Nuashonrú ar sheachadtaí vacsaín COVID-19 - Dé Céadaoin, an 21 Aibreán 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
De réir straitéis chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann, déanfar gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh a thapúla agus is féidir ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de, agus tús áite a thabhairt dóibh siúd is leochailí do COVID-19.
Tá an clár bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na héifeachtachta agus na cothroime, agus é ina chuspóir breoiteacht throm, daoine a thabhairt chun ospidéil agus básanna de bharr ionfhabhtú COVID-19 a laghdú.
Cuireadh fáilte mhór roimh an bhfógairt a rinne an Coimisiún Eorpach an tseachtain seo caite go bhfuil dlús mór á chur faoi sheachadadh vacsaín BioNTech-Pfizer, agus tá na chéad dáileoga le seachadadh go hÉirinn i rith na seachtaine dar tús an 26 Aibreán 2021.
Seo a leanas nuashonrú ar an líon iomlán vacsaíní a seachadadh go hÉirinn, go dtí Dé hAoine, an 16 Aibreán 2021, an lá sin san áireamh.
Tréimhse | Pfizer | Moderna | AstraZeneca | Janssen | Iomlán |
Go dtí deireadh Mhárta 2021 | 737,100 | 109,200 | 340,800 | 1,187,100 | |
Aibreán 2021 | |||||
Seachtain 14 2021 | 135,720 | 135,720 | |||
Seachtain 15 2021 | 136,890 | 14,400 | 14,400* | 165,690 | |
Iomlán | 1,009,710 | 109,200 | 355,200 | 14,400 * | 1,488,510 |
*Déanfaidh an CCIN breithniú go luath ar an bhfógairt a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir le Vacsaín COVID-19 Janssen.
Amhail Dé Luain, an 19 Márta, tugadh 1,219,487 dáileog de vacsaín in Éirinn.
D’iarr Moderna Inc go gcoimeádtar 50% dá vacsaín siar chun an dara dáileog a thabhairt. Ar an gcuma chéanna, tá an méid cuí maolán bailithe agus á choimeád siar do na vacsaíní go léir eile lena chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil don tseachtain seo chugainn. Déantar thart ar 95% de na vacsaíní go léir atá ar fáil a thabhairt faoi láthair laistigh de sheacht lá i ndiaidh dóibh Éire a iontráil.