéiseanna taighde tá dlí leighis, sábháilteacht othar, agus réiteach malartach díospóide. Tá teist láidir ag Mary i dtaighde idirdhisciplíneach agus eimpíreach. Tá a cuid taighde curtha i láthair agus foilsithe aici go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá a cuid oibre maoinithe freisin ag Comhairle Taighde na hÉireann agus An Fóram Náisiúnta um Fheabhsú Teagaisc agus Foghlama san Ardoideachas. I 2019, ceapadh Mary ar Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU).
2. Bhain an Dochtúir Barry Lyons céim amach sa leigheas ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath in 1989, tá BA aige sa fealsúnacht agus sa stair (DCU, 2007), agus PhD i mBitheitic agus Dlíeolaíocht Leighis (Ollscoil Mhanchain, 2011). Cleachtann Barry mar chomhairleach sa Roinn Ainéistéise agus Leigheas Cúraim Chriticiúil ag Sláinte Leanaí Éireann, Cromghlinn, áit a bhfuil sé ina Cheannaire Cliniciúil i Sábhailteacht Othar agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Eitic Taighde. Tá sé ina Stiúrthóir ar Shábháilteacht Othar ag Coláiste Ainéistéiseolaithe na hÉireann. Tá sé ina bhall freisin de Ghrúpa Comhairleach um Bheartas Toilithe Náisiúnta FSS, agus de Ghrúpa Oibre Athchóirithe Choiste Eitice Taighde FSS.
3. Tá breis agus 30 bliain de thaithí ag an Dochtúir Cornelius (Con) Cooney i réimse na hainéistéise, dianchúram leighis, le fócas ollmhór i gcúram obráide agus imobráide d’othair. D’oibrigh sé ag Ospidéal Ollscoile Thamhlachta go dtí 2012, áit a raibh sé ina cheann Roinne ar feadh dhá bhliain. Tar éis an ama seo, lean sé le cúram othar in Ospidéal Ginearálta Chlaonadh, An tIonad Leighis Eirmeatáiste, Clinic na Carraige Duibhe, an tOspidéal Beacon agus Ospidéal Naomh Pádraig. Le linn a chuid ama sna Stáit Aontaithe, rinne Con léachtóireacht ag Ollscoil Harvard agus d’oibrigh sé in Ospidéal Shriners do Leanaí agus ag an Ospidéal Brigham agus Mná i mBostún.
4. Is é An tUasal John Woods an tOifigeach Cosanta Sonraí ag Seirbhísí Sláinte Meabrach Naomh Pádraig. Bhí gairm bheatha fhairsing ag John i gcórais faisnéise agus i gcosaint sonraí. Tá céim aige i nGnó le Bainistíocht Córais Faisnéise ón Institiúid Riaracháin Phoiblí agus MSc i mBainistíocht Teicneolaíochta Faisnéise ó Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht. Suíonn John freisin ar an gCoiste Eitice Taighde Sláinte agus tá sé ina bhall de Choiste Ospidéil an Chreata Rialachais Faisnéise.