Molann McConalogue d'Onnmhaireoirí Agraibhia a bhFócas ar Ullmhúcháin maidir le Rialuithe Allmhairiúcháin na RA a Ghéarú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'áitigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, arís ar oibreoirí gnó bia agus ar onnmhaireoirí agraibhia a bhfócas a threisiú ar ullmhúcháin chun riachtanais nua rialaithe allmhairiúcháin na Ríochta Aontaithe a chomhlíonadh, a thosóidh ag teacht i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022.
Ag labhairt dó ag an 28ú cruinniú de chuid Choiste Comhairleach na bPáirtithe Leasmhara maidir leis an mBreatimeacht, dúirt an tAire:
“Táimid níos lú ná trí mhí ar shiúl anois ó shraith eile athruithe suntasacha ar an timpeallacht trádála iar-Bhreatimeachta leis an RA. Caithfidh onnmhaireoirí bia chuig an mBreatain ullmhú do na hathruithe sin. Ní féidir a bheith réchúiseach más mian le gnólachtaí an cur isteach ar a slabhraí soláthair a íoslaghdú. Ní mór do gach onnmhaireoir bia a chinntiú go bhfuil a gcuid gnóthaí, agus go háirithe na baill foirne ábhartha, go hiomlán ar an eolas faoi na riachtanais nua sa RA agus go bhfuil na pleananna agus na próisis mhionsonraithe i bhfeidhm acu feadh a slabhraí soláthair go dtí an Bhreatain d'fhonn na riachtanais seo a chomhlíonadh. Is amhlaidh atá go háirithe maidir le ceanglais réamhfhógartha agus deimhnithe sláinte."
Leag an tAire béim freisin ar na hábhair imní atá aige maidir le cuid den aiseolas a fuair a Roinn le déanaí ó oiliúint a cuireadh ar fáil do ghnóthaí bia, rud a thugann le fios go bhfuil easpa rannpháirtíochta agus easpa ullmhachta i gcuid de na gnóthaí sin, in ainneoin na tréimhse gearr ama atá fágtha. Dúirt sé:
“Tá mo Roinn ag déanamh cumarsáide ar bhealach cuimsitheach trí fhóraim éagsúla, agus ag baint úsáide as bealaí éagsúla, maidir leis na hathruithe atá le teacht. Cuireadh deiseanna leathana oiliúna ar fáil, scaipeadh eolas ó thrialacha, agus rinneadh dian-theagmháil duine le duine le hoibritheoirí gnó bia aonair. Mar sin féin, léirigh oiliúint a chuir mo Roinn ar fáil le déanaí maidir le húsáid chóras nua TRACES NT nach bhfuil an rannpháirtíocht nó an fheasacht riachtanach ag go leor gnóthaí ag céim dhéanach go leor sa phróiseas ullmhúcháin. Dá bhrí sin, mholfainn do gach duine lena mbaineann, go neamhbhalbh, teagmháil a dhéanamh ar dtús lena bhfoirne maoirseachta tréidliachta sa Roinn áitiúil maidir leis na próisis mhionsonraithe a bheidh riachtanach chun na socruithe oibriúcháin is éifeachtaí a chinntiú, agus gach deis a uasmhéadú chun páirt a ghlacadh san iliomad seisiún oiliúna breise atá á gcur ar fáil ag mo Roinn sa tréimhse amach romhainn."
Dheimhnigh an tAire go mbeidh a Roinn ag cur sraith eile imeachtaí eolais agus oiliúna ar siúl do ghnóthaí bia agus do pháirtithe leasmhara eile i slabhraí soláthair na hÉireann-na Breataine Móire tar éis na Cásca, a chuirfidh leis an dian-rannpháirtíocht leis an earnáil le dhá mhí dhéag anuas maidir le riachtanais nua rialaithe iompórtála Rialtas na Ríochta Aontaithe. Mhol sé do bhaill an Choiste a mbaill, agus na gníomhaithe go léir i slabhraí soláthair na hÉireann-na Ríochta Aontaithe, a spreagadh chun dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí seo.
Fuair an Coiste nuashonrú freisin ón Roinn ar Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta agus ar an bhfaisnéis is déanaí maidir le cur chuige na Ríochta Aontaithe i leith beartas trádála tar éis an Bhreatimeachta.
Is féidir le gnóthaí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le haon saincheisteanna a bhaineann leis an mBreatimeacht lena n-áirítear sonraí faoi fhaisnéis agus imeachtaí atá le teacht trí:
• a sheoladh ríomhphoist tiomnaithe: brexitcall@agricuture.gov.ie , nó:
• ar an teileafón ag (01) 607 2830.
Tá comhairle mhionsonraithe agus acmhainní ar fáil freisin ar láithreán gréasáin Rialtas na hÉireann ag: www.gov.ie/agriculture/brexit
Tá sonraí faoi imeachtaí atá ag teacht aníos de chuid Rialtas na RA lena n-áirítear naisc chlárúcháin leagtha amach anseo:
Réamhfhógra IPAFFS, CHED (ABP) agus Seimineár Cigireachta Coinsíneachta
• 5 Bealtaine: Cláraigh anseo 19 Bealtaine : Cláraigh anseo
• 12 Bealtaine: Cláraigh anseo 26 Bealtaine: Cláraigh anseo
Réamhfhógra IPAFFS, CHED (POAO) agus Foláireamh Cigireachta Coinsíneachta
4 Bealtaine: Cláraigh anseo 16 Bealtaine: Cláraigh anseo
31 Bealtaine: Cláraigh anseo
10 Bealtaine: Cláraigh anseo 23 Bealtaine: Cláraigh anseo 7 Meitheamh: Cláraigh anseo
Feoil agus táirgí feola a allmhairiú ón Aontas isteach sa Bhreatain Mhór an 26 Aibreán 2022
Fotháirgí ainmhithe ón Aontas a allmhairiú isteach sa Bhreatain Mhór an 28 Aibreán 2022
Tá an leagan is déanaí de Shamhail Oibriúcháin Teorann na RA ar fáil ag: www.gov.uk/government/publications/the-border-operating-model