Níl sé mall fós d'Áireamh Caorach agus Gabhar 2020 a chur ar aghaidh - Ach ní féidir sin a dhéanamh ach ar Líne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dé Luain an 1 Feabhra 2021 an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha comhlánaithe d'áireamh 2020 ar an bpost.
Tá síneadh curtha leis an spriocdháta áfach, go dtí an 15 Feabhra 2021 i dtaobh tuairisceáin a fhaightear ar líne amháin. Is furasta eolas don áireamh caorach agus gabhar a chur ar aghaidh ar líne agus is féidir é a dhéanamh trí www.agfood.ie Tugann an córas ar líne deimhniú nuair a chuirtear isteach sonraí áirimh go rathúil. Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh seirbhísí ar líne é sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an rogha chun clárú. De bharr go n-eisítear na sonraí chun logáil isteach ar an bpost, ba chóir d'fheirmeoirí atá ag úsáid an chórais den chéad uair clárú ar an bpointe chun go mbeidh dóthain ama ann chun a gcuid sonraí chun logáil isteach a chur chucu ag an seoladh atá cláraithe acu.
Tá treoir tugtha maidir le sonraí áirimh a sheoladh ar aghaidh ar líne trí agfood.ie ar chúl na foirme áirimh a seoladh chuig coimeádaithe i lár mhí na Nollag 2020. Sa chás go bhfuil ceisteanna breise ag coimeádaithe maidir leis an gcóras ar líne a úsáid, is féidir leo glaoch a chur ar an DAFM ag 0761-064407 chun cuidiú a fháil.
Meabhraítear do choimeádaithe nár mhór dóibh an fhaisnéis áirimh a cuireadh ar ais chuig an Roinn a thaifeadadh ina gcláir ealta chomh maith.
Beidh áireamh 2020 a chur ar aghaidh fós ina rogha i ndiaidh an spriocdháta sínithe chun sonraí daonáirimh a sheoladh ar ais (an 15 Feabhra 2021). Ach, ní mór a thabhairt ar aird go measfar sonraí áirimh 2020 a chuirtear ar aghaidh ar líne i ndiaidh an dáta sin a bheith déanach agus go bhféadfadh impleachtaí a bheith i gceist maidir le hilcháilitheacht do scéimeanna áirithe de chuid an DAFM.
Is cuid lárnach d'admháil a thabhairt go bhfuil na rátaí stocála atá riachtanach á gcomhlíonadh agus an áireamh comhlánaithe a sheoladh ar ais agus trí sin, éascaítear íocaíochtaí faoi scéimeanna ar nós Scéim Leasa na gCaorach, Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí, Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha, AOES, GLAS etc. a tharraingt anuas. D'fhéadfadh sé cur isteach ar íocaíochtaí faoi na scéimeanna seo agus ar íocaíochtaí eile ón Roinn seo amach anseo mura seoltar an t-áireamh ar ais in am.
Nóta d'Eagarthóirí:
Áireamh Bliantúil Caorach agus/nó Gabhar 2020
• Tá oibleagáid dlí ar an gcoimeádaí foirmeacha Áireamh Bliantúil na gCaorach agus/nó Gabhar 2020 a chomhlánú agus a sheoladh ar ais. D'fhéadfadh mainneachtain foirm chomhlánaithe a chur ar ais in am tionchar a bheith aige ar d'incháilitheacht maidir le scéimeanna áirithe DAFM.
• Is faoi choimeádaí na healta/an tréada atá sé a chinntiú go gcuirtear foirmeacha comhlánaithe an áirimh ar ais in am. Maidir le tuairisceán poist, ní ghlacfar ach le fáltas Poist Chláraithe mar chruthúnas ar phostas.
CRÍOCH