Meabhrúchán d’iarratasóirí ar Mhaolú Níotráite: Tá an Spriocdháta chun Leasacháin Orgánacha a Aistriú ag Teannadh linn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag meabhrú do gach iarratasóir ar Mhaolú Níotráite gur gá aistrithe aoiligh orgánaigh a sheoladh ar aghaidh ar líne go dtí an RTBM faoin 31 Deireadh Fómhair 2021. Sonraíodh an riachtanas seo i dTéarmaí agus Coinníollacha an iarratais ar Mhaolú Níotráite, ar féidir amharc air ar an láithreán gréasáin anseo: Gov.ie - an Timpeallacht Tuaithe agus Inbhuanaitheacht - Níotráit (www.gov.ie)
Is é an spriocdháta le haistrithe a sheoladh ar aghaidh do gach feirmeoir eile an 31 Nollaig 2021. Is féidir le feirmeoirí teacht ar an gcóras ar líne trí chuairt a thabhairt ar a gcuntas agfood agus na Ráitis Níotráite agus Fosfair a roghnú. Is féidir le feirmeoirí agus comhairleoirí talmhaíochta an córas a úsáid.
Tá físeán gearr taispeána agus lámhleabhar úsáideora ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo: https://www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-records
I measc na mbeart ar féidir leis na feirmeoirí go léir tabhairt fúthu lena sheachaint na teorainneacha níotráite 170 cileagram an heicteár (kg/ha) (nó 250 kg/ha i measc sealbhóirí maolaithe) a shárú, tá an méid seo a leanas:
• Talamh bhreise a fháil ar cíos (Seol Taifead 5 ar aghaidh faoin 31 Nollaig)
• Líonta beostoic a laghdú (Seol Taifead 5 ar aghaidh faoin 31 Nollaig)
• Dóthain sciodair/aoileach feirme a easpórtáil (Seol ar aghaidh é seo ar líne faoin 31 Nollaig nó an 31 Deireadh Fómhair i gcás iarratasóirí ar mhaolú).
Nóta d’Eagarthóirí:
Seoladh an córas ar líne chun aistriú aoiligh orgánaigh a chur i dtaifead an 9 Márta 2021 agus caithfear é a úsáid le haistrithe sciodair a chur i dtaifead ón 1 Meán Fómhair. Faoi na Rialacháin Níotráite, tá oibleagáid ar fheirmeoirí feirmeoireacht a dhéanamh laistigh den teorainn 170 cileagram nítrigine in aghaidh an heicteáir (nó 250 cileagram nítrigine an heicteár (kgs/N/ha) ina measc siúd a bhfuil maolú faofa acu. Ar cheann de na bearta ar féidir le feirmeoirí tabhairt faoi le leibhéil níotráite a laghdú é sciodar a easpórtáil go dtí gabháltas eile. Bhí na haistrithe seo le fógairt roimhe seo don Roinn ar fhoirm pháipéir faoin 31 Nollaig gach bliain, (nó an 31 Deireadh Fómhair i gcás sealbhóirí maolaithe). Bhí siad le seoladh ar aghaidh ar ríomhphost nó sa phost.
Leis an gcóras ar líne a úsáid, caithfidh feirmeoirí a bheith cláraithe le tairseach ar líne na Roinne a úsáid: www.agfood.ie. Déanfaidh an feirmeoir easpórtála an t-aistriú a chur i gcuntas ar an tairseach agus seolfar teachtaireacht téacs chuig an bhfeirmeoir iompórtála a mholann dó/di logáil ar an gcóras ar líne le glacadh leis an aistriú. Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe cheana féin le nuashonruithe a fháil ón RTBM trí Sheirbhís Gearrtheachtaireachtaí a roghnú leis sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le ContactsUpdate@agriculture.gov.ie
Tá físeán taispeána agus lámhleabhar úsáideora d’fheirmeoirí agus gníomhairí ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc anseo: https://www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-records
Tá eolas breise ar na Rialacháin Níotráite, agus ar an Maolú Níotráite ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo: https://www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/
CRÍOCH