Maoiniú €197,500 fógartha ag an Aire Creed do Thionscadail Turasóireachta Agraibhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh glao ar thograí do Thionscnaimh Turasóireachta Agraibhia a dhéanamh i mí Eanáir faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2020, tá na tionscadail a gheobhaidh maoiniú ón Roinn fógartha ag Michael Creed TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Dúirt an tAire Creed:
"Ag am mar seo, am nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, tá mé sásta tacú leis na tionscnaimh seo in earnáil na turasóireachta agraibhia agus cur leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Leagtar béim i Food Wise 2025 ar an ngaol nádúrtha atá idir agraibhia agus turasóireacht áitiúil. Creidim go bhfuil an turasóireacht agraibhia ríthábhachtach do cheantair thuaithe chun na daoine, an taobh tíre, an stair agus an cultúr a chur i láthair trí na táirgí talmhaíochta, bia agus dí agus bia áitiúil atá le fáil iontu. Ina theannta sin, cuirtear deiseanna ar fáil do ghnóthaí faoin tuath, lena n-áirítear feirmeoirí, táirgeoirí agus ceardaithe chun a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, nascadh leis an bpobal agus le cuairteoirí agus feabhas a chur ar scileanna agus ar an dea-chleachtas."
CRÍOCH
Tá maoiniú €197,500 á chur ar fáil do na tionscadail seo a leanas: