Molann an tAire Noonan, Martin agus Chambers iarratais a dhéanamh ar scéim aghaidh siopa Gaeilge Chiste na Struchtúr Stairiúil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé mar aidhm ag an gCiste aghaidheanna siopaí Gaeilge a athchóiriú:
Ag leanúint ó chur i bhfeidhm rathúil snáithe aghaidh siopa Gaeilge Chiste na Struchtúr Stairiúil in 2021, reáchtálfar an tionscnamh arís in 2022. Maoineoidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ciste i gcomhar lena chéile, agus cuirfear ciste €100,000 ar fáil don snáithe chun tacú le caomhnú aghaidheanna siopaí traidisiúnta Gaeilge.
Cé go raibh comharthaí Gaeilge coitianta ar aghaidheanna siopaí timpeall na tíre tráth dá raibh, ní fheictear go minic iad anois. Táthar ag súil go gcuideoidh an maoiniú seo le feiceálacht na Gaeilge a mhéadú agus ár n-oidhreacht thógtha chomhroinnte a chosaint freisin.
Tabharfar deontais aonair idir €15,000 agus €50,000 do thionscadail incháilithe lena n-áirítear oibreacha athchóirithe agus caomhnaithe ar aghaidheanna siopaí agus fuinneoga stairiúla agus comharthaí traidisiúnta Gaeilge. Le cur isteach ar an scéim, caithfidh struchtúir a bheith ar Thaifead na Struchtúr Cosanta an Údaráis Áitiuil Abhartha, nó incháilithe lena bheith ar an Taifead.
Tionscadal amháin den sórt sin ar bronnadh maoiniú air in 2021 ab ea é siopa tobac Thomáis Uí Chléirigh ag 55 Sráid Amiens. Cuireadh €50,000 ar fáil chun an bhun-aghaidh siopa Gaeilge a chaomhnú agus a athchóiriú, lena n-áirítear oibreacha struchtúracha riachtanacha chun é a chosaint agus scríbhneoireacht órnaithe a chur air arís.
Agus é ag labhairt faoi sheoladh an tsnáithe seo den scéim, dúirt an tAire Noonan:
“Tá caomhnú aghaidheanna siopaí stairiúla gar do mo chroí agus tá lúcháir orm go reáchtálfar snáithe tiomnaithe d’aghaidh siopa Gaeilge arís faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil in 2022. Tá súil agam go spreagfaidh an scéim tionscadail a chaomhnaíonn ár n-oidhreacht thógtha agus teanga, ní hamháin i réigiúin na Gaeltachta ach ar fud na tíre.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Is bealach iontach í an scéim seo chun feiceálacht na Gaeilge a mhéadú agus tá lúcháir orm gur féidir le húinéirí leas a bhaint as an scéim seo arís chun struchtúir a bhfuil tábhacht náisiúnta agus chultúrtha leo a chaomhnú agus a chosaint. Tá mo Roinnse ag tnúth le leanúint lenár gcuid oibre leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar an scéim spreagúil seo.”
Dúirt an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, TD:
“Is iontach an rud go leanfar leis an tionscnamh seo chun an Ghaeilge a chaomhnú. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun úinéirí siopaí incháilithe, nó úinéirí áitribh a bhí ina siopaí uair amháin, a spreagadh chun iarratas a dhéanamh agus táim ag tnúth le torthaí na dtionscadal a mhaoinítear faoin snáithe seo a fheiceáil.”
Ba cheart d’úinéirí struchtúir incháilithe iarratas a dhéanamh trína n-údarás áitiúil.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo nó ó Oifigigh Chaomhnaithe Ailtireachta agus Oifigigh Oidhreachta sna húdaráis áitiúla.